Dea-chuimhní ag Gaillimh ar Chaisleán an Bharraigh, roghanna an Chláir, teip Ard Mhacha agus cruinneas Luimnigh

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta is mó ó chluichí craoibhe an deireadh seachtaine

Dea-chuimhní ag Gaillimh ar Chaisleán an Bharraigh, roghanna an Chláir, teip Ard Mhacha agus cruinneas Luimnigh

Shane Walsh. Pictiúr: INPHO

Dea-chuimhní ag muintir na Gaillimhe ar Chaisleán an Bharraigh

Ar an gcéad spléachadh, shamhlófá gur toradh gan choinne a bhí i mbua na Gaillimhe ar Mhaigh Eo ag an deireadh seachtaine. Níl aon amhras ach gurb iad Maigh Eo ríthe Chonnacht le deich mbliana nó mar sin anuas agus seacht gcinn de chraobhacha an chúige buaite acu ó 2011.

Cé gur thug siad drochthaispeántas uathu i gcluiche ceannais na sraithe in aghaidh Chiarraí I bPáirc an Crócaigh is in aghaidh na Gaillimhe a bhí siad Dé Domhnaigh sa bhaile os comhair a lucht leanúna féin agus Páirc Mhic Éil oscailte den chéad uair i mbliana. Buntáiste a bheadh ansin dóibh a cheapfá, ach ní shin mar a bhíonn i gcónaí.

Roimh choimhlint an deireadh seachtaine, ní raibh ach trí cinn den deich gcluiche craoibhe is deireanaí a imríodh idir na foirne buaite ag Gaillimh ach ba i gCaisleán an Bharraigh a bhí péire de na buanna sin, in 2016 agus in 2017. Bhí trí chluiche craoibhe as a chéile buaite ag Maigh Eo in aghaidh na Gaillimhe roimh chluiche an Domhnaigh ach is i Luimneach (2019), Staid an Phiarsaigh (2020) agus Páirc an Chrócaigh a imríodh na cluichí sin.

Tá dea-chuimhní ag muintir na Gaillimhe ar chluichí i gCaisleán an Bharraigh. Is ann a thosaigh Gaillimh an chraobh in 1998, nuair a bhuadar ar Mhaigh Eo sula ndeachaigh siad ar aghaidh chun Craobh na hÉireann a bhuachan. Bhí cluiche ceannais na hÉireann caillte ag foireann Mhaigh Eo an dá bhliain roimhe sin, mar a rinne siad freisin le dhá bhliain anuas –  dea-chomhartha do Ghaillimh, b’fhéidir.

Is i bPáirc Mhic Éil freisin a bhuaigh Gaillimh cluiche ceannais Chonnacht 2008 in aghaidh Mhaigh Eo a bhuíochas cuid mhór de shárthaispeántas le Pádraic Joyce. Thosaigh tréimhse ceannais Mhaigh Eo ar an gcúige thart ar an am sin. ach cé nár chaill Maigh Eo ach ocht gcluiche i gConnacht sa 15 bliain idir 2008 agus 2022, chailleadar sé cinn acu (75%) i gCaisleán an Bharraigh. 

 

Peter Duggan. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Filleadh O’Donnell agus Duggan ina bhuntáiste mór don Chlár

Bhí iománaithe an Chláir ag fanacht níos faide ná aon dream eile chun tús a chur le craobh na bliana 2022 ach beidh Brian Lohan an-sásta leis an méid a chonaic sé Dé Domhnaigh agus bua cumasach acu ar Thiobraid Árann.

Iontas na n-iontas, ba é Tony Kelly príomhscórálaí an Chláir ach is iad na taispeántais a thug beirt tosaithe eile is mó a thabharfadh sásamh do lucht tacaíochta na foirne. Agus an bheirt acu díreadh fillte ar an bhfoireann, scóráil Peter Duggan 1-2 agus fuair Shane O’Donnell dhá phointe,

Ba é cluiche an lae inné an chéad cluiche craoibhe a d’imir Duggan don Chlár le trí bliana anuas tar éis dó 2020 agus 2021 a chaitheamh san Astráil. Bhí an tosach ar fheabhas don Chlár in 2019, nuair a bhuaigh sé gradam All Star tar éis dó 3-76 a scóráil in ocht gcluiche agus bhí cuma na maitheasa air arís i nDurlas inné.

Maidir le O’Donnell, chaill sé amach ar chraobh na bliana seo caite tar éis dó buille sa cheann a fháil le linn seisiúin traenála. Dúirt O’Donnell go raibh sé ceithre seachtaine ag suí ar an tolg gan é in ann tada a dhéanamh, gan trácht ar bhreith ar chamán. Ní dheachaigh sé chun páirce i rith an earraigh ach an oiread, ach bhí sé ar ais ar an bhfoireann inné agus d’éirigh an-mhaith leis leis sa líne leatosaithe.

Bhí na Cláirínigh ag brath rómhór ar Tony Kelly le cúpla bliain anuas agus níl aon amhras ach gurb é an t-imreoir is tábhachtaí ar an bhfoireann go fóill ach cuideoidh filleadh Duggan agus O’Donnell go mór leo agus iad ag iarraidh teacht amach as Craobh na Mumhan sna seachtainí amach romhainn.

 

Kieran McGeeney. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

Teip eile ag McGeeney agus Ard Mhacha

Tá dul chun cinn déanta ag peileadóirí Ard Mhacha le blianta beaga anuas agus ardú céime ó Roinn 2 bainte amach acu anuraidh. Rinne siad go maith acu i Roinn 1 i mbliana freisin. Is maith an rud go ndearna, áfach, mar bheadh i bhfad níos mó brú ar bhainisteoir na foirne Kieran McGeeney mura mbeadh cúpla feachtas sraithe maith curtha isteach acu.

Is é séasúr na bliana seo an t-ochtú ceann ag McGeeney i gceannas ar a chontae dúchais agus níl ach trí chluiche i gCraobh Uladh buaite acu le linn an ama sin, in aghaidh an Dúin in 2019, i gcoinne Dhoire in 2020 agus in aghaidh Aontroma in 2021.

Níl aon cheann de na boic mhóra in Ulaidh sáraithe ag Ard Mhacha le linn ré McGeeney agus chaill siad deis eile é sin a chur ina cheart ag an deireadh seachtaine nuair a chailleadar in aghaidh Dhún na nGall.

I ndiaidh na cainte uile roimh an gcluiche faoin achrann idir na foirne ina gcluiche sraithe agus an raic uile a bhí ann faoi cé a bhí ar fionraí agus cé nach raibh, thug Ard Mhacha taispeántas leamh uathu i mBealach Féich. Bhí ceannas iomlán ag Dún na nGall ar an imirt. Ní raibh na Conallaigh ach trí chúilín chun cinn ag leath ama ach ba í fírinne an scéil go mbeadh siad i bhfad níos faide chun cinn mura mbeadh roinnt mhaith iarrachtaí curtha amu acu. Rinne cúl Patrick McBrearty sa dara leath cinnte den bhua ach tá feitheamh fada anois roimh McGeeney agus Ard Mhacha sula mbeidh deis acu a bhfeachtas craoibhe a tharrtháil sna babhtaí cáilithe.

Aaron Gillane. ©INPHO/Laszlo Geczo

Easpa cruinneas Luimnigh

Bíonn John Kiely macánta go maith sna hagallaimh a dhéanann sé i ndiaidh chluichí Luimnigh. Bíonn an umhlaíocht sa treis i gcónaí ina chuid cainte ach tugann sé corr-éachtaint dúinn chomh maith ar an misneach atá go smior ann agus ar an muinín gan teorainn atá aige as a fhoireann.

I ndiaidh do Luimneach an ceann is fearr a fháil ar Phort Láirge ag an deireadh seachtaine thagair sé d’easpa cruinnis sheaimpíní na hÉireann.

An raibh léaró dóchais ansin do bhainisteoirí na gcontaetha eile? Má bhí ní fada a mhair sé. Chuirfeadh lánchinnteacht Kiely go réiteofaí an fhadhb creathán trí aon duine a mbeadh laige á lorg aige i gcuraidh na hÉireann.

“Níl aon amhras orm ach go leigheasfar sin,” a deir Kiely.

Ní hé seo an chéad uair gur thagair bainisteoir Luimnigh d’easpa cruinnis na foirne. An 17 iarracht a cuireadh amú in aghaidh Chorcaí “an t-aon údar díomá” a bhí ag Kiely coicís ó shin i bPáirc Uí Chaoimh.

I gcraobh na Mumhan in aghaidh Chorcaí i mí Iúil seo caite, chuir Luimneach 20 iarracht ar scór amú, ach bhuadar le hocht bpointe. 20 iarracht a chuir siad amú chomh maith i gcoinne Chorcaí an mhí roimhe sin sa tsraith. Farasbarr ocht bpointe a bhí acu an lá sin freisin.

Nuair a bhuail na foirne le chéile arís i gcluiche ceannais na hÉireann mí Lúnasa seo caite, bhí bua 16 pointe ag Luimneach. 3-32 a scóráil Luimneach, an scór is airde riamh i gcluiche ceannais na hÉireann. Ba leor an 3-18 a bhí acu faoi leath ama chun 109 den 139 cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan.

Ach 55 deis a chruthaigh Luimneach i gcluiche ceannais na hÉireann 2021, rud a fhágann nár thapaigh siad 20 deis scórála.

An bhliain roimhe sin, in 2020, chuir Luimneach 16 iarracht amú ar an meán sa chúig chluiche a bhí acu.

0-36, 3-23, 0-25, 0-27 agus 0-30 a scóráil siad sna cluichí sin.

Sí fírinne an scéil ná go gcuireann Luimneach oiread sin seansanna amú mar go gcruthaíonn siad níos mó seansanna ná aon dream eile. Chomh maith leis sin, mar atá ráite ag daoine cheana, bíonn imreoirí Luimnigh sásta tabhairt faoi scóranna agus iad faoi bhrú mar b’fhearr leo poc amach a thabhairt do chúl báire an fhreasúra ná seilbh an tsliotair a chailliúint agus deis ar fhrithionsaí a bhronnadh ar a gcéilí comhraic.

Ní athróidh siad an cur chuige sin anois, ach go bhfóire Dia ar gach aon fhoireann eile má thagann an feabhas ó thaobh cruinnis orthu atá á thuar ag John Kiely.

 

Fág freagra ar 'Dea-chuimhní ag Gaillimh ar Chaisleán an Bharraigh, roghanna an Chláir, teip Ard Mhacha agus cruinneas Luimnigh'