Deireadh á chur ‘faoi choim’ le stádas lárnach na Gaeilge sa chóras oideachais

Dar le sochtheangeolaí aitheanta gur deis é an Breatimeacht an t-ilteangachas a chur chun cinn agus an Ghaeilge ina lár istigh, ach deir sé nach aon údar dóchais polasaí nua de chuid na Roinne Oideachais

Deireadh á chur ‘faoi choim’ le stádas lárnach na Gaeilge sa chóras oideachais

Tá ráite ag saineolaí ar pholasaí an stáit i leith na Gaeilge go bhfuil an chuma ar chur chuige nua na Roinne Oideachais i leith dhíolúine na Gaeilge gurb amhlaidh gurb é a polasaí ná “deireadh a chur faoi choim” le stádas lárnach na teanga sa chóras.

Dar leis an Dr John Walsh, an sochtheangeolaí aitheanta, gur chóir féachaint ar an mBreatimeacht mar dheis “éalú ó laincisí an aonteangachais” agus an t-ilteangachas a chur chun cinn agus an Ghaeilge ina lár istigh.

“Ní féidir aon phlé a dhéanamh ar an ilteangachas gan an Ghaeilge a chur san áireamh, ach is beag ceangal a dhéantar idir polasaí dá leithéid agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus níl aon phlean ann an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na n-inimirceach.

“Ba chóir féachaint ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge mar rud a chuirfeadh bonn maith faoin ilteangachas, ach tá an chuma ar athbhreithniú lochtach na Roinne Oideachais ar phróiseas dhíolúine na Gaeilge go bhfuil polasaí ann deireadh a chur faoi choim le stádas lárnach na teanga. Go hachomair, chun an t-ilteangachas a chur chun cinn, ní mór dúinn straitéis a bheith againn do gach teanga agus stádas na Gaeilge a chosaint san am céanna,” arsa an Dr John Walsh in alt leis a foilsíodh san Irish Times inniu.

Dar le John Walsh go bhfuil “idé-eolaíocht an aonteangachais” seanbhunaithe sa státchóras atá, dar leis, as tiúin leis an saol ilteangach in Éirinn mar atá.

Maidir leis an nGaeilge, deir sé nár chuir an Stát seirbhísí ar fáil i nGaeilge riamh in ainneoin stádas na teanga.

Ba chóir dar leis an sochtheangeolaí dualgas a chur ar na meáin i dtaobh an ilteangachais a chothú.

Deir Walsh nach gcuirfidh an Breatimeacht deireadh le “forlámhas na Breataine ar mhargadh na meán in Éirinn” ach gur chóir ar a laghad beartais a chur i gcrích chun go mbeadh teacht go héasca ar rogha eile maidir le foinsí eolais i dteangacha éagsúla.

Dúirt Breandán Mac Cormaic, iarchathaoirleach ar COGG, le déanaí  go bhfuil ceisteanna móra le freagairt faoi “bona fides” na Roinne Oideachais i leith na Gaeilge agus amhras air go bhfuil an bonn á bhaint ag státseirbhísigh de pholasaí Gaeilge an Stáit.

Tá ráite ag Pádraig Ó Duibhir, leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, nach bhfuil ‘bunús taighde ar bith’ leis na leasuithe atá le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus gur a thuilleadh díolúintí a bheidh mar thoradh orthu.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an córas nua “ag teacht cuid mhór” lena raibh le rá ag an mbreis is 11,000 duine a d’fhreagair suirbhé na Roinne faoin díolúine. 

Tá sé á mhaíomh ag an Roinn gur i gcásanna eisceachtúla amháin a cheadófaí díolúine feasta, an t-áiteamh is mó a bhfuil amhras léirithe ag saineolaithe oideachais faoi ó fógraíodh an córas nua.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur ‘faoi choim’ le stádas lárnach na Gaeilge sa chóras oideachais'