Dealbh Pháidí Uí Shé á nochtadh in Ard a’ Bhóthair

Beidh dealbh nua de laoch Chiarraí agus na Gaeltachta, Páidí Ó Sé, á nochtadh ag ócáid speisialta i gCeann Trá an deireadh seachtaine seo

Páidí Ó Sé tar éis Craobh na hÉireann a bhuachan i 1985, bliain ina raibh sé ina chaptaen ar Chiarraí. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Páidí Ó Sé tar éis Craobh na hÉireann a bhuachan i 1985, bliain ina raibh sé ina chaptaen ar Chiarraí. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Nochtfar dealbh cré-umha de laoch peile Chiarraí, Páidí Ó Sé, taobh amuigh dá theach tábhairne ar a fhód dúchais in Ard a’ Bhóthair trathnóna amárach, an lá a bheadh an trí scór sroichte aige.

Is é Mick O’Dwyer, a bhí i gceannas ar Chiarraí do gach ceann de na hocht gcraobh Uile-Éireann a bhuaigh Páidí, a nochtfaidh an dealbh agus beidh a lán pearsain mhóra de chuid CLG agus eile i láthair i gCeann Trá.

Is iad Coiste Cuimhneacháin Pháidí Shé a choimisiúnaigh an dealbh agus is toradh dhá bhliain oibre é an ócáid amárach. Tar éis dó bás a fháil go tobann i mí na Nollag, 2012, tháinig cairde Pháidí le chéile chun an coiste a bhunú agus comóradh a dhéanamh ar shaol an iarpheileadóra.

Meastar go raibh costas €70,000 ar an dealbh, idir bunobair tógála agus dearadh an deilbh féin. Bhí tiomsú airgid ar bun le 18 mí anuas agus eagraíodh ócáidí ar nós ceolchoirm san INEC i gCill Airne an Eanáir seo caite, chomh maith le comórtas gailf i mBaile Átha Cliath i mí Bealtaine 2014.

Is é an dealbhóir Seamus Connolly as an gClár a chruthaigh an dealbh. Rinne an t-ealaíontóir céanna dealbh den scríbhneoir John B. Keane i Lios Tuathail agus laoch iomána Luimnigh Mick Mackey i gCaisleán Uí Chonaill.

Is é Mícheál Ó Muircheartaigh a bheidh ina fhear an tí ar an ócáid agus beidh Banna Ceoil Cheann Trá ag seinm ar an lá chomh maith. Cuirtear fáilte roimh an bpobal a bheith i láthair ag an nochtadh agus cuirfear tús leis an ócáid ag 2.45i.n.

Beidh ócáid ar leith ar siúl an deireadh seachtaine seo freisin do laochra nua peile iarthar Chiarraí, is iad sin foireann Phobal Scoil Chorca Dhuibhne, a bhuaigh Corn Uí Ógáin don dara bliain as a chéile an mhí seo caite.

D’éirigh le buachaillí na Pobalscoile an ceann is fearr a fháil ar Scoil na mBráithre, Ros Comáin, i gcluiche crua i bPáirc an Chrócaigh agus bronnfar na boinn ón mbua sin ar na himreoirí anocht in Óstán na Sceilge sa Daingean. Beidh uachtarán nua CLG, Aogán Ó Fearghail, i láthair agus eisean a bheidh ag bronnadh na mbonn ar na himreoirí.

Fág freagra ar 'Dealbh Pháidí Uí Shé á nochtadh in Ard a’ Bhóthair'