Deis eile do Trump daoine a scanrú atá sa mhórshiúl i Meiriceá Láir

Deis atá sa mhórshiúl i Meiriceá Láir do Donald Trump a chuid tacaíochta a neartú i measc a lucht tacaíochta dílis agus níl aon dream eile ag déanamh imní dó

Deis eile do Trump daoine a scanrú atá sa mhórshiúl i Meiriceá Láir

Ba mhór i gceist Project Fear le linn na díospóireachta faoi imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach beagnach dhá bhliain go leith ó shin anois. Abair do rogha rud, dá mhéid áibhéil dá mbíonn agat is amhlaidh is fearr é agus fainic an gcuirfeadh an fhírinne an iomarca imní ort.

Is cosúil go bhfuil ceacht foghlamtha ag Donald Trump ón bhfeachtas sin agus tá sé ag úsáid a bhfuil foghlamtha aige sna laethanta deiridh den fheachtas do na toghcháin lár téarma sa mbaile aige féin.

Tá 7,000 duine ag siúl i mórshiúl i dtreo na Stát Aontaithe faoi láthair as Meiriceá Láir. Tá formhór mór na ndaoine seo ag maíomh go bhfuil siad ag éalú ó fhoréigean i dtíortha cosúil le Guatamala, Hondúras agus Eacuadór. Tá siad ag siúl na mílte míle trí Mheicsiceo ar mhaithe lena mbealach a dhéanamh go dtí na Stáit Aontaithe. Seo díreach an saghas ruda a bhíodh Donald Trump ag rá lena lucht tacaíochta agus é ag caint ar an ngá a bhí le balla ar theorainn theas na Stát Aontaithe.

Maíonn Donald Trump go bhfuil coirpigh agus sceimhlitheoirí as an Meánoirthear i measc an tslua sin agus nach scaoilfear isteach sna Stáit Aontaithe iad.

Aontaíonn a lucht tacaíochta go huile agus go hiomlán leis.

Tá baint ag an bpáirtí Daonlathach leis seo ar fad freisin, dar le Trump. Má thugann pobal na Stát Aontaithe a dtacaíocht don pháirtí Daonlathach ligfear an slua seo agus tuilleadh nach iad isteach thar teorainn. Tá sé ag scanrú na ndaoine bochta sna Stáit ó dheas atá bocht agus dífhostaithe. As seo go ceann coicíse teastaíonn uaidh an mothúchán sin a ghríosú le vótaí a mhealladh chuig an bPáirtí Poblachtánach.

Cuirfidh muid deireadh leis an $260 milliún dollar a chuireann muid ar fáil do na tíortha seo, a deir Trump. An gcuirfidh sé sin faoi ndear do na rialtais i Meiriceá Láir aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean agus an bochtanas a spreag na daoine atá ag siúl le tabhairt faoin mbóthar?

Fadhb mhór í seo do Donald Trump anois. Más teifigh iad na daoine seo atá ag triall ar na Stáit Aontaithe, tá dualgas de réir an dlí idirnáisiúnta ar Mheiriceá glacadh leo. Más imircigh iad, cuirfear tríd an bpróiseas dlí atá i bhfeidhm iad, cuirfear daoine fásta agus páistí faoi ghlas. Scarfar tuismitheoirí agus a bpáistí. Cuirfidh sin alltacht ar dhaoine agus b’fhéidir go ndéanfadh sin dochar do na Poblachtánigh sna toghcháin. Is cuma le Trump faoi na daoine nach bhfuil sé i gceist acu vótáil dó.

Deis atá sa mhórshiúl seo do Donald Trump tacaíocht a neartú i measc a lucht tacaíochta dílis agus níl aon dream eile ag déanamh imní dó. Tá daoine i gcroílár Mheiriceá anois a chreideann go bhfuil daoine as Meiriceá Theas ag teacht ag fiach ar a gcuid postanna agus a slite beatha.

Deis eile atá sa mhórshiúl seo i Meiriceá Láir ag Trump chun an milleán a chur ar na Daonlathaigh faoi na dlíthe inimirce mí-éifeachtacha atá sna Stáit Aontaithe. Dlíthe a gheall Donald Trump a d’athródh sé. Dlíthe a bheidh sé in ann a athrú ach an deis a thabhairt dó agus gan an iomarca cumhachta a thabhairt do na Daonlathaigh.

Seachtain anois atá idir muid agus na toghcháin lár téarma. Beidh Donald Trump ag guí nach sroichfidh na sluaite seo an teorainn ó dheas roimh an 6 Samhain ionas gur féidir leis leanacht air ag cur sceoin ar dhaoine atá sách imníoch cheana, ach súil aige freisin nach mbeidh air aghaidh a thabhairt ar an scéal go mbeidh na toghcháin thart.

Léirigh an cáineadh a rinne Trump ar na meáin faoi scéal na mbuamaí á seoladh chuig Daonlathaigh aitheanta agus lucht cáinte Trump an tseachtain seo caite, gur chosúil nach bhfuil aon chuimhneamh ag an Uachtarán aon athrú mór a dhéanamh ar an gcineál reitrice a bhíonn de ghnáth aige.

Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'Deis eile do Trump daoine a scanrú atá sa mhórshiúl i Meiriceá Láir'

  • Pádraig O Muircheartaigh

    A chara na meáin fós anseo in Eirinn ag caitheamh anuas ar Uachtarán na Stát Aontaithe agus a pholasaí i dtaobh inimirce ina thír féin.Tá polasaí anseo in Eirinn lochtach agus níl aon srian ar ghluaiseacht daoine isteach sa Tír seo.Mar sin cáintear Trump mar tá polasaí aige chun an inimirce a smachtú agus srian a chur ar na mílte ag teacht isteach sa Tír.Tá an ceart aige .Molaim na Meiriceánaigh as a gcuid tírghrá agus a náisiúnachais.Tá clár inimirce acu agus glactar le hinimircigh de réir coinníollacha an chláir.Molaim polasaí mar sin.