Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide ag TG4

Tagann Deirdre Ní Choistín i gcomharbacht ar Trevor Ó Clochartaigh ar ceapadh é ina Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna sa stáisiún le déanaí

Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide ag TG4

Tá Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide ag an TG4.

Tá Ní Choistín, arb as Cill Dara ó dhúchas di ach a bhfuil cónaí uirthi ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara, ag obair le TG4 ó 1999.

Tá sí ina heagarthóir ar Molscéal TG4 faoi láthair.

Tagann sí i gcomharbacht ar Trevor Ó Clochartaigh ar ceapadh é ina Stiúrthóir Oibríochtaí agus Acmhainní Daonna sa stáisiún le déanaí.

Dúirt Deirdre Ní Choistín go raibh sí ag “súil go mór” lena post nua tráth a bhfuil “go leor dul chun cinn á dhéanamh” ag an stáisiún.

Dúirt Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha agus Comhpháirtíochta TG4 go raibh taithí ag Deirdre Ní Choistín ar ghnéithe éagsúla d’earnáil na craoltóireachta agus tuiscint aici ar straitéis an stáisiúin agus a lucht féachana.

“Níl amhras orm ach go dtabharfaidh sí faoina cúram nua le díograis agus fuinneamh le deimhniú go bhfuil an pobal ar an eolas faoi chláir agus seirbhísí TG4,” arsa Lís Ní Dhálaigh.

Sular bunaíodh Molscéal in 2017, mar léiritheoir agus mar stiúrthóiur a bhíodh Deirdre Ní Choistín ag obair den chuid is mó agus í ag obair ar chláir amhail  7 Lá,ComhráRóisín, agus ‘Léirmheas Leabhar’.  D’oibrigh sí chomh maith ar gach  clár toghcháin a bhí ag TG4 ó 2002 i leith. 

Tá sí pósta ar Bhreandán Ó Conláin, as an Spidéal, agus tá ceathrar mac acu, Finian, Fiachra, Darach agus Éanna.

 

Fág freagra ar 'Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Bainisteoir Cumarsáide ag TG4'