Déarfá gur cluiche soineanta go leor é Monopoly, ach bheadh dul amú ort…

Is léir nár éirigh liom galar an ‘Monopoly’ a ghlanadh amach as an teach uilig

Déarfá gur cluiche soineanta go leor é Monopoly, ach bheadh dul amú ort…

Cheap mé go raibh na seiteanna den chluiche Monopoly uilig sa teach curtha i bhfolach agam, nó dóite, nó curtha síos i bpoll mór faoi dhorchadas na hoíche agam.

Ach is léir nár éirigh liom an galar a ghlanadh amach as an teach uilig agus gur tháinig seit amháin slán ón sciúrsáil.

Déarfá gur cluiche soineanta go leor é, ach b’fhéidir nár chaith tú sách fada á imirt le go dtuigfeá gur céasadh is pionós é mar chaitheamh aimsire.

Tá muid ag tarraingt amach na gcluichí boird arís anois agus na laethanta ag giorrú, ach bhí súil agam nach bhfeicfinn an Monopoly arís go deo. B’fhearr liom Battleships nó Nathair is Dréimirí nó Cluedo féin ná é, dá gcuirfí iachall orm rogha a dhéanamh.

Is geall le téarma príosúnachta cluiche Monopoly. Níl a fhios ag éinne cén chaoi a n-oibríonn na rialacha, is ná habair liom na treoracha a léamh mar ní dhéanfaidh mé é sin. An rud is measa uilig faoi ná go dtéann sé ar aghaidh is ar aghaidh is ar aghaidh gan deireadh ar bith leis.

Níl a fhios agam cén chaoi a bhfuil an oiread seiteanna sa teach againn, ach tá barúil agam gur bronntanais a bhí i gcuid acu a thug daoine dúinn agus iad ag glanadh bruscar amach as a dtithe féin.

Go deimhin, nuair a chuimhním anois air, tháinig fear ag an doras lá agus chaith seit isteach chugainn. Bhí dearmad déanta agam air. Ní hé go bhfuil aon aithne mhaith againn ar an bhfear céanna, smear-aithne más tada é.

Leaindeáil sé ag an doras is an bosca aige. ‘Bhí mé ag glanadh amach an tí, is chuimhnigh mé go mb’fhéidir go dtaitneodh sé seo leis na gasúir,’ a dúirt sé is chaith sé ar a sháil is isteach sa gcarr leis is é imithe sula raibh deis agam é a thabhairt ar ais dhó. Is dóigh go raibh sé ag iarraidh a bheith lách. Nó an raibh?

Bhí an ceart aige, le bheith féaráilte dhó, thaitin sé iontach leis na gasúir. An locht ba mhó a bhí agam ar an gcluiche ná go raibh siad ag iarraidh ormsa é a imirt in éineacht leo.

Níl a fhios agam an é an seit sin nó seit eile a bhí leagtha amach ar fud an urláir sa seomra suite acu an lá cheana nuair a shiúil mé isteach. Bhí an cluiche faoi lán seoil is bhí chuile ní ceannaithe suas ag an mBabaí is bhí an Cailín Mór Beag beo bocht agus chuile phingin caite aici ar chíos a íoc leis.

Rug an Cailín Mór Beag ar chufa mo chairdeagain is mé ag dul thairsti. ‘An bhfuil aon airgead Monopoly agat Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom agus cuma chráite uirthi. ‘Níl tada fágtha agam!’

‘Tabharfaidh mé iasacht duit,’ a deir an Babaí, fear an airgid, más airgead Monopoly féin é.

Shíl mé gur thug an tairiscint faoiseamh di. ‘Go raibh maith agat,’ a deir sí leis, buíoch as an iasacht.

Chonaic mé fadhb na géarchéime tithíochta leagtha amach os mo chomhair sa gcluiche beag ar urlár an tseomra suite. Seo tuilleadh dhó anois, a chuimhnigh mé. Na vultures!

‘Ná tóg aon iasacht pé bí céard a dhéanfaidh tú!’ a d’ordaigh mé di. ‘Fág anois é.’

‘Mamaí,’ a deir an Babaí, ‘níl ann ach cluiche.’

Fág freagra ar 'Déarfá gur cluiche soineanta go leor é Monopoly, ach bheadh dul amú ort…'