Deis níos mó ag Ciarraí feabhas a chur ar chúrsaí

Agus a gcéad chluiche crua imeartha anois acu i gcraobh na bliana seo, is beag seans nach dtiocfaidh feabhas ar Chiarraí

Deis níos mó ag Ciarraí feabhas a chur ar chúrsaí

Imreoir Chiarraí, James O'Donoghue. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Cluiche Leathcheannais na hÉireann (athimirt)

Ciarraí v Maigh Eo

Páirc an Chrócaigh, 3pm

Mar is iondúil le cluichí athimeartha, tráth na gceisteanna ab ea é le seachtain anuas.

An gcuirfear Aidan O’Shea siar arís chun Kieran Donaghy a fhaire agus mura ndéantar cé air a leagfar an cúram sin an uair seo?

An gcloífidh Ciarraí lena bplean gan cosantóir le cois a imirt nó an dtabharfar tuilleadh cosanta don líne lánchúil a raibh an oiread sin brú orthu an tseachtain seo caite?

An féidir brath ar na foirne a ainmníodh aréir agus gan ach aon athrú amháin déanta eatarthu ag Fitzmaurice agus Rochford?

Ar lig Maigh Eo deis ghlórmhar le sruth an tseachtain seo caite?

Is gearr go mbeidh na freagraí againn, ach, idir an dá linn, seans gur mó d’údar dóchais atá ag foireann na Ríochta.

Thug siad taispeántas a bhí patuar go maith uathu an tseachtain seo caite ach fós d’éirigh leo na cosa a thabhairt leo.

Agus a gcéad chluiche crua imeartha anois acu i gcraobh na bliana seo, is beag seans go ngéillfear 1-8 ón imirt arís do líne lántosach Mhaigh Eo agus is ar éigean a ligfear do leithéidí Andy Moran an tionchar céanna a bheith aige ar an imirt.

Is ar éigean ach oiread go mbeidh leithéidí James O’Donoghue agus Johnny Buckley chomh ciúin céanna agus buntáiste mór dóibh is ea filleadh Donnchadha Walsh.

Ní hé nach bhféadfadh Maigh Eo feabhsú, ar ndóigh. Beidh obair déanta acu le seachtain anuas, mar shampla, ar a straitéis dá gciceanna amach agus ba chóir go mbeadh siad níos ullmhaithe an uair seo don bhrú a chuirfidh Ciarraí ar David Clarke.

Dála James O’Donoghue agus Ciarraí, beidh Maigh Eo ag súil chomh maith go rachaidh Lee Keegan i bhfeidhm níos mó ar an imirt i ndiaidh do Paul Murphy é a choinneáil faoi chois an tseachtain seo caite.

Ar an iomlán, áfach, shílfeá, gur fhoghlaim Ciarraí níos mó fúthu féin an tseachtain seo caite agus go bhfuil deis níos mó acu feabhsú.

Tuigfidh siad go maith nár léirigh siad an díocas céanna le Maigh Eo. Tuigfidh siad freisin go bhfuil níos mó abhras ar a gcoigeal ag Maigh Eo ná mar a síleadh agus nach ag brath ar Chillian O’Connor agus ruathair an líne leathchúil amháin atá fir an iarthair.

In ainneoin na cainte ar fad faoi na laigí iontu, d’fhéadfadh nach ndéanfaidh Ciarraí aon athrú rómhór ar a gcur chuige inniu agus tharlódh go gcuirfidh Fitzmaurice a mhuinín ina chuid imreoirí slacht níos fearr a chur ar a gcuid cosanta ar fud na páirce.

Beidh bainisteoir Chiarraí ag súil freisin go mbeidh drochthaispeántas na seachtaine seo caite ina spreagadh mór ag leithéidí Shane Enright a raibh drochthráthnóna amach is amach aige i gcoinne Andy Moran.

Is minic Maigh Eo molta ag daoine as an teacht aniar iontach atá iontu agus tá an moladh sin tuillte go maith acu. Ach níor cheart dearmad a dhéanamh air go bhfuil an tréith sin go smior sa bhuíon seo imreoirí a mhúnlaigh Eamonn Fitzmaurice. Léirigh siad an méid sin an tseachtain seo caite nuair nach raibh siad ag imirt go maith.

Léirigh siad an righneas céanna an uair dheireanach a casadh na foirne seo ar a chéile sa chraobh.

B’in an athimirt ar chluiche leathcheannais na hÉireann i bPáirc na nGael i Luimneach in 2014.

D’éirigh le Ciarraí an beart a dhéanamh ar éigean an lá sin, agus déanfaidh siad amhlaidh inniu.

Rogha Tuairisc.ie:  Ciarraí

Fág freagra ar 'Deis níos mó ag Ciarraí feabhas a chur ar chúrsaí'