Deir leasuachtarán Stáit Mheiriceá gurb é a mian ná ainmniúchán a páirtí don toghchán uachtaránachta “a shaothrú agus a bhuachan”.
Thug an tUachtarán Joe Biden a bheannacht inné do Harris mar iarrthóir nuair a d’fhógair sé féin go raibh sé ag éirí as an rás.
Dúirt Harris gur “onóir” di beannacht an Uachtaráin a bheith aici.
“Déanfaidh mé gach is féidir liom chun an Páirtí Daonlathach a thabhairt le chéile —agus ár náisiún a thabhairt le chéile— chun an ceann is fearr a fháil Donald Trump agus a chlár oibre míchuibheasach, Project 2025.”
Ghabh sí buíochas le Joe Biden as a “cheannaireacht iontach” agus na blianta fada “seirbhíse” a bhí tugtha aige dá thír.
Is é Joe Biden an chéad uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a d’éirigh as a fheachtas don dara téarma ó rinne Lyndon Johnson amhlaidh 56 bliain ó shin.
Cé gurb í Harris anois rogha na coitiantachta le bheith ina hiarrthóir do na Daonlathaigh, agus beannacht leithéidí Bill agus Hillary Clinton faighte chomh maith aici, ní féidir talamh slán a dhéanamh de gurb í a roghnófar. Meastar gur tréimhse chorraitheach éiginnte a bheidh ann ó thaobh na polaitíochta as seo go dtí Coinbhinisún na nDaonlathach ar an 19 Lúnasa.
Agus beannacht Biden aici, d’fhéadfadh na Daonlathaigh aontú anois gurb í Kamala Harris an duine is fearr a thabharfadh dúshlán Trump agus tacú léi, nó d’fhéadfadh comórtas a bheith ann, rud atá á mholadh ag daoine áirithe sa pháirtí.
Is í Kamala Harris, atá 59 bliain d’aois, an chéad bhean, an chéad duine den chine dubh agus an chéad Mheiriceánach de bhunadh na hÁise a toghadh ina leasuachtarán ar Mheiriceá.
Ní go rómhaith a d’éirigh léi sna pobalbhreitheanna d’fhormhór na tréimhse atá caite aici sa Teach Bán ach tá teacht aniar déanta le tamall aici. Deir a lucht tacaíochta sa pháirtí go meallfaidh sí, mar shampla, fir dhubha agus mná na mbruachbhailte chun vótáil di, dhá ghrúpa a mbeidh na Daonlathaigh ag brath go mór orthu mí na Samhna.
Agus gan ach ceithre mhí fágtha go dtí lá na vótála, bhí Joe Biden faoi bhrú mór éirí as an rás le tamall. Bhí daoine sinsearacha ina pháirtí buartha nach raibh sé ábalta don chúram agus go raibh sé róshean agus rólag chun an ceann is fearr a fháil ar Trump.
Mhéadaigh go mór ar an mbrú sin i ndiaidh na díospóireachta teilifíse idir Biden agus Donald Trump an mhí seo caite. Tubaiste amach is amach a bhí sa díospóireacht uachtaránachta sin agus tosaíodh an chaint láithreach faoi iarrthóir nua a fháil don Pháirtí Daonlathach.
Dúirt Biden gur “pribhléid mhór a shaoil” é a bheith ina uachtarán.
Dúirt go mbeadh a thuilleadh le rá aige an tseachtain seo faoina chinneadh éirí as an toghchán.
Tá Joe Biden i gceartlár shaol na polaitíochta i Meiriceá le leathchéad bliain. Bhí sé ina sheanadóir agus ina leasuachtarán sular bhain sé buaic an Tí Bháin amach ar a thríú hiarracht in 2020.
77 bliain d’aois a bhí sé an uair sin agus é ar an Uachtarán is sine riamh a toghadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Thug Biden iarracht ar ainmniúchán a pháirtí roimhe sin i 1988 agus in 2008.
Roghnaíodh ina dhiaidh sin é mar chomhiarrthóir leis an Uachtarán Barack Obama.
De bhunadh na hÉireann é Biden ó thaobh a athar is a mháthar.
Fág freagra ar '‘Déanfaidh mé an t-ainmniúchán a shaothrú agus a bhuachan’ – Kamala Harris'