‘Dea-thoil an DUP de dhíth chun reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm’ – saineolaí

Deir Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an CAJ, go bhfuil an baol ann go bhféadfadh ‘cumhachtaí’ an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire bac a chur ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta Gaeilge

‘Dea-thoil an DUP de dhíth chun reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm’ – saineolaí

Deir Daniel Holder, Leas-Stiúrthóir an Committee on the Administration of Justice ó thuaidh go bhfuil “dea-thoil pholaitiúil” agus “an meon ceart” de dhíth chun an reachtaíocht nua don Gaeilge a chur i bhfeidhm go héifeachtach ó thuaidh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Daniel Holder, saineolaí i gcearta an duine agus i gcúrsaí reachtaíochta gur “dul chun cinn suntasach” a bhí sa reachtaíocht Ghaeilge a tugadh isteach mar chuid den mhargadh chun feidhmeannas Stormont a athbhunú. Dúirt Holder, áfach, go bhféadfadh “cur isteach polaitiúil” bac a chur ar fheidhmiú na reachtaíochta atá geallta mar chuid den socrú.

“D’fhéadfadh go n-oibreodh an socrú seo go han-mhaith má bhíonn an dea-thoil agus an meon ceart ann chuige agus má dhéanann gach duine a ndícheall chun an oifig seo a chur ar a cosa.

“Ach má chuirtear an bac polaitiúil céanna roimpi agus a cuireadh roimh reachtaíocht don Ghaeilge roimhe seo, d’fhéadfaí í a chur dá boinn agus bheadh tuilleadh plé ag teastáil ansin chun bealaí a aimsiú leis an reachtaíocht a neartú,” a dúirt Holder, a bhí ar dhuine de na cainteoirí ag ‘Unpacking ‘New Decade, New Approach; Irish Language Deal, An Expert Analysis’ ócáid sa a d’eagraigh Conradh na Gaeilge sa Chultúrlann i mBéal Feirste aréir.

Dúirt Holder go raibh feidhmiú éifeachtach na reachtaíochta ag brath ar “cé acu an ndéanfadh nó nach ndéanfadh an DUP iarracht feidhmeanna na hoifige a mbeidh mar chúram uirthi an reachtaíocht a chur i bhfeidhm a chur ó rath ”.

Maidir leis na dualgais teanga a bheadh i gceist sa státchóras thabharfadh an Coimisinéir Teanga nua isteach, ach chaithfeadh sé cead an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire a fháil.

“D’fhéadfadh an foras a bheidh ag cur na reachtaíochta i bhfeidhm a bheith breá ábalta agus an-éifeachtach i gcur chun cinn agus i gcosaint na teanga, ach ceann de na fadhbanna atá ann go bhféadfadh cur isteach polaitiúil é a chur dá bhoinn, tá go leor cumhachta ag an Chéad-Aire agus ag an LeasChéad-Aire,” a dúirt Daniel Holder.

Dúirt Holder gur “dul chun cinn suntasach” a bhí sa soláthar don Ghaeilge in New Decade, New Approach, go háirithe agus Coimisinéir Teanga agus Caighdeáin teanga luaite leis.

“Is cinnte nach bhfuil sé chomh láidir leis an reachtaíocht Ghaeilge a gealladh faoi Chomhaontú Chill Rímhinn, mar a raibh forálacha sa reachtaíocht a bhí i bhfad níos cuimsithí ach is dul chun cinn suntasach é,” a dúirt Leas-Stiúrthóir an CAJ.

Maidir leis an stádas a bhronnfar ar an Ghaeilge, dúirt Holder go dtabharfaidh an reachtaíocht Ghaeilge mar atá sé anois “aitheantas oifigiúil do stádas na Gaeilge” ach nárbh ionann é sin agus an stádas oifigiúil atá ag an Bhreatnais sa Bhreatain Bheag, mar shampla.

“Is iondúil i gcás stádas oifigiúil go mbeadh ráiteas dearbhaithe faoin teanga i reachtaíocht agus go mbeadh forálacha ann a dtabharfaí stádas dlí dóibh.

“Tugann an Bille seo ‘aitheantas oifigiúil do stádas na Gaeilge’ seachas stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge ó thaobh dlí de. Sa Bhreatain Bheag, cuir i gcás, is cur chuige atá bunaithe go docht ar chearta atá i bhfeidhm, bíonn dualgais ort i leith na Breatnaise agus is féidir iad a chur i bhfeidhm ar na forais. Faoi reachtaíocht na Gaeilge, ní mór do na húdaráis phoiblí ‘aird mar is cuí a thabhairt ar chaighdeáin dea-chleachtais’.

“Ní mór dóibh an dea-chleachtas a chur san áireamh agus tugann sin seasamh áirithe do na moltaí ach ní hionann é agus iad a bheith ina gceangal dlí, mar atá sa Bhreatain Bheag,” a dúirt Daniel Holder ón CAJ.

Fág freagra ar '‘Dea-thoil an DUP de dhíth chun reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm’ – saineolaí'