Déanfaidh Ciarraí tástáil ar chosaint láidir na Gaillimhe

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar an gcoimhlint idir Ciarraí agus Gaillimh sa tsraith peile agus ar an gcluiche mór iomána idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann

Déanfaidh Ciarraí tástáil ar chosaint láidir na Gaillimhe

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ciarraí v Gaillimh, Páirc Aibhistín de Staic, 2.30i.n. (Iarbheo ar TG4)

Cé go raibh briseadh ceaptha a bheith sa tsraith peile an tseachtain seo caite, b’éigean do Ghaillimh agus Ciarraí dul chun páirce.

Bhí na Connachtaigh ag imirt i gcluiche ceannais na sraithe FBD in aghaidh Ros Comáin ach, mar sin féin, thapaigh Kevin Walsh an deis le scíth a thabhairt dá chuid imreoirí tábhachtacha agus ní bheidh sé róbhuartha gur chaill na Gaillimhigh.

Bhí ar Chiarraí dul chomh fada le Muineachán arís tar éis do chluiche na seachtaine roimhe sin a bheith curtha ar athlá. Ba é an drochscéal céanna a bhí ag fir na Ríochta agus ag Gaillimh, ach beidh Éamonn Fitzmaurice sásta go maith leis an taispeántas a thug siad sa dara leath.

Bhíodh de cháil ar na foirne seo go n-imrídís stíl bhreá, ‘thraidisiúnta’ peile ach, mar atá feicthe againn le blianta beaga anuas, tá córais níos réadúla anois ag an dá fhoireann.

De réir na staitisticí, is ag Gaillimh atá an chosaint is fearr i Roinn 1 agus i Roinn 2, mar níl ach 33 pointe géillte acu sa tsraith go dtí seo. Níor lig siad fiú cúl amháin isteach sna trí chluiche atá imeartha acu, in aghaidh Thír Eoghain, Dhún na nGall agus Mhaigh Eo.

Agus Fitzmaurice tar éis deis a thabhairt do roinnt mhaith imreoirí nua le linn an sraithe, ní haon iontas é nach raibh córas cosanta Chiarraí gan locht go dtí seo, ach beidh an bainisteoir beagáinín buartha go bhfuil 6-36 géillte ag foireann na Ríochta go dtí seo sa tsraith. Agus trí bhabhta imeartha go dtí seo, níl ach dhá fhoireann a bhfuil níos mó ná sin géillte acu, Cill Dara agus Dún na nGall, agus níl aon chluiche buaite ag ceachtar acu sin.

Is maith atá a fhios ag na Ciarraígh nach bhfuil ach bua amháin eile ag teastáil uathu le fanacht bliain eile i Roinn 1, agus tabharfaidh sé sin spreagadh níos mó dóibhsean cluiche an lae inniu a bhuachan. Tá tosaithe níos fearr ag Ciarraí ná a bhí ag na foirne eile a chas ar Ghaillimh go dtí seo agus cuirfear tástáil cheart ar a gcuid cosantóirí tráthnóna.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

 

TJ Reid aagus John McGrath. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cill Chainnigh v Tiobraid Árann

Páirc Uí Nualláin, 2.00i.n. (Beo ar TG4)

Tar éis dóibh drochthús a chur leis an tsraith in aghaidh Chorcaí agus i gcoinne An Chláir, bhí bua ag teastáil go géar ó iománaithe Chill Chainnigh Dé Domhnaigh seo caite agus rinne siad an beart in aghaidh Phort Láirge.

Bhí TJ Reid ar ais i mbarr a mhaitheasa agus 1-11 a fuair sé i gcoinne na nDéiseach. Is maith a chruthaigh an tosach óg Martin Keoghan, a d’aimsigh 0-5 ón imirt, freisin. Údar misnigh é sin d’fhoireann Brian Cody, ach is cinnte go dtabharfaidh Tiobraid Árann dúshlán níos mó dóibh tráthnóna.

Chaill fir Michael Ryan sa chéad bhabhta in aghaidh An Chláir ach rinne siad go maith ó shin agus tá Port Láirge agus Loch Garman buailte acu. Rud amháin a chuirfidh isteach go mór ar Thiobraid Árann ná go mbeidh roinnt imreoirí tábhachtacha in easnamh orthu.

Bhí Jason Forde, a bhí ar fheabhas sa tsraith go dtí seo, agus John McGrath ag imirt d’Ollscoil Luimnigh i gcluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin inné agus tá John ‘Bubbles’ O’Dwyer agus Séamus Callanan gortaithe faoi láthair.

Agus Tiobraid Árann ag teacht go dtí Páirc Uí Nualláin, is cinnte nach mbeidh aon spreagadh ag teastáil ó na Cait agus d’fhéadfadh sé gur daor a d’íocfadh Tiobraid Árann as na himreoirí cumasacha sin a bheith ar iarraidh.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'Déanfaidh Ciarraí tástáil ar chosaint láidir na Gaillimhe'