Deireadh curtha leis an gclár Spórt Iris ar TG4 tar éis bliain amháin

Níor thug TG4 aon chúis do Tuairisc maidir le cén fáth nach mbeidh an tsraith ag filleadh i mbliana

Deireadh curtha leis an gclár Spórt Iris ar TG4 tar éis bliain amháin

Tá sé deimhnithe ag TG4 nach mbeidh an clár cainte spóirt Spórt Iris ag filleadh ar an stáisiún i mbliana.

Níor mhair an tsraith, a bhí á cur i láthair ag Dara Ó Cinnéide, ach séasúr amháin ar an aer tar éis di tosú samhradh na bliana seo caite.

Níor thug TG4 aon chúis do Tuairisc maidir le cén fáth nach mbeadh an tsraith ag filleadh i mbliana.

“Ní bheidh Spórt Iris mar chuid de sceideal spóirt na bliana seo ar TG4,” a dúirt urlabhraí ón stáisiún. “Má bhíonn sraith spóirt á lorg do sceideal TG4 amach anseo, fógrófar na dintiúirí ar shuíomh coimisiúnaithe TG4.”

An comhlacht Iris Productions, a bhfuil obair déanta acu ar sholáthar rugbaí TG4, a bhí i mbun léirithe ar an tsraith Spórt Iris.

Cuireadh fáilte roimh an scéal go raibh Spórt Iris le craoladh anuraidh, cúig bliana tar éis do TG4 deireadh a chur leis an gclár Seó Spóirt, a raibh an-mheas air.

Naoi n-eagrán de Spórt Iris a craoladh anuraidh idir tús mhí an Mheithimh agus deireadh mhí Iúil agus dhírigh an tsraith ar chúrsaí Chumann Lúthchleas Gael den chuid is mó.

Craoladh an chéad eagrán mar chuid de Chomórtas Peile na Gaeltachta 2023 i Leitir Móir, ach craoladh an chuid eile de na cláir beo ó Pháirc an Chrócaigh agus súil á caitheamh ar chluichí móra peile agus iomána i dteannta aíonna speisialta.

Is ar Spórt Iris a labhair bainisteoir Phort Láirge ag an am, Liam Cahill, den chéad uair, faoi chliseadh’iománaithe na nDéise i gcraobh na bliana seo caite agus bhí Joe Brolly ar dhuine de na haíonna eile a bhí ar an gclár.

Fágann an cinneadh gan an tsraith a thabhairt ar ais nach mbeidh aon chlúdach ag TG4 ar chraobhacha sinsir na bhfear sa pheil agus san iomáint i mbliana.

 

Fág freagra ar 'Deireadh curtha leis an gclár Spórt Iris ar TG4 tar éis bliain amháin'