Deich lá eile den spalladh gréine atá i ndán dúinn 

Níl aon mhaolú ar an teocht ard seo nach dual dúinn sa mBealtaine agus lucht na haimsire ag tuar go mbeidh sé 24 céim Celsius sa taobh thiar den tír arís amárach

Deich lá eile den spalladh gréine atá i ndán dúinn 

An tuar aimsire is déanaí ó Met Éireann gur deich lá eile den spalladh gréine atá i ndán dúinn sa tír seo.

Níl aon mhaolú ar an teocht ard seo nach dual dúinn sa mBealtaine agus lucht na haimsire ag tuar go mbeidh sé 24 céim Celsius sa taobh thiar den tír arís amárach.

Más grian a bheidh ag formhór na tíre, táthar ag gealladh ceathanna in áiteanna i gCúige Mumhan agus i ndeisceart Chonnacht leis an iarnóin agus amach sa tráthnóna. D’fhéadfadh cuid de na ceathanna sin a bheith trom agus an baol ann go mbeidh stoirmeacha toirní thart. Sa taobh thoir den tír beidh gaoth mheasartha anoir agus an teocht idir 16 agus 17 céim Celsius, seacht gcéim níos fuaire ná san iarthar.

A bhuíochas don ardbhrú atá ag seadú anseo, beidh bun ar an aimsir ghréine seo agus fanfaidh an teocht ard sna déaga nó sna fichidí beaga.

Lá te grianmhar a bheas againn Déardaoin cé go mbeidh smúit ar an ngrian scaití. Idir 18 agus 22 céim Celsius an teocht atá geallta ach leis an gcósta thoir beidh fuarú beag ón ngaoth éadrom nó mheasartha anoir aduaidh.

Tuilleadh den ghrian is an teaspach neamhshéasúrtha seo atá á ghealladh don Aoine agus ar a theo, an teocht idir 17 agus 21 céim ach fágfaidh an ghaoth mheasartha anoir go mbeidh sé beagán níos fionnuaire san oirthear.

Deireadh seachtain gréine is teasa atá á thuar dúinn freisin agus an chuma ar dhálaí meitéareolaíochta go mbeidh an teocht idir 17 agus 22/23 céim Celsius, ach ó tharla leoithne anoir a bheith fós chugainn, beidh sé beagán níos fuaire leis an gcósta thoir.

Níl aon fhaoiseamh ón triomach is teas á ghealladh i dtús na seachtaine seo chugainn ach an oiread agus is é an tuar faoi láthair go bhfanfaidh an teocht go hard sna déaga nó sna fichidí beaga.

Tá fainic thábhachtach á cur ag Met Éireann ar aon duine a bheas ag triall ar aibhneacha, lochanna nó ag dul le cósta ag an deireadh seachtaine le sásamh a bhaint as an aimsir bhreá seo a bheith fíor-airdeallach maidir le sábháilteacht ar an uisce. Moltar freisin do dhaoine gan dearmad a dhéanamh iad féin agus an dream óg a chosaint ón ngrian agus í a sheachaint i mbolg an lae mura mbíonn scáth iontach agat.

Fág freagra ar 'Deich lá eile den spalladh gréine atá i ndán dúinn '