Deis ag Cúige Laighean cur lena gcáil mar rogha na coitiantachta

Ba chóir go mbeadh sárchoimhlint tráthnóna idir na Scarlets agus Cúige Laighean sa Pro 14

Deis ag Cúige Laighean cur lena gcáil mar rogha na coitiantachta

Pictiúr: ©INPHO/Byran Keane

B’éigean d’fhoireann bainistíochta an Pro 14 na cluichí ar fad a bhí le himirt i mBabhta 17 a chur ar athló de bharr na drochaimsire seachas an dá chluiche a bhí á n-imirt san Afraic Theas.

D’fhág sin go raibh scíth gan choinne ag Cúigí Laighean, Mumhan agus Uladh. Ba iad na Connachtaigh an t-aon fhoireann amháin a fuair deis imeartha. Bhí an mí-ádh orthu siúd faraor, agus iad i bhfad ó bhaile in Bloemfontein i gcoinne na Cheetahs, foireann a bhí aon phointe dhéag agus dhá áit chun cinn orthu ar chlár thábla ghrúpa A den Phro 14.

Ach de bharr dhá chinneadh, a bhí an-chonspóideach i mo thuairimse, a rinne réiteoir áitiúil, tugadh cic éirice do na Cheetahs a thug bua aon phointe amháin (26 – 25) do na Cheetahs agus turas fada abhaile go Gaillimh ag na Connachtaigh le pócaí folmha, seachas an pointe bónais cailliúna.

Bhí an deireadh seachtaine seo le bheith saor ó chluichí Pro 14 de bharr imirt Bhabhta 4 de Chomórtas na Sé Náisiún, ach shocraigh bainisteoirí an chomórtais gur ar an Aoine seo a bheas Cúige Laighean ag imirt i gcoinne na Scarlets.

Tá an choimhlint seo ar cheann de na cluichí is fearr atá le himirt i mBabhta 17. Beidh na Scarlets ag imirt sa mbaile in aghaidh na Laighneach, foireann atá ar bharr Ghrúpa B. Mar sin féin, ní scarann ach trí phointe agus áit amháin ar an tábla iad.

D’imir na foirne seo a chéile i mBabhta 15 agus bhí an lá le fir Átha Cliath ar an ócáid sin ach ba acu a bhí buntáiste an bhaile. Má bhíonn an lá arís leis na Laighnigh an Satharn seo, seans go mbeidh an cháil atá orthu mar rogha na coitiantachta leis an gcomórtas a bhuachtáil tuillte acu, go háirithe má chuireann tú an líon mór imreoirí atá ar iarraidh uathu san áireamh.

Mar eolas, is faoi cheann seachtaine, ar an Aoine an 16ú Márta a bheas na Muimhnigh ag imirt i gcoinne Dhún Éideann agus is ar an 20ú Aibreán a bheas na hUltaigh ag imirt in aghaidh Ghlaschú i mBabhta 17 den chomórtas seo.

Fág freagra ar 'Deis ag Cúige Laighean cur lena gcáil mar rogha na coitiantachta'