Deir an Taoiseach go bhfuil Béarla, Fraincis agus Gearmáinis aige, ach céard faoin nGaeilge?

MEASCRA TOGHCHÁIN: Fáilte go dtí meascra toghcháin Tuairisc.ie, mar a mbíonn gach cineál iontais agus neamhiontais againn ó Olltoghchán 2020

Deir an Taoiseach go bhfuil Béarla, Fraincis agus Gearmáinis aige, ach céard faoin nGaeilge?

Teangacha an Taoisigh

Gan dul anonn agus anall leis, ní gach duine a bhí sásta leis an bhfíseán toghcháin is déanaí ón Taoiseach Leo Varadkar.

Ag freagairt ceisteanna a chuirtear faoi ar an ngoogle atá an Taoiseach sa bhfíséan agus tá go leor den tuairim gur iarracht chiotach eile a bhí ann a chur in iúl dúinn gur fear mar chách Leo a d’íosfadh stéig leis an gcuid is fearr acu.

Ach thugamarna suntas don cheist a cuireadh ar an Taoiseach faoi na teangacha atá aige. ‘English,’ ar sé agus ansin mhaígh sé go raibh un petit peu Français aige chomh maith le Deutsch na scoile.

Níor luaigh sé in aon chor go raibh cúpla focal aige den teanga ar gheall sé nuair a ceapadh ina Thaoiseach é go labhródh sé gach lá í.

Nuair a ainmníodh ina Thaoiseach i nDáil Éireann é, ba i nGaeilge a chuir Leo Varadkar tús lena óráid. Go deimhin, murab ionann agus daoine eile, labhair sé smeadar beag Gaeilge ag díospóireacht na gceannairí an tseachtain seo.

Tá ráite aige go minic nach bhfuil sé chomh líofa sa Ghaeilge agus ba mhaith leis go fóill ach go bhfuil iarracht á déanamh aige an teanga a fhoghlaim.

Dúirt ceannaire nua Fhine Gael le Tuairisc.ie in 2017 go raibh sé an-sásta leis an dul chun cinn a rinne sé le linn cúrsa Gaeilge ar fhreastail sé air agus go raibh sé i gceist aige cúrsa eile a dhéanamh.

Go gairid sular ceapadh ina Thaoiseach é, chríochnaigh Varadkar Leibhéal 4 den chúrsa a chuireann Gaelchultúr ar fáil d’fhostaithe san earnáil phoiblí.

“Bhain mé taitneamh as an gcúrsa agus chuir sé go mór le mo mhuinín. Tá rún agam coinneáil leis,” a dúirt ceannaire Fhine Gael le Tuairisc.ie ag an am.

Ach an amhlaidh gur mó a mheas anois ar theangacha Angela agus Emannuel ná teanga Bhríd agus Pháid?

Nó b’fhéidir gur dearmad a bhí ann nár luaigh sé an Ghaeilge ina fhíseán nua.

Botún daonna.

An Béarla éigeantach…

Enda Kenny. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá naoi mbliana ann anois ó chuir Enda Kenny cochall ar an gcosmhuintir lena mholadh fáil réidh leis an nGaeilge ‘éigeantach’ don Ardteist. D’fhág moladh Kenny, arbh éigean dó é a chaitheamh i dtraipisí i ndiaidh an toghcháin, go raibh an Ghaeilge i lár an aonaigh in Olltoghchán 2011.

Táthar ann a deir nár mhaith an t-iarThaoiseach do ghluaiseacht na teanga an troid láidir a chuireadar suas i gcoinne a mholta agus gurb é sin ba chúis len é a bheith ábhairín patuar faoina gcuid éileamh ina dhiaidh sin.

Ar a laghad, bhí Kenny sásta dul sa bhearna bhaoil agus beartas ar léir gur chreid sé ann a mholadh.

Ach cé a rachaidh sa bhearna bhaoil sa toghchán seo chun cur i gcoinne na foghlama éigeantaí?


Cruinneas phobalbhreitheanna TG4 agus mana Gaeilge Fhine Gael


De réir thorthaí suirbhé a a d’fhoilsigh an Irish Independent an tseachtain seo, deir 36% de dhaltaí Ardteiste gur chóir go mbeadh an Béarla ina ábhar roghnach.

Níl focal cloiste ag Meascra Toghcháin ó pholaiteoir ar bith faoin éagóir seo agus eagla orthu go léir is cosúil aghaidh a thabhairt ar bhó bheannaithe an Bhéarla éigeantaigh.

Tá sé in am athbheochan a dhéanamh ar an Language Freedom Movement.

Agus tá ár n-uimhir a haon ag…

Tá fiú Meascra Toghcháin ag éirí bréan faoin tráth seo leis an bhfrios frais go léir faoin toghchán agus is beag acmhainn leadráin atá fanta linn tar éis trí seachtaine. Ach déanaimid eisceacht i gcónaí do thráchtaireacht fheilmeanta fhónta Ghearóid Uí Thuathaigh, a sheachnaíonn ráitis mheirgeacha sheanchaite na tráchtaireachta polaitiúla.

Rinne TG4 lá maith oibre nuair a fuair siad an staraí agus tráchtaire dá n-anailís toghcháin. An bhfuil duine ar bith, i mBéarla nó i nGaeilge, chomh líofa, grinn agus údarásach ina chuid anailíse is atá fear Luimnigh?

Ar nós aon staraí maith feiceann sé an pictiúr mór.

Tá an t-ádh le TG4 agus RTÉ RnaG é a bheith acu.

Ach is aige féin atá an gradam is mó – vóta uimhir a haon Meascra Toghcháin.

Fág freagra ar 'Deir an Taoiseach go bhfuil Béarla, Fraincis agus Gearmáinis aige, ach céard faoin nGaeilge?'

  • Risteárd

    Ní dhéanfadh LV dearmad anGhaeilge a lua dá mbeadh tábhacht ag baint léi ina thuairim féin.

  • Conchubhar Briain

    ‘Sé GÓT an GOAT i gcursaí tráchtaireachta!

  • Pól Ó Braoin

    Níl aon tábhacht ag baint leis an nGaeilge ná le cúrsaí na gaeltachta agus míníodh an méid sin go glinn glan soiléir dúinn an oíche cheana ar feadh achar dhíospóireacht na gceannairí…