Deas a bheith i bhfochair Jessie Pinkman arís, an gcuireann scannán ‘Breaking Bad’ aon ní le domhan na sraithe?

An cheist a chaithfear a chur i gcónaí i gcás an scannáin atá bunaithe ar mhórshraith teilifíse ná an bhfuil an scamhadh chun airgid ag teacht salach ar an scéal

Deas a bheith i bhfochair Jessie Pinkman arís, an gcuireann scannán ‘Breaking Bad’ aon ní le domhan na sraithe?

El Camino: A Breaking Bad Movie

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Vince Gilligan

Cliar: Aaron Paul, Jonathan Banks, Matt Jones, Charles Baker, Jesse Plemons, Bryan Cranston

Níor éirigh le Friends é a dhéanamh riamh, chac lucht Sex and the City ar na huibheacha na trí bhabhta a dheineadar é, dhein Deadwood is Downton Abbey an cúram go cumasach slachtmhar níos luaithe i mbliana agus ar deireadh tá David Chase ar tí é a dhéanamh le The Sopranos. Sea, tá borradh faoi na scannáin atá bunaithe ar shraitheanna mór-ráchairte teilifíse. Iad á dtabhairt ar an bport le críoch níos iomláine a chur le cúrsaí agus, gan amhras, le teacht i dtír ar dhúil agus pinginí an lucht féachana.

An cheist a chaithfear a chur i gcónaí ná an bhfuil an scamhadh chun airgid ag teacht salach ar an scéalaíocht? An bhfuil saothair á gcur os ár gcomhair nach bhfuil aon ghátar leo? An bhfuil an t-aguisín ag baint den iomlán?

’Sí tuairim na coitiantachta ná go raibh gá le críoch a chur le Deadwood mar nach raibh ach trí shraith sa chnuasach agus gur imigh saothar de phlimp gan an scéal a bheith críochnaithe i gceart.

Tá lucht The Sopranos chun réamhscannán a dhéanamh a bheidh suite i dtréimhse eile ar fad, le carachtair agus aisteoirí nua den chuid is mó. Saothar iomlán as an nua a bheidh ansin againn, nach mór. Ní bhaineann an dá thréith sin leis an saothar seo. Chuir an clár deireanach de Breaking Bad an dlaoi mhullaigh ar shraith chorraitheach chliste, ceann de na sraitheanna drámaíochta is cumasaí riamh, dar le mórán. Ina theannta sin tarlaíonn eachtraí an scannáin seo díreach i ndiaidh eachtraí na sraithe. 

Nuair a fógraíodh an scannán bhí cad é bús faoi cé acu ón gcliar bunaidh a bheadh ar ais ar an scáileán. Gan amhras bhíothas teoranta sa chúram seo óir go raibh an oiread sin de na carachtair ba gheanúla agus ba shuimiúla curtha de dhroim seoil. Thángthas as an tsáinn sin, go pointe, trí úsáid a bhaint as iardhearcadh.

Ina dhiaidh sin féin tá an bhreis i d’aghaidh nuair atánn tú ag iarraidh saothar dhá uair an chloig a bhaint as scéal ina mbíodh leithéidí Walter, Hank, Mike, Fring agus Saul.  D’fhéadfadh Saul (Bob Odenkirk) a bheith tugtha ar ais, ach mar go bhfuil a shraith thathagach féin aige siúd – Better Call Saul – is dócha gur cinneadh gan é a tharraingt isteach anseo.

Ní shin le rá nach bhfuil a mhaitheasaí féin ag baint leis an scannán. Ceardaí cruthanta é Vince Gilligan, leis an bpeann agus leis an gceamara agus tá sin léirithe aige le Breaking Bad agus Better Call Saul. Ní leomhfadh sé a oidhreacht a scrios agus tá míreanna áirithe, Jesse ag cuardach airgid i dtigh bithiúnaigh mar shampla, a thugann na seanlaethanta chun cuimhne. Beidh Aaron Paul luaite leis an gcarachtar seo go deo agus beidh sé deacair dó éalú uaidh. Tugann sé léiriú cumasach ar fhear atá cráite ag a bhfuil déanta aige, is déanta air, fear atá i ndeireadh na feide agus ag iarraidh na cosa a thabhairt leis.

Ní dóigh liom go bhfaigheadh an té nach bhfaca an tsraith aon bhlas ar an saothar seo agus b’fhearr dóibh siúd a chonaic an seasca dó clár úd achoimre sraithe a aimsiú ar dtús ar YouTube leis na carachtair agus castaí ar fad a mheabhrú dóibh féin.

Cé go raibh sé go deas a bheith i bhfochair Jessie ní dóigh liom gur chuir sé aon ní le domhan eisceachtúil Breaking Bad. 

Fág freagra ar 'Deas a bheith i bhfochair Jessie Pinkman arís, an gcuireann scannán ‘Breaking Bad’ aon ní le domhan na sraithe?'