‘D’eascair sraith iomlán raidió as an gcomhrá beag amháin sin’

Caitheann Tuairisc.ie súil siar ar 2020 le roinnt Gael. An geábh seo, tá Séamus Ó Scanláin, Clár-Reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla & Láithreoir, Glór Tíre ar TG4

‘D’eascair sraith iomlán raidió as an gcomhrá beag amháin sin’

1. Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2021

Saoirse…a bheith in ann corraí amach aríst agus bóthar a bhualadh – ar ghnaithí nár bhain leis an obair nó le bia a cheannacht! Fuair mé aisteach é, uaigneach fiú, gan a bheith in ann cuairt cheart a thabhairt ar dhaoine muinteartha ná ar chairde ar feadh píosa mór i gcaitheamh na dianghlasála. Ba ardú croí a bhí ann a bheith in ann cuid den ‘ghnáthshaol’ a fheiceáil aríst– nuair a tugadh cead a gcinn dúinn!

2. Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2021

Scéal a fháil i gclinic an dochtúra teaghlaigh go raibh vacsaín in aghaidh an Chovid-19 le fáil agam.  Má bhí áthas le bheith orm faoi thada i mbliana – b’in é. Bhí a fhios agam, b’fhéidir go mbeadh fuascailt eicint i ndán ón víreas agus níos mó ná sin dóchas le fáil, de réir mar a bhí an chuid is mó den phobal ag fáil cosaint ina aghaidh.

3. Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2021

Faoi dheireadh…ceann nach bhfuil aon bhaint aige le Covid! Praghsannaí tithe agus an costas a bhaineann le tógáil a bheith ag gabháil san ainmhéid…is mó gruaim agus brón a chuir sé orm ná cantal. Feictear dom go bhfuil agus go mbeidh sé thar a bheith deacair ag an nglúin sin againne atá ag iarraidh bualadh faoin saol, drannadh le háit dá gcuid féin a cheannacht nó a thógáil go ceann i bhfad. Is níl neart ar bith againn air ach an oiread.

4. Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2021?

Níos mó de shásamh a bhaint as an saol. Tá na seacht ndiabhal orm féin agus ar go leor a’ déanamh imní faoi rudaí beaga, murab é an jab é, is rud eicint eile é. Faigh sásamh intinne – cibé cén bealach, trí dhul amach ag siúl…a dhul ag éisteacht le ceol agus amhráin. Ith (nó ól!) rud eicint a thaitníonn leat, corruair.
Anois, dhá mbeinn in ann comhairle a thógáil uaim féin, ní bheadh aon chaill orm!

Tá leagan cainte a bhíodh ag mo Mhamó, go ndéana Dia grásta uirthí…”Tiocfaidh laethantaí maithe fós….!”…agus is fíor di. Déanaim iarracht é sin a rá liom féin scaití agus mé ag breathnú siar ar an mbliain atá caite.

5. Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2021?

D’éirigh. Bhí sé de rún agam le fada, sraith cainte de mo chuid féin a chur le chéile le craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chomh tráthúil lena bhfaca tú agus mé ag caint le seanchara liom, atá cúpla bliain níos óige ná mé, thosaigh muid ag

cur cúrsaí an tsaoil trína chéile.

D’eascair sraith iomlán raidió as an gcomhrá beag amháin sin…An Chéad Ghlúin Eile. Agus níor baineadh tada as sraith a 2 fós!!

Fág freagra ar '‘D’eascair sraith iomlán raidió as an gcomhrá beag amháin sin’'