Deichniúr eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart

355 duine le Covid-19 atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 263 duine ó dheas den teorainn agus 92 duine ó thuaidh di

Deichniúr eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart

Tá deichniúr eile a raibh Covid-19 orthu básaithe sa Tuaisceart.

355 duine a raibh Covid-19 orthu atá básaithe in Éirinn faoin tráth seo, 263 duine ó dheas den teorainn agus 92 duine ó thuaidh di.

112 cás nua den choróinvíreas a deimhníodh ó thuaidh.

8,163 cás san iomlán atá in Éirinn faoin tráth seo, 6,574 cás ó dheas agus 1,589 ó thuaidh.

Cuireadh tástáil don choróinvíreas ar 11,006 duine sa Tuaisceart go dtí seo agus os cionn 50,000 tástáil atá déanta ó dheas.

Tá os cionn 500 cás deimhnithe anois i mBéal Feirste, an áit is mó ina bhfuil cásanna deimhnithe den ghalar, beagnach aon trian de na cásanna ó thuaidh.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth ar chuir baill d’Fheidhmeannas Stormont teachtaireacht speisialta amach ag impí ar dhaoine fanacht ag baile le linn saoire na Cásca.

Tá 28 duine eile básaithe ó dheas de bharr na paindéime Covid-19, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

500 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna inné, i gcomparáid le 365 cás Dé Céadaoin.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan tráthnóna gur ardú ar líon na dtástálacha atá á ndéanamh ba mhó ba chúis leis an ardú.

Fógrófar tráthnóna síneadh ama leis na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas agus tabharfar léargas chomh maith do mhuintir na hÉireann faoi céard a d’fhéadfadh tarlú má bhíonn rath ar an gcéad tréimhse dianghlasála eile.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris gur dóigh go bhfógrófar inniu síneadh ama “roinnt seachtainí eile” leis na srianta a tugadh isteach chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas.

Meastar go bhféadfadh na srianta a tugadh isteach chun scaipeadh an ghalair mharfaigh a choinneáil faoi chois a bheith i bhfeidhm go dtí tús mhí na Bealtaine.

Dúirt an tAire agus agus Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go gcuirfí eolas nua ar fáil inniu chomh maith faoi cén plean atá ann maidir le deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta sa chás go mbíonn rath orthu.

Fág freagra ar 'Deichniúr eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart'