Deis mhaith ag na cúigí go léir tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh

Beidh leathshúil ag na cúigí ar Chorn na gCuradh agus iad ag iarraidh tuilleadh pointí a ghnóthú sa bPro 14 an deireadh seachtaine seo

Deis mhaith ag na cúigí go léir tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh

Duhan Van Der Merwe le Keith Earls. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Bhí muid ag súil go mbeadh an t-ádh céanna ar na cúigí an deireadh seachtaine seo caite agus iad ag imirt i mBabhta 2 de Chorn na gCuradh agus a bhí orthu i mBabhta 1, nuair a bhuaigh siad ar fad a gcuid cluichí.

Cé nár tharla sé sin, is cinnte gur ábhar gliondair go raibh dhá bhua go leith againn as ceithre iarracht, sin bua ag Cúige Uladh agus ag Cúige Laighean, agus comhscór ag Cúige Mumhan.

Bhí Toulouse, agus iad sa mbaile, róláidir do na Connachtaigh, cé gur bhain fir na Gaillimhe croitheadh as iarchuraidh an chomórtais shinsearaigh.

An deireadh seachtaine seo, fillfidh na cúigí ar fad ar an gcomórtas sóisearach, an Pro 14, rud a thabharfaidh deis do chuile bhainisteoir scíth a thabhairt dá gcuid imreoirí céad rogha.

Rachaidh na Muimhnigh agus na hUltaigh chun páirce anocht agus iad sa mbaile i gcoinne Dhún Éideann agus na Scarlets. Beidh an dá fhoireann ón tír seo ag iarraidh chuile leas a bhaint as an gcoimhlint seo mar réiteach do Chorn na gCuradh, a bheas againn arís faoi cheann seachtaine. Toisc iad a bheith ag imirt sa mbaile tabharfar deis imeartha do chúpla imreoir atá gar don chéad fhoireann.

Chúige Uladh v Scarlets. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Níl aon dabht ach go mbeidh na Muimhnigh ag súil le bua a fháil ar Dhún Éideann agus iad ag imirt i gCorcaigh ach ní dóigh go mbeidh sé chomh héasca céanna ag na hUltaigh i gcoinne na Scarlets. Níl an doimhneacht chéanna ag baint le painéal Chúige Uladh is atá ag na cúigí eile seachas Cúige Connacht.

Ar an Satharn a ghabhfaidh Cúige Chonnacht chun páirce ar an mBóthar Beag agus iad i gcoinne na Southern Kings, foireann atá sa tóir ar a ndara bua an séasúr seo. Údar iontais agus díomá a bheadh ann dá n-éireodh leis na Kings an lá a thabhairt leo i nGaillimh.

Seans gur roimh na Laighnigh, foireann nach bhfuil oiread agus cluiche amháin caillte fós acu in aon chomórtas, atá an choimhlint is géire. Tá siad as baile i nGlaschú an Satharn seo i agus foireann rompu a bhíonn ar cheann de na foirne is láidre sa gcomórtas seo de ghnáth. Ach ní hionann an cás an séasúr seo. Tá trí chluiche as sé cinn caillte ag Glaschú. Mar sin féin is acu atá buntáiste an bhaile agus mar bharr air sin, tá seanchleachtadh acu ar an scraith bhréige atá ar pháirc Scotstoun.

Ní hamháin sin, ach caithfidh Leo Cullen scíth a thabhairt do roinnt dá chuid imreoirí céad rogha, rud a thabharfaidh an-seans do Ghlaschú. Tá mise ag súil le sárchluiche agus bua eile ag na Laighnigh.  

Fág freagra ar 'Deis mhaith ag na cúigí go léir tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh'