Deireadh le ré Rutte san Ísiltír, an baol ann go bhfuil ré I bhfad níos dorcha romhainn

Féadfaidh tú do rogha rud a rá faoi Mark Rutte, atá éirithe as mar chéad-aire na hÍsiltíre, ach tá coinsias láidir aige

Deireadh le ré Rutte san Ísiltír, an baol ann go bhfuil ré I bhfad níos dorcha romhainn

Tháinig deireadh le ré san Ísiltír Dé Luain nuair a d’éirigh an chéad-aire Mark Rutte (57) as go hoifigiúil – tar éis dó 5,010 lá, nó nach mór 14 bliain, a chaitheamh i gcumhacht agus é i gceannas ar cheithre chomhrialtas éagsúla.

Ba é Rutte, nua-liobrálach go smior, an chéad-aire ab fhaide a bhí i gceannas san Ísiltír riamh agus le blianta beaga anuas dhéanadh mórchuid de mhuintir na tíre gáire dóite nuair a d’fheicidís liosta na dtrí thír san Eoraip is faide réimeas na gceannairí iontu: an Rúis, an Bhealarúis agus an Ísiltír.

Ar an gcoigríoch a chaith mé féin an chuid is mó de réimeas Rutte ach fearacht go leor de mo chuid comhthíreach ní raibh neart agam orm féin Dé Domhnaigh seo caite agus bhreathnaigh mé ar a aitheasc deireanach mar chéad aire.

Agus bhí deoirín nó dhó le mo shúile. Féadfaidh tú do rogha rud a rá faoi Rutte – gur scrios sé an córas sláinte agus go ndearna sé slad ar an earnáil chultúrtha mar shampla – ach is fear é a bhfuil coinsias láidir aige agus ba léir sin, mar shampla, nuair a thagair sé san aitheasc deireanach sin don leithscéal oifigiúil a ghabh sé anuraidh, thar ceann mhuintir na hÍsiltíre ar fad, leo siúd a d’fhulaing de bharr na sclábhaíochta, agus do chás an MH17, eitleán de chuid Malaysian Airlines ar bhuail diúracán Rúiseach é os cionn na hÚcráine nach mór 10 mbliana ó shin, ar an 17 Iúil 2014. Maraíodh gach duine a bhí ar bord; bhí 196 Ísiltíreach ina measc.

Ó shin i leith, tá seasamh fíorláidir frithRúiseach ag Rutte agus gan dabht chabhraigh an diongbháilteacht lenar throid sé ar son chearta na n-íobartach i gcás MH17 lena cheapachán le gairid mar ardrúnaí ar NATO, ach ní hé sin an phríomhchúis a bhí leis an gceapachán sin.

Státaire go smior é Rutte, idirbheartaí den scoth a n-éiríonn leis dreamanna éagsúla a thabhairt le chéile go minic, agus lena chois sin, amhail Angela Merkel na Gearmáine tráth den saol, duine é a léirigh san am a caitheadh go seasfaidh sé an fód go láidir i gcoinne leithéidí Trump agus Putin – cúpla ráiteas tarcaisneacha san áireamh más gá.

Idir an cogadh san Úcráin, an choimhlint sa Mheánoirthear, Marine Le Pen a d’fhéadfadh a bheith i gcumhacht sa Fhrainc gan mhoill, agus an seans atá ag éirí níos mó in aghaidh an lae go n-atoghfar Donald Trump sna Stáit Aontaithe i mí na Samhna, beidh a chuid scileanna idirbheartaíochta ar fad ag teastáil ó Rutte chun NATO a choinneáil le chéile nuair a thiocfaidh sé i gcomharbacht go hoifigiúil ar an Ioruach Jens Stoltenberg i gceann trí mhí.

‘Le chéile’, sin dhá fhocal ar leag Rutte béim orthu arís is arís eile ina aitheasc deireanach mar chéad-aire Dé Domhnaigh. Seasaigí le chéile an chomhairle a bhí aige do mhuintir na hÍsiltíre i dtagairt neamhcheilte don chomhrialtas de chuid na heite fíordheise faoi stiúir Dick Schoof (fear ionaid Geert Wilders) a chuaigh i mbun oibre inné.

Agus ba é sin an fáth nár fhliuch mo shúile ach oiread na fríde agus mé ag breathnú ar aitheasc deireanach Rutte.

Amhail Emmanuel Macron le deireanas sa Fhrainc, cinneadh Rutte dul sa seans le toghchán roimh dheireadh a théarma ba chúis le bua mór na heite fíordheise san Ísiltír anuraidh. Tháinig deireadh le ré Rutte san Háig an tseachtain seo, ach cuireadh tús le ré a d’fhéadfadh a bheith i bhfad níos dorcha.

Fág freagra ar 'Deireadh le ré Rutte san Ísiltír, an baol ann go bhfuil ré I bhfad níos dorcha romhainn'