Deis iontach ligthe le sruth – tugann McHugh na cosa leis ar ‘This Week’

LÉIRMHEAS RAIDIÓ/TEILIFÍSE: Bhí tuairisc shuimiúil faoin nGaeltacht ar an gclár ‘This Week’ inné ach faraor, níor tapaíodh an deis cúpla ceist chrua a chur ar Aire na Gaeltachta ina diaidh

Joe McHugh

Bhí an Ghaeltacht idir chamáin ar an gclár raidió This Week (Raidió 1) ar an Domhnach. Bhí tuairisc speisialta ó Chonamara ag Diarmaid Fleming inar labhair sé le Sorcha Ní Chéilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta; Seosamh Mac Donnacha ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill agus an scríbhneoir, Joe Steve Ó Neachtain. Tá a gcuid tuairimí siúd cloiste go minic againn ar na meáin Ghaeilge ach is annamh go ndéantar ceist na teanga a phlé go macánta nó go tuisceanach ar an gcraoltóir náisiúnta. An rud is annamh is iontach.

I ndiaidh na tuairisce, bhí agallamh le hAire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh. An gcuirfí cúpla ceist chrua ar an Aire sa teanga atá ar a thoil aige? Rith sé liom gurb íorónach an mhaise é go mbeifí ag brath ar chlár Béarla chun a leithéid a dhéanamh, ach sin scéal é.

Bhí a chuid taighde déanta ag Fleming agus chuir sé tuairisc eolgaiseach, shnasta (a bhí báúil le cás na teanga) i dtoll a chéile agus tugadh éachtaint ar staid reatha na Gaeilge agus na dúshláin atá roimpi.

JoeSteve-6122-e13905217821421
Joe Steve Ó Neachtain

Bhí réamhrá saghas ait ag baint leis an tuairisc inar thagair an láithreoir, Conor Brophy, do staitisticí na hArdteiste agus taighde ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, nithe nár bhain le hábhar i ndáiríre. I rith na tuairisce, labhair Sorcha Ní Chéilleachair go paiseanta agus níor chuir Seosamh fiacail ann, mar is gnáth. Bhí léargais shuimiúla, mar is iondúil, ag Joe Steve chomh maith. 

I ndiaidh na tuairisce, chuaigh Conor Brophy chun cainte le hAire na Gaeltachta. Cé gur dhein an láithreoir a dhícheall, ní raibh sé iomlán ar a chompord leis an ábhar agus d’éirigh leis an Aire na cosa a thabhairt leis gan aon stró, dá réir. Ba mhór an trua ar shlí nach raibh díospóireacht idir an Aire agus Seosamh.

Nuair a thosnaíonn daoine ag caint faoi ‘gheallsealbhóirí’ agus ‘páirtithe leasmhara’, tagann pip orm mar measaim go bhfuiltear ag iarraidh sin a dhalladh ar an bhfírinne. Luaigh Joe na ‘geallsealbhóirí’ cúpla babhta agus é ag maíomh go dtabharfar le chéile iad i rith an Fhómhair leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a phlé. N’fheadar an dtarlóidh sin ná n’fheadar an bhfoghlaimíomar aon ní nua ón agallamh. Deis iontach ligthe le sruth.

Éist Anseo

Fleadh TV

Anuraidh meastar gur fhéach tuairim is 850,000 duine, ar shlí amháin nó ar shlí eile, ar an gclúdach a dhein TG4 ar an bhFleadh Ceoil. Ní haon ionadh mar sin gur deineadh an cinneadh an craoladh a mheadú i mbliana (Fleadh TV, TG4, Déardaoin, Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh). Dhá uair an chloig déag de chraoladh beo ó lár an aonaigh i Sligeach. Máire Treasa Ní Dhubhghaill tagtha in áit Shíle Ní Bhraonáin le Lynette Fay agus Cathy Jordan (ó Dervish) mar leathbhádóirí aici. Ba thionscnamh mór groí é seo agus is cinnte go bhfuil bearna sa mhargadh ann dá leithéid. Dhein na láithreoirí, a bhí lonnaithe in ionaid dhifriúla ar fud an bhaile, a gcúraimí go slachtmhar agus is léir gurb í Máire Treasa laoch na huaire i TG4. Cláracha snasta a bhí anseo gan aon agó ach b’ábhar díomá an oiread Béarla a bhí sa chur i láthair.

Féach Anseo

 

Fág freagra ar 'Deis iontach ligthe le sruth – tugann McHugh na cosa leis ar ‘This Week’'

  • Concubhar

    Is mór an trua go bhfuil léargas an gloine leath fholamh ag an léirmheastóír maidir le Fleadh TV, arbh é an clár theilifíse ab fhearr agus is Gaelaí an Samhradh seo, nó thug an clár spléachadh spleodrach ar an mhór fhéile chultúrtha seo nach raibh ar fáil seachas sin ach ar RnaG. Ní clár coimisiúnaithe é seo ag TG4 ach ceannachán agus tá sé á chraoladh go h-idirnáísiúnta ar chainéalacha eile chomh maith. B’fhearr liomsa go mbeadh níos mó Gaeilge ar TG4 an oiread le h-éinne eile ach in éagmais Fleadh TV, is mó seans go mbeadh cláracha Béarla ann chun an sceideal a ‘líonadh’ nó athchraoltaí ar shean chláracha.
    Is mó i bhfad mo dhíomá leis an gcur chuige ‘gloine leath fholamh’ ag an léirmheastóír maidir leis easpa na gceisteanna crua a cuireadh ar an tAire Joe McHugh ar chlár ‘This Week’ RTÉ. Sean fhirinne le meirg air nach dtugann Gaeil áirithe súntas do rud ar bith a deirtear faoin nGaeilge go deirtear i mBéarla é agus ar ‘mór mheán’ ar nós RTÉ nó an Sunday Independent. Iarsma de mheon sclabhaí an t-é atá coilínithe ina inchinn é seo dar liom. Má tá ceisteanna crua le cur ar an Aire McHugh – agus glacaim leis go bhfuil – ní féidir bheith ag brath ar RTÉ iad a chur, go h-áírithe nuair atá ceisteanna crua le freagairt ag an gcraoltóir féin maidir le heaspa Scéim Teanga etc. An é nach bhfuil Tuairisc ag cur na ceisteanna crua seo?
    Maidir le tuairisc Diarmaid Fleming – bhí sé eolgaiseach cé go bhféadfadh sé bheith níos cothroime. Tá níos mó ná tuairim amháin amuigh ansin faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht – ach ní thuigfeá sin ag léamh Tuairisc….