Fonn ar Fitzgerald aghaidh a thabhairt ar chosc dí Aoine an Chéasta mar cheist ‘phráinneach’ san athbhliain

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Frances Fitzgerald go raibh ‘práinn’ ag baint leis an leasú seo ar dhlí atá fréamhaithe ‘sa stair’

"Closed Pubs On Good Friday" Mulligans Pub on Poolebeg Street, Dublin which was closed on Good Friday. 29/3/2002 Photo:/RollingNews.ie
An Teach Tábhairne Mulligan’s agus é dúnta ar Aoine an Chéasta Pictiúr:/RollingNews.ie

D’fhéadfadh go mbeidh cead feasta deochanna meisciúla a cheannach ar Aoine an Chéasta má ghlactar le leasú ar an dlí ceadúnúcháin a bhfuil sé i gceist ag an Aire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald,  é a thabhairt os comhair an Oireachtais san athbhliain.

Thug an tAire Dlí agus Cirt le fios sa Dáil go raibh sé i gceist aici aghaidh a thabhairt ar cheist na dí ar Aoine an Chéasta mar chuid den Bhille um Dhíolachán Alcóil, ach go raibh cur chuige nua á ghlacadh aici chuici féin toisc an mhoill a bhain le dréachtú an Bhille sin.

Tá an tAire anois i mbun machnaimh ar aghaidh a thabhairt go luath san athbhliain ar an dlí a chuireann cosc ar dhíol deochanna meisciúla ar Aoine an Chéasta. Dúirt sí go raibh ‘práinn’ ag baint leis an leasú seo ar dhlí atá fréamhaithe ‘sa stair’.

“However drafting of that complex Bill [An Bille um Dhíolachán Alcóil] has been delayed and I am, therefore, at present considering whether it may be possible to proceed with a number of pressing reforms to the Licensing Acts in a separate Bill in the New Year.

“Provisions relating to alcohol sales on Good Friday would fall to be considered in that context,” a dúirt an tAire Fitzgerald.

Bhí an tAire Fitzgerald ag freagairt ceist scríofa Dála ón Teachta Dála neamhspleách, Peter Matthews.

Fág freagra ar 'Fonn ar Fitzgerald aghaidh a thabhairt ar chosc dí Aoine an Chéasta mar cheist ‘phráinneach’ san athbhliain'