Tá an Páirtí Daonlathach ar tí tús a chur leis an aiséirí tar éis tubaiste thoghchán na bliana seo caite nuair a chaill Kamala Harris gach uile cheann de na stáit chinniúnacha a shocraíonn buaiteoir an choláiste toghchánaíochta agus Uachtarán na Stát Aontaithe. Tá an páirtí ar seachrán ó shin agus teipthe orthu iad féin a eagrú in aghaidh Donald Trump. Tá deis acu inniu vóta mímhuiníne a lorg ó phobal na Stát Aontaithe in Donald Trump agus a chuid polasaithe.
Is minic le pobal na Stát Aontaithe sonc a thabhairt don Uachtarán reatha i dtoghchán lár téarma. Ní hiad seo na toghcháin lár téarma. Toghcháin speisialta ina dtoghfar méaraí ar chathracha móra sa tír agus gobharnóirí ar stáit chinniúnacha.
Tá fiche a seacht méara le toghadh ach is ar Nua-Eabhrac atá an aird ar fad. Tá Zohran Mamdani, Moslamach a rugadh san Afraic agus a thugann sóisialach air féin i bhfad chun cinn ar Andrew Cuomo, iarmhéara Daonlathach de chuid na cathrach, atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách mar go bhfuair Mamdani an ceann is fearr air sna réamhthoghcháin. Cuireann na focail ‘Moslamach’ agus ‘sóisialach’ faitíos i gcroí phobal na Stát Aontaithe de ghnáth, ach tá ag éirí le Mamdani dul i gcion orthu. Tá tuairimíocht láidir ann, má éiríonn chomh maith leis agus atá á thuar ag na pobalbhreitheanna go mbeidh seans láidir aige ar a bheith san iomaíocht don toghchán uachtaránachta in 2028.
An fear eile atá á lua go láidir leis an ról sin ná gobharnóir Chalifornia Gavin Newsom. Tá a chuid moltaí le hathruithe a dhéanamh ar cheantair thoghchánaíochta i lámha an phobail amárach freisin. Má bhíonn bua aige le Prop 50 agus bua cuimsitheach, beidh seisean á chur féin chun cinn mar cheann feadhna na nDaonlathach.
Is iad an dá thoghchán eile a d’fhéadfadh léargas a thabhairt dúinn ar a bhfuil i ndán do mhórpháirtithe na polaitíochta sna Stáit Aontaithe, na toghcháin do ghobharnóirí Virginia agus New Jersey. Tá na hiarrthóirí Daonlathacha chun cinn le pointe nó dhó agus pearsana mór le rá ar nós Barack Obama ag feachtasaíocht ar a son in iarracht a chinntiú go mbeidh na Daonlathaigh in uachtar.
Ní ghlacann go leor tráchtairí i Meiriceá leis gur reifreann ar uachtaránacht Trump a bheidh sna toghcháin seo mar go mbaineann siad le Stáit ar leith seachas cúrsaí go náisiúnta. Níl aon amhras mar sin féin ach go dtabharfaidh siad leide faoi mheon na tíre i leith an Tí Bháin. Tabharfaidh siad ugach freisin do na Daonlathaigh, rud atá ag teastáil go géar uathu chomh maith le tús a chur leis an gcoimhlint agus an tuairimíocht faoi cé a bheidh ar thóir ainmniúchán an pháirtí sin sa toghcháin in 2028.
B’fhéidir gur mithid dóibh gan a bheith ag breathnú rófhada chun cinn ach díriú ar an deis téarnaimh a thugann an lá inniu dóibh bliain díreach roimh na toghcháin lár téarma a d’fhéadfadh ceannas ar an gComhdháil a thabhairt dóibh má chuireann siad teachtaireacht shoiléir i láthair an phobail.
Fág freagra ar 'Deis téarnaimh do na Daonlathaigh, Mamdani ar thairseach na staire in Manhattan'