Deireadh le seirbhís farantóireachta go Cill Rónáin fógartha

Tá sé tugtha le fios ag Island Ferries Teo nach mbeidh an tseirbhís farantóireachta ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin á cur ar fáil ón 2 Samhain go dtí 17 Márta

Deireadh le seirbhís farantóireachta go Cill Rónáin fógartha

Tá sé tugtha le fios ag Island Ferries Teo nach mbeidh an tseirbhís farantóireachta ó Ros an Mhíl go Cill Rónáin á cur ar fáil ón 2 Samhain go dtí 17 Márta

Tá an comhlacht farantóireachta Island Ferries Teo le deireadh a chur leis an tseirbhís go Cill Rónáin in Árainn ar an 2 Samhain i mbliana go dtí 17 Márta na bliana seo chugainn.

Tuairiscíodh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gurb í seo an chéad uair le 33 bliain nach mbeidh seirbhís farantóireachta á cur ar fáil ag an gcomhlacht ó Ros an Mhíl i gConamara chuig an oileán ó thús go deireadh na bliana.

Tugadh fógra scoir d’oibrithe an chomhlachta, atá lonnaithe i Ros an Mhíl, inné. Ní chuirfear deireadh leis na seirbhísí farantóireachta chuig an dá oileán eile, Inis Meáin agus Inis Oírr, seirbhísí a bhfuil maoiniú PSO curtha ar fáil dóibh. Ní chuirtear aon mhaoiniú PSO ar fáil don tseirbhís go Cill Rónáin.

Cúrsaí airgid an chúis a thug an comhlacht lena gcinneadh deireadh a chur leis an tseirbhís ar feadh an gheimhridh agus an táille atá á gearradh orthu a bhaineann le líon na bpaisinéirí a bhíonn ag imeacht den bhád san oileán. Gearrtar táille 80c in aghaidh an phaisinéara ar an gcomhlacht.

Ghearrtaí táille in aghaidh an bháid agus ní in aghaidh an phaisinéara suas go dtí an bhliain 2011, nuair a athraíodh an fodhlí.

Ní hí seo an chéad uair a raibh an tseirbhís farantóireachta go Cill Rónáin i mbaol a stoptha.

Anuraidh, thug Island Ferries Teo dhá chás Ard-Chúirte i gcoinne Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus i gcoinne Roinn na Mara sula ndeachaigh siad os comhair na Cúirte Uachtaraí mar gheall na táillí seo.

Rialaíodh san achomharc a bhí os comhair na Cúirte Uachtaraí i mí na Nollag an bhliain seo caite go raibh sé de cheart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe táille €0.80 a ghearradh ag Cuan Chill Rónáin, ach nach raibh sé de cheart ag an Roinn Cumarsáide táille €1.20 a ghearradh ag Cuan Ros an Mhíl.

De réir an bhreithiúnais, bhí táille €1.20 in aghaidh an duine ‘ró-ard’, agus dúradh nár cuireadh san áireamh ‘an conradh sóisialta’ a bhí i bhfeidhm le muintir Oileán Árann a iompar ó na hoileáin go dtí an mhíntír agus ar ais arís.

Dúirt Aran Island Ferries gur fhág na táillí go mbeidh orthu €120,000 in aghaidh na bliana a íoc le Comhairle Chontae na Gaillimhe agus nach mbeadh sé d’acmhainn acu an t-airgead sin a íoc.

Bhí an cabhlach faoi réir le teacht i gcabhair ar mhuintir Árann ag tús na bliana seo sa chás go gcuirfí deireadh leis an tseirbhís ach tháinig an comhlacht agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, mar a bhíodh, ar shocrú a d’fhág go leanfaí ar aghaidh léi.

Dúirt Cathy Ní Ghoill ó Chomharchumann Árann le RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin go dteastaíonn PSO don tseirbhís go Cill Rónáin, mar atá ann don dá sheirbhís eile, agus go gcaithfidh an Roinn, an Chomhairle Contae agus Island Ferries Teo teacht le chéile agus teacht ar réiteach.

Fág freagra ar 'Deireadh le seirbhís farantóireachta go Cill Rónáin fógartha'