Bhí osna mhór faoisimh le cloisteáil ó pháirtithe an rialtais nuair a d’fhoilsigh an Irish Times an phobalbhreith is deireanaí a léirigh go raibh feabhas áirithe ar leibhéal a gcuid tacaíochta, go háirithe Fine Gael a bhí ceithre phointe níos fearr ná mar a bhí siad san Irish Times roimhe seo.
Mar sin féin, níl an oiread sin sásaimh le baint acu as an scéal i ndáiríre. Tá Sinn Féin glsn chun tosaigh ar bharr an liosta le 35%, i bhfad chun cinn ar Fhine Gael atá ar 22%, agus Fianna Fáil atá ar 21%.
Cinnte tá méadú mór ar thacaíocht Fhine Gael i gCúige Mumhan ach gan a leithéid le sonrú in aon áit eile.
Chomh maith leis sin, má bhreathnaíonn muid ar na 27 pobalbhreith a foilsíodh ag comhlachtaí éagsúla ó thús na bliana, feiceann muid nach bhfuil ach pointe amháin nó dhó de dhifear i gcás aon aon cheann de na mórpháirtithe.
Sa gcomhthéacs sin tá sé deacair a fheiceáil go bhfuil aon dul chin cinn suntasach déanta ag páirtithe an rialtais mar gheall ar an mbuiséád, mar a bhí á mhaíomh ag an Irish Times.
Ag an am céanna tugann pobalbhreith fhabhrach uchtach is ardú meanman d’aon pháirtí, is b’fhéidir go dtabharfadh an ceann seo misneach do pháirtithe an rialtais don todhchaí.
Níos tábhachtaí, ámh, tá sé soiléir (bunaithe ar na figiúirí seo) go mbeidh Sinn Féin in uachtar i ndiaidh an olltoghcháin ach níl sé soiléir cén chomhghuaillíocht a bheidh le cur le chéile acu chun iad a chur isteach sa rialtas.
Sé sin le rá, nach bhfuil tada nua sa bpobalbhreith seo. Ach mar sin féin, ceapaim go bhfuil cor nua sa bpolaitíocht.
Ar dtús, agus toghchán eile ar na bacáin ó thuaidh, tá Sinn Féin ag glacadh anois leis an smaoineamh faoi chomhúdarás ar an Tuaisceart. Bhí leisce orthu roimh a leithéid roimhe seo mar ní raibh aon iontaoibh acu as Fianna Fáil, faoi cheannas Mhichíl Martin.
Ach is cosúil anois go bhfeiceann siad buntáiste i socrú den chineál sin agus iadsan sa rialtas ó dheas agus iad mar sin ag roinnt na cumhachta go díreach leis na Sasanaigh.
Sa gcomhthéacs sin ar ndóigh is cuma faoi dhearcadh na nAontachtaithe.
Cinnte, ní bheidh fonn dá laghad orthu dul isteach le Fianna Fáil agus Martin fós i gceannas ar an bpáirtí, ach níl mórán ann nach gcreideann go n-imeoidh seisean go luath.
Ach b’fhéidir gurb é an cor is spéisiúla ná an iarracht dháiríre atá ar siúl ag Fine Gael le híomhá an náisiúnachais a bhaint d’Fhianna Fáil.
Bhí sé spéisiúil gur labhair Leo Varadkar ag an gcruinniú sin a d’eagraigh Todhchaí na hÉireann. Ní raibh Micheál Martin ann, ar ndóigh.
Ach tá sé níos spéisiúla gur ag beirt Phrotastúnach atá chuntosaigh i bhFine Gael ag labhairt faoi athaontú na hÉireann – Neale Richmond as Baile Átha Cliath, a labhair in éineacht le Varadkar i mBaile Átha Cliath, agus an comhairleoir as Dún Laoghaire, Lorraine Hall, Protastúnach ó cheantar na teorann, Muinchille i gcontae can Chabháin. Beidh Lorraine Hall ag labhairt ag an gcéad chruinniú mór eile de chuid Thodhchaí na hÉireann i mBéal Feirste.
Bí ag caint faoi theacht aniar aduaidh ar Fhianna Fáil. I ndiaidh do Shinn Féin tacaíocht na náisiúnach i measc an lucht oibre a ghoid uathu, tá Fine Gael anois ag déanamh an rud céanna i measc na meánaicme.
Cinnte, tá daoine i bhFianna Fáil, cosúil le Jim O’Callaghan, a fheiceann an baol atá ann dóibh, ach cén fhaid a thógfaidh sé orthu fáil réidh le Martin agus tosú ar an troid ar ais?
Ach má thuigeann O’Callaghan agus Barry Cowen an chontúirt, tá Fianna Fáil i gcoitinne fós sa bhfaopach maidir leis an rogha idir Fine Gael agus Sinn Féin.
Tá gach cosúlacht air go rachadh Michael McGrath le Fine Gael, agus tá amhras ann an mbeadh an tacaíocht ag O’Callaghan an post mór a bhaint amach.
Sin í an cheist mhór atá roimh pholaiteoirí is tráchtairí araon. Ach nuair a bhíonn a n-aird ar phobalbhreith nach ndeir aon rud nua linn i bhfírinne is léir nach dtuigeann siad an scéal mór.
Feiceann Sinn Féin é mar sin féin. Agus ceapaim gurb é seo an fáth go bhfuil siad ag caint anois faoi chomhúdarás. Sin duais mhór do Shinn Féin, agus más gá dóibh socrú a dhéanamh leis an diabhal chun an duais sin a bhaint amach ceapaim go ndéanfaidís an socrú sin.
Agus, ar ndóigh, sé Fianna Fáil an diabhal a ndéanfaidh siad an socrú leeo.
Fág freagra ar 'Déanfaidh Sinn Féin socrú leis an diabhal ar mhaithe le comhúdarás don Tuaisceart'