Deis ag imreoirí taca cur lena gcáil agus na boic mhóra ar iarraidh

Agus imreoirí na hÉireann ag fáil réidh do chluichí an fhómhair, tá deis ag fir eile dul i bhfeidhm ar lucht bainistíochta na gcúigí an deireadh seachtaine seo

Deis ag imreoirí taca cur lena gcáil agus na boic mhóra ar iarraidh

Níl fáil an deireadh seachtaine seo ag na cúigí ar aon imreoir atá roghnaithe ar an bpainéal idirnáisiúnta atá ag réiteach do chluichí an fhómhair a bheas linn faoi cheann seachtaine. Fágann sin go mbeidh deis imeartha i mBabhta 7 den URC ag go leor imreoirí dara agus tríú rogha agus deis dá réir acu cur ar a son féin.

Cúige Laighean is túisce a chuirfidh chun páirce anocht agus iad as baile sa mBreatain Bheag in aghaidh na Scarlets atá sa gceathrú háit déag ar an tábla agus ceithre chluiche caillte acu as sé iarracht. Siad an Laighnigh atá ar bharr an tábla agus sé bhua as sé chluiche acu go dtí seo.

Is deacair bua a thuar do na Scarlets sa gcoimhlint seo fiú agus buntáiste an bhaile acu. Seans go bhfuil painéal Leo Cullen róláidir, fiú má tá sé ag brath ar roinnt imreoirí atá ar bheagán taithí.

Tráthnóna amárach a bheas rogha-chluiche an deireadh seachtaine á imirt i Luimneach idir Cúige Mumhan agus Cúige Uladh. Níor imir na hUltaigh i mBabhta 6 de bharr tinneas a bheith sa gcampa agus iad ar chuairt dhá chluiche san Afraic Theas. Mar sin féin, is iad atá sa dara háit ar an tábla agus ceithre bhua as cúig iarracht acu. Ní hionann an cás ag na Muimhnigh, foireann atá san aonú áit déag, suíomh nár chleacht siad ariamh.

Fuair Cúige Mumhan greadadh 27-13 ó Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo caite ach is as baile a d’imir siad an cluiche sin. Is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh leas a bhaint as buntáiste an bhaile agus iad ar thóir a dtríú bua an séasúr seo. Tá dúshlán mór roimh na Muimhnigh agus iad ag iarraidh an náire a sheachaint.

Níos deireanaí amárach cuirfidh Connachta chun páirce sa mBreatain Bheag i gcoinne na nOspreys. Tá ceithre áit agus trí phointe idir na foirne seo ar an tábla. Siad na hOspreys atá sa deichiú háit le dhá phointe dhéag i gcomparáid le Cúige Chonnacht atá sa gceathrú háit déag le naoi bpointe.

Ní féidir bua do na Connachtaigh a chur as an áireamh. Tá na cosa fúthu arís tar éis an tús lag a chuir siad leis an gcomórtas seo. Ní hamháin sin ach chaill na hOspreys an deireadh seachtaine seo caite agus iad as baile i gcoinne na nDragons, ceann de na foirne is laige sa gcomórtas. Níl aon dabht ann ach go bhfuil seans ag Cúige Chonnacht amárach. Tá súil agam go mbeidh siad in ann an deis a thapú.

Fág freagra ar 'Deis ag imreoirí taca cur lena gcáil agus na boic mhóra ar iarraidh'