Deis ar bhonn ag dornálaí Gaeltachta agus áit bainte amach aici i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh an domhain

Fuair Desmond an ceann is fearr ar Myriam Da Silva as Ceanada ina babhta 69kg sa Rúis tráthnóna

Deis ar bhonn ag dornálaí Gaeltachta agus áit bainte amach aici i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh an domhain

Tá áit bainte amach i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shárdhornálaithe Ban an Domhain ag Christina Desmond agus tá trodaí Chill na Martra in nGaeltacht Mhúscraí anois sa tóir ar bhonn.

Fuair Desmond an ceann is fearr ar Myriam Da Silva as Ceanada ina babhta 69kg sa Rúis tráthnóna. Beidh an tÉireannach sa chró arís amárach agus seans aici bonn cré-umha, ar a laghad, a bhuachan.

Troid chrua a bhí ag Desmond tráthnóna agus a céile comhraic ciotach go maith ach rinne na moltóirí a gcinneadh d’aon ghuth agus dhearbhaigh an cúigear acu gurbh ag bean Chorcaí a bhí an bua – 30-26, 30-27, 30-27, 29-28, 30-27

B’iontach an t-éacht a bheadh ann ag Desmond dá mbeadh sí in ann bonn a bhuachan ag na craobhacha seo. Tá bonn cré-umha buaite cheana aici ag Craobh na hEorpa sa rannóg 75kg ach tá aghaidh á tabhairt aici ar an rannóg 69kg anois chun áit a bhaint amach ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo an bhliain seo chugainn.

Ní hí Desmond an t-aon Éireannach a bhfuil áit bainte amach aici sna babhtaí ceathrú ceannais i gcraobh na sárdhornálaithe. Beidh Amy Broadhurst ag troid sa rannóg 60kg amárach chomh maith agus deis aici bonn a bhuachan.

Fág freagra ar 'Deis ar bhonn ag dornálaí Gaeltachta agus áit bainte amach aici i mbabhtaí ceathrú ceannais chraobh an domhain'