Deis mhaith ag Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar Bhaile Átha Cliath inniu

Agus Éamonn Fitzmaurice ag iarraidh Baile Átha Cliath a bhualadh don chéad uair i bPáirc an Chrócaigh mar bhainisteoir, tá deis mhaith aige é sin a dhéanamh tráthnóna de bharr an dul chun cinn atá déanta ag an gcontae san earrach

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Baile Átha Cliath v Ciarraí, Páirc an Chrócaigh, 3.30pm

Deich mbliana ó shin, bhí Ciarraí agus Tír Eoghain i mbun dianchoimhlinte a mhair sé bliana agus inar éirigh leis na hUltaigh an ceann is fearr a fháil orthu trí huaire i gcluichí móra. Bhí an bhraistint ann go raibh an lámh in uachtar ag Tír Eoghain, rud a thug spreagadh dóibh sula raibh an liathróid féin caite isteach.

Is é cluiche an lae inniu an cúigiú huair a thabharfaidh Éamonn Fitzmaurice agus Ciarraí aghaidh ar fhoireann Bhaile Átha Cliath Jim Gavin i bPáirc an Chrócaigh agus níl aon bhua ag na Muimhnigh fós. Tá dhá chluiche sraithe san áireamh sna cluichí sin, ach ní thiocfaidh na cluichí sin idir Fitzmaurice agus codladh na hoíche. Cluiche sraithe eile atá inniu ann ach is cinnte gur ceann é seo a mbeidh sé féin agus a chuid imreoirí ag déanamh a míle dícheall é a bhuachan.

Tá deis mhaith ag Ciarraí agus an chuma ar an scéal go bhfuil an bhearna idir na foirne laghdaithe ó mhí Mheán Fómhair seo caite fiú. Níor tháinig imreoirí Chiarraí ar ais le chéile go dtí lár mhí Eanáir agus cé gur chuir siad tús lag leis an tsraith, ag dul ó neart go neart atá siad ó shin.

Tar éis dóibh a gcéad bhua a fháil in aghaidh an Dúin, ba é an cluiche in aghaidh Dhún na nGall i dTrá Lí a léirigh go raibh Ciarraí ag dul sa treo ceart. Ó shin i leith bhuaigh siad ar Mhaigh Eo, ar Mhuineachán agus ar Chorcaigh agus bhí bua maith acu ar Ros Comáin sa chluiche leathcheannais. Ba iad na taispeántais a thug siad uathu is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine sna cluichí sin, áfach.

Rinneadh go leor cainte anuraidh ar thosaithe Chiarraí agus na roghanna uile a bhí ag Fitzmaurice ach, mar a tharla sé, ní raibh cuid acu i mbarr a maitheasa ná baol air.

Bhí seal caite ar an taobhlíne ag Colm Cooper agus Darren O’Sullivan, a mhalairt a bhí ag cur as do Kieran Donaghy agus é traochta tar éis dó an geimhreadh agus cuid mhaith den earrach a chaitheamh ag imirt lena chlub. Fuair na fir sin uile briseadh ag deireadh na bliana seo caite agus is chun tairbhe Chiarraí a bhí an méid sin.

I gcás Bhaile Átha Cliath, ní hé go bhfuil siad tite siar ó 2015 (bhuaigh siad gach cluiche sa tsraith go dtí seo i mbliana), ach níl an dul chun cinn céanna déanta acu is atá ag Ciarraí. Níor fhoghlaim muid mórán i rith na sraithe faoin tionchar a bheidh ag imeacht Jack McCaffrey agus Rory O’Carroll ar an bhfoireann mar is ar éigean a cuireadh aon tástáil cheart ar imreoirí Jim Gavin.

Toisc nach bhfuil na foirne seo ag imirt sa chraobh go dtí mí an Mheithimh – Baile Átha Cliath ar an 4 Meitheamh, Ciarraí an tseachtain ina dhiaidh sin – is féidir leo díriú ar choimhlint an lae inniu agus iarracht a dhéanamh iad féin a chur in iúl roimh thús an tsamhraidh. Bunaithe ar na taispeántais atá feicthe go dtí seo againn i mbliana, seans gurb iad Ciarraí is fearr atá ag imirt i láthair na huaire agus gur acusan atá an buntáiste dá bharr.

INPHO/Presseye/Andrew Paton
INPHO/Presseye/Andrew Paton

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

An Cabhán v Tír Eoghain, Páirc an Chrócaigh 1.30pm

Cath na nUltach atá i gcluiche ceannais Roinn 2, idir Thír Eoghain agus an Cabhán. Murab ionann is Ciarraí agus Baile Átha Cliath, tá na foirne seo ag imirt i gCraobh Uladh i mí na Bealtaine. Beidh Tír Eoghain ag imirt in aghaidh Dhoire faoi cheann ceithre seachtaine agus tá an Cabhán ag tabhairt aghaidh ar Ard Mhacha seacht lá ina dhiaidh sin. Mar sin, tá seans ann nach mbeidh fonn orthu gach rún a ligean le daoine.

Dhá phointe a scar na foirne seo, 0-10 in aghaidh 0-8 i bhfabhar Thír Eoghain, nuair a chas siad ar a chéile sa chéad bhabhta den tsraith i mbliana agus breathnaíonn sé nach mbeidh mórán eatarthu inniu ach an oiread.

Níor scóráil aon fhoireann níos mó sa tsraith ná a scóráil an Cabhán i mbliana ach tá aonad cosanta anois rompu a bhí ar chomhchéim le Baile Átha Cliath mar an fhoireann ab fhearr ó thaobh cosanta de taobh amuigh de Roinn 4.

Is ag foireann Mickey Harte is mó atá taithí ar pháirc mhór Pháirc an Chrócaigh chomh maith agus gach seans gur iadsan a bheidh ag ceiliúradh tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Tír Eoghain

Fág freagra ar 'Deis mhaith ag Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar Bhaile Átha Cliath inniu'