Deireadh ré – Gerry Adams agus todhchaí Shinn Féin

Beidh ar chomharba Gerry Adams aghaidh a thabhairt ar dhúshlán níos achrannaí ná na cinn a sháraigh sé féin le 34 bliain anuas

Deireadh ré – Gerry Adams agus todhchaí Shinn Féin

Geallann gach páirtí agus gach ceannaire go seasfaidh siad an fód. Bí cinnte, a deir siad go léir, nach n-athróimid ár bpolasaí.

Cliseann a bhformhór i leith geallúna uair éigin, toisc gur léir dóibh riachtanas nua le himeacht ama. Díreach mar a rinne Gerry Adams go minic, i bhfad sular scríobh sé a óráid Ard-Fheise faoi chinniúint a pháirtí tar éis dó éirí as an gceannaireacht.

Is eiseamláir a scéal pearsanta agus stair a pháirtí den athrú a chuireann polaiteoirí i bhfeidhm, de réir a chéile nó go tobann uaireanta, ar phrionsabail a deirtear atá bunúsach agus do-athraithe ar feadh i bhfad.

Tar éis d’Éamon De Valera agus a lucht leanúna siúl amach as an Dáil i 1921, gheall sé nach bhfillfeadh Sinn Féin ar an teach go gcuirfí deireadh le móid dílseachta a thagair do rí Shasana. Níor mhair an gheallúint ach sé bliana.

D’fhág De Valera Sinn Féin i 1926, agus scata mór ina theannta. Bhunaigh siad Fianna Fáil a ghlac páirt sa Dáil ó 1927.

Choinnigh Sinn Féin cosc ar rannpháirtíocht sa chóras daonlathach i bhfeidhm, thuaidh agus theas, ar feadh breis agus leathchéad bliain ina dhiaidh sin.

Sna 1970idí, gheall eite pholaitiúil agus eite mhíleata ghluaiseacht na poblachta go minic go leanfaí le feachtas míleata an IRA go dtí go bhfógródh rialtas na Breataine aistarraingt as Tuaisceart Éireann. Ba léir sul i bhfad nach mairfeadh an gheallúint sin ach oiread.

Is i 1981, tar éis thoghadh an stailceora ocrais Bobby Sands mar fheisire parlaiminte, a chuir lucht leanúna Gerry Adams tús le díospóireacht fhada inmheánach ar staonadh ó thoghcháin.

Bhí feachtas an IRA fós faoi lán seoil nuair a d’iarr Danny Morrison, duine den lucht eagair sinsearach, ar ardfheis Shinn Féin aghaidh a thabhairt ar cheist chinniúnach:

‘Who here really believes we can win the war through the ballot box? But will anyone here object if, with a ballot paper in this hand and an Armalite in the other, we take power in Ireland?’

Thug Gerry Adams (uachtarán ar an bpáirtí i 1983) le fios go minic nach gcuirfí deireadh le foréigean an IRA go mbeadh Sinn Féin páirteach i gcainteanna idirpháirtí. Ach de réir a chéile threoraigh sé an dá eite den ghluaiseacht ar chonair a d’fhág an straitéis dháthaobhach a mhol Morrison i leataobh.

D’fhógair ceannairí an IRA sos comhraic i 1997. Ghlac ionadaithe tofa Shinn Féin páirt sa Dáil ó toghadh Caoimhghín Ó Caoláin an chéad uair i 1997, agus i gcomhthionól nua i Stormont a bunaíodh tar éis shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.

Ó shin i leith, tá tuairimí éagsúla faoi rannpháirtíocht i gcomhrialtas i mBaile Átha Cliath fógartha ag an bpáirtí. Dúradh:

1. Nach rachaidís i mbun comhrialtais le páirtí ar bith eile i nDáil Éireann.

2. Nach mbeidís páirteach i gcomhrialtas mura mbeidís níos láidre ná a gcéilí comhrialtais.

3. Go mbeidís toilteanach dul i gcomhrialtas fiú le páirtí níos mó.

Fiú mura n-aontaíonn tú, a léitheoir dhil, leis an gcuid is mó dá ndearna lucht leanúna, míleata agus polaitiúil, Gerry Adams ó chuaigh sé i gceannas, is léir ón stair thuas raon agus doimhne a shaothair.

Threoraigh sé gluaiseacht a thug tús áite don fhoréigean sna 1970idí, agus a chuir aidhmeanna míleata agus polaitiúla araon chun cinn go dtí 1997, i dtreo lánghníomhaíocht sa chóras polaitiúil ó shin.

Beidh ar chomharba Gerry Adams aghaidh a thabhairt ar dhúshlán polaitiúil nua – dúshlán atá níos achrannaí agus níos doimhne ná na cinn a sháraigh sé le 34 bliain anuas.

Tá na toscairí atá ag freastal ar Ard-Fheis na bliana seo ag plé na straitéise a theastaíonn, dar leo féin, chun Éire Aontaithe a bhaint amach.

Ach go dtí seo, níor thug Sinn Féin aghaidh dáiríre ar bhunriachtanas nach féidir neamhshuim a dhéanamh de: toil an mhóraimh, thuaidh agus theas. Ní mar gheall ar dhíograis pháirtí amháin a chuirtear mór-aidhm pholaitiúil i bhfeidhm go síochánta.

Fág freagra ar 'Deireadh ré – Gerry Adams agus todhchaí Shinn Féin'

  • donnchadh Ó Seaghdha

    bhí inneall ollmhór aige an méid oibre a rinne sé i rith a shaoil go dtí seo

  • donnchadh Ó Seaghdha

    Tá a fhios againn a Chathail go ndearnadh praiseach i 1922 agus go ndearnadh an ‘gerrymander’ is measa riamh i stair na tíre seo le críochdheighilt a chur ar bun. Tá toradh na hoibre sin le feiceail ó shin .
    Céard faoi móramh na daoine thuaidh agus theas a vótáil i gcoinne breatimeacht ba chor go mbeadh muid buartha faoi toil an mhóraimh sa chás sin freisin. Tá sé in am caint a thosú faoi vóta a bheith againn ar an teorainn agus pleanáil dá réir