Deireadh an róid ‘le feiceáil go soiléir anois’ – An Taoiseach

Dheimhnigh an Taoiseach go mbeadh mí eile ar a laghad den dianghlasáil ann ach dúirt sé go mbeadh idir 55-60% de dhaoine fásta vacsaínithe go hiomlán faoi dheireadh an Mheithimh

Deireadh an róid ‘le feiceáil go soiléir anois’ – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna gur go mall a d’athosclófaí an stát ach go raibh deireadh an bhóthair le “feiceáil go soiléir” anois.

Dúirt sé dá dtiocfadh na vacsaíní mar atá geallta, go mbeadh an tsnáthaid faighte ag 40% de dhaoine os cionn 18 faoi dheireadh Aibreáin, go mbeadh sí faighte ag 64% faoi dheireadh mhí na Bealtaine agus go mbeadh sí faighte ag 82% faoi dheireadh an Mheithimh. 

Bheadh idir 55% agus 60% de dhaoine fásta vacsaínithe go hiomlán faoi dheireadh an Mheithimh.

“Tiocfaimid slán as seo. Tuigim a dheacra is atá sé agus an rian atá á fhágáil aige ar mheabhairshláinte agus ar shláinte daoine. Ach tá a fhios agam chomh maith go bhfuil an deireadh anois le feiceáil go soiléir againn,” arsa an Taoiseach agus plean nua Covid-19 an Rialtais á sheoladh aige.

Dheimhnigh an Taoiseach go mbeadh mí eile den dianghlasáil ann agus go mbeadh srianta Leibhéal 5 i bhfeidhm go dtí an 5 Aibreán ar a thúisce. Beidh na scoileanna ag athoscailt Dé Luain seo chugainn do ranganna áirithe.

Dheimhnigh sé chomh maith gur ar an 5 Aibreáin a dhéanfar cúrsaí a athbhreithniú faoin bplean nua le maireachtáil leis an víreas, COVID-19 Resilience and Recovery 2021 – The Path Ahead. I mBéarla amháin a foilsíodh an plean tráthnóna ar shuíomh an Rialtais.

Déanfar cinneadh i dtús an Aibreáin, a dúirt Martin, faoi chuid de na srianta a bhaineann le bualadh le daoine taobh amuigh a mhaolú. Déanfar athbhreithniú freisin ar an gcosc taistil 5 ciliméadar agus ar an gcosc ar an spórt faoin aer. 

B’údar mór dóchais na vacsaíní a bheith ar fáil dúinn, a dúirt an Taoiseach, ach chaithfí an stát a athoscailt “go cúramach” go háirithe mar gheall ar an gcineál nua den víreas, B177, arb ionann é agus “víreas nua geall leis”.

 

“Nuair a osclófar rudaí, ba mhaith linn go bhfanfaidís oscailte,” a dúirt an Taoiseach. 

Dúirt sé gur thuig sé “an brú millteach” a bhí ar dhaoine, go raibh daoine “traochta” idir chorp agus anam agus go raibh “a seacht ndóthain” acu de na srianta. D’impigh sé ar dhaoine, áfach, cloí leis na srianta Leibhéal 5 go fóill.

Faoin bplean nua fillfidh 330,000 dalta ar a seomraí ranga an Luan seo chugainn. 

Féadfaidh daltaí Ardteiste agus an chéad cheithre rang bunscoile filleadh ar na seomraí ranga an lá sin. Ar an 15 Márta a fhillfidh an chuid eile de na ranganna bunscoile agus bliain a cúig na hiarbhunscoile. An 12 Aibreán a fhillfeadh daltaí eile na n-iarbhunscoileanna.

Tá sé i gceist faoin bplean go n-athosclófaí an earnáil cúram leanaí de réir a chéile. 

An 8 Márta a chuirfear tús arís leis an Scéim um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige (ECCE), seirbhís nach raibh ar fáil ó mhí Eanáir. Ar an 29 Márta a bheidh cúram leanaí ar fáil do chách arís.

Tá síneadh go deireadh an Mheithimh curtha le hÍocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus leis na tacaíochtaí do ghnóthaí. 

B’éigean an plean paindéime a bhí ag an Rialtas a athrú de bharr a dhéine a bhí an tríú ráig den víreas, cineálacha nua den víreas a bheith ag scaipeadh agus clár náisiúnta vacsaínithe a bheith ar bun. 

Leanfar faoin bplean nua leis an gcosc ar chuairteanna ar chomhluadair eile go dtí an Bhealtaine agus ní luaitear aon dáta cinnte faoina mbeidh cead ag daoine dul ag cuartaíocht nó ag bothántaíocht ar chairde is gaolta. Beidh na srianta taistil 5km fós i bhfeidhm mar níl aon mhaolú orthu sa bplean nua.

Níl aon dáta cinnte luaite ach oiread sa bplean le haghaidh siopaí nach bhfuil riachtanach ná earnáil an fháilteachais a athoscailt.

Meastar go mbeidh sé ina Bhealtaine ar a laghad sula n-athosclóidh siopaí agus seirbhísí pearsanta a deirtear a bheith neamhriachtanach, gruagairí cuir i gcás, agus meastar go mbeidh tithe ósta agus bialanna dúnta go dtí mí an Mheithimh. 

Fág freagra ar 'Deireadh an róid ‘le feiceáil go soiléir anois’ – An Taoiseach'

  • An Teanga Bheo

    Scoil ag oscailt an e sin e ..? Ceard an chuid eile againn?.