Dea-scéal ó TG4 do na fíorGhaeil fhíorGhaelacha a bhíonn ag caint fíorGhaeilge Gaelaí

Tá leagan anamúlachta de ‘An Béal Bocht’, ceann de na húrscéalta Gaeilge is clúití riamh, le craoladh ar TG4 Lá Nollag

Dea-scéal ó TG4 do na fíorGhaeil fhíorGhaelacha a bhíonn ag caint fíorGhaeilge Gaelaí

Do na fíorGhaeil fhíorGhaelacha sin a bhíonn ag caint fíorGhaeilge Gaelaí i dtaobh na Gaeilge fíorGhaelaí, tá dea-scéal ann – tá leagan anamúlachta de cheann de na húrscéalta Gaeilge is clúití riamh le craoladh ar TG4 Lá Nollag i mbliana.

An Béal Bocht, an t-aon úrscéal Gaeilge a scríobh Brian Ó Nualláin faoin ainm cleite Myles na gCopaleen, ag cur daoine ag gáire ó foilsíodh den chéad uair é i 1941.

Tá an leagan úr déanta ag beirt léiritheoirí as Doire, Tom Collins agus Pearse Moore agus ba é John McCloskey ó Raw Nerve Productions i nDoire a rinne an obair anamúlachta.

Tá duaiseanna go leor bainte ag An Béal Bocht agus as siocair gur bhain sé gradam An Scannán Anamúlachta is Fearr ag Féile Scannán an Fheabhail, an t-aon fhéile scannán ó thuaidh atá i dteideal scannáin a mholadh do choiste na nOscar, beidh sé san iomaíocht do Ghradam Oscar in 2019.

Ar na glórtha atá le cluinstin sa scannán aorach faoi Ghael óg atá ag meabhrú ar a shaol agus é i gCarcair Shligigh, tá Seán Mistéal, Donncha Crowley, Tommy Tiernan agus Bob Quinn. 

Seo an chéad uair gur léiríodh an leabhar ar an scáileán mór agus is é an chéad scannán anamúlachta atá déanta ag an stiúrthóir mór le rá, Tom Collins.

Ba é Tom Collins a stiúir Kings, an chéad scannán Gaeilge a cuireadh chun cinn don ghradam Oscar is fearr i dteanga iasachta, thiar in 2008.

Beidh Bónapárt Ó Cúnasa, an seanduine liath agus muintir Chorca Dorcha go léir le feiceáil ar TG4 lá Nollag ag 5.25pm.

Fág freagra ar 'Dea-scéal ó TG4 do na fíorGhaeil fhíorGhaelacha a bhíonn ag caint fíorGhaeilge Gaelaí'

  • Ríméad

    Buíochas mór le Dia na Glóire nach mbeidh sé á chraoladh ag an am céanna le haitheasc Nollag na banríona.