Beidh lá mór ag na Déisigh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus foireann camógaíochta Phort Láirge ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann den chéad uair ó 1945. Beidh iarracht ollmhór ag teastáil ó mhná na nDéise mura bhfuil i ndán dóibh filleadh abhaile gan tada, mar a tharla 78 bliain ó shin.
Tá gaisce déanta ag Port Láirge an cluiche ceannais a bhaint amach ach níl aon amhras ann ach gurb iad Corcaigh rogha na coitiantachta don chluiche ceannais agus an fhoireann ag iarraidh an naoú craobh is fiche a thabhairt ó dheas cois Laoi.
Briseadh croí a bhí i ndán do na Corcaígh i gcluichí ceannais le cúpla bliain anuas, iad cloíte ag Gaillimh in 2021 agus ansin ag Cill Chainnigh anuraidh ach léirigh an fhoireann an teacht aniar atá inti agus an dá fhoireann sin sáraithe ag Corcaigh le dhá chluiche anuas chun an lá mór a bhaint amach don tríú bliain as a chéile.
Bhí cruinneas Amy O’Connor ó na pocanna saora cinniúnach sa dá bhua sin, 1-6 aimsithe aici in aghaidh Chill Chainnigh agus 0-7 eile in aghaidh na Gaillimhe, ach tá painéal láidir ag Corcaigh i mbliana agus leithéidí Chliona Healy, Orla Cronin, Laura Hayes agus Aisling Thompson, atá tagtha ar ais ó ghortú glúine, uile ag teacht isteach mar ionadaithe chun tacú leis an bhfoireann.
Cé gurbh iad an fhoireann ba láidre sa dá chluiche sin, theip ar Chorcaigh na Gaillimhigh agus na Cait a chur de dhroim seoil níos luaithe sna coimhlintí, teip a mbeidh Port Láirge ag iarraidh leas a bhaint aisti inniu.
Ní gan dóchas a bheidh na Déisigh ag tabhairt faoin gcluiche seo ach an oiread. Cé go raibh an lámh in uachtar ag Corcaigh sna coimhlintí idir na foirne ag dul siar sna blianta, Port Láirge a bhuaigh an cluiche is déanaí idir na foirne agus iad chun cinn i mbabhtaí ceathrú ceannais na Mumhan níos luaithe i mbliana.
Bhuaigh Tiobraid Árann ar Phort Láirge ina dhiaidh sin ach bhain na Déisigh díoltas amach nuair a bhuadar ar na Tiobraid Árannaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann cúpla seachtain ó shin.
Thug sárthosach na foirne, Beth Carton, taispeántas den scoth an lá sin i nDurlas mar ar aimsigh sí ocht bpointe agus is cinnte go mbeidh Corcaigh dírithe ar Carton a stopadh inniu, rud a fhágann go gcaithfidh tosaithe eile Phort Láirge an fód a sheasamh.
Tá Niamh Rockett ar dhuine díobh siúd ar a mbeidh siad ag brath agus comhartha atá sa tréimhse atá caite aicise ag imirt le Port Láirge don dul chun cinn atá déanta ag an gcontae leis na blianta. Níl Rockett ach 28 bliain d’aois ach tá leath a saoil caite aici ag imirt le foireann na nDéise. Ní raibh sí ach 16 bliain d’aois agus í ina tríú bliain leis an bhfoireann in 2011 nuair a bhuaigh Port Láirge Craobh Shóisir na hÉireann agus thugadar leo an Chraobh Idirmheánach ansin in 2015. Tá 3-6 aimsithe aici go dtí sa chraobh agus taispeántas mór eile ag teastáil inniu más léi bonn sinsir a chur leis na cinn eile atá aici.
Thug Port Láirge dúshlán ceart do Chorcaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh, iad cúig phointe chun tosaigh ag tráth amháin sular tháinig na Corcaígh ar ais. Tá an cumas sna Déisigh tuilleadh brú a chur ar a gcéilí comhraic inniu ach ba cheart go mbeadh an mianach i gCorcaigh teacht slán.
Fág freagra ar 'Deis mhór ag Port Láirge Craobh na hÉireann a bhaint ach an mianach i gCorcaigh teacht slán'