De réir fhianaise na bliana Gaillimh agus Luimneach a bhainfidh áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann

Ba mhaith lenár gcolúnaí as Corcaigh go mbuafadh a chontae dúchais, ach bunaithe ar fhianaise na bliana síleann gurb iad Luimneach a bheidh ag tabhairt faoi Ghaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann i gceann trí seachtaine

De réir fhianaise na bliana Gaillimh agus Luimneach a bhainfidh áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann

Daithí Burke (Gaillimh) agus Aaron Gillane (Luimneach). Pictiúir: INPHO

Agus ansin ní raibh fágtha ach ceithre fhoireann… Ní ó chúige Laighean ach aon cheann amháin acu, agus dar ndóigh, níl Contae na Gaillimhe i gcúige Laighean. 

Pé rud é, tabharfaidh slua mór de mhuintir an iarthair ag tabhairt an bhóthair soir orthu féin inniu agus an chéad cheann de chluichí leathcheannais na hÉireann ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar a cúig a chlog

Is deacair cás a dhéanamh do chontae an Chláir sa chluiche seo. Tá easpa seasmhachta ag baint lena gcuid imeartha le cúpla bliain anois. Mar aon leis sin, ní dóigh liom go bhfuil siad sách láidir le fathaigh na Gaillimhe a chloí. Tá saineolaithe agus saoithe na hiomána ar aon fhocal le tamall agus iad ag rá gurb iad foireann Micheál Donoghue a thabharfaidh craobh na hÉireann leo don dara bliain as a chéile. Bhí cuma na maitheasa orthu i gcluiche ceannais athimeartha Chúige Laighean. Fógra don saol mór a bhí ann nach mbeadh sé éasca ag aon fhoireann iad a bhualadh an chuid eile den séasúr seo. Agus is cinnte nach mbeidh sé éasca.

Ach dar ndóigh, ní sceilpín gabhair don Ghaillimh iad contae an Chláir. Is dócha go gceapann na himreoirí agus an fhoireann bainistíochta go bhfuil seans réalaíoch acu an cluiche a bhuachan, ach bunaithe ar a bhfacamar uathu i mbliana bheadh sé deacair aontú leo.

Ní dóigh liom go mbeidh na cúlaithe atá acu ábalta tosaithe na Gaillimhe a cheansú.

Níl aon dabht ach go bhfuil réalta acu ar fud na páirce ach ní dóigh liom go bhfuil a ndóthain díobh ann. Tabharfaidh gach aon imreoir i líne lánchúil na Gaillimhe dúshlán John Conlon. An bhfaighidh Tony Kelly an spás chun a dhóthain dá chuid draíochta a thaispeáint? An bhfuil sé iontu go leor de na coimhlintí lár páirce a bhuachan? Ní dóigh liom é.

Le blianta beaga anuas chonaiceamar cúpla taispeántas éachtach ó Ghaillimh i gcluichí leathcheannais ach ní dóigh go mbeidh cluiche an lae inniu á lua ina measc sin.

Chuile sheans go mbeidh sé ina chogadh dearg amárach idir Corcaigh agus Luimneach. Go dtí gur baineadh cor astu i gcoinne chontae an Chláir bhí an-chosúlacht ar Luimneach i mbliana agus an chuma air gurb iad an t-aon fhoireann amháin a bhí in ann ag Gaillimh. Maidir le neart, cumhacht agus méid, is iadsan an t-aon fhoireann atá fágtha a bheadh ar aon dul leis an Ghaillimh. Ach tá sliabh eile le dreapadh acu fós agus ní bhfaighidh siad faic éasca amárach. Is dóigh go bhfuil sé de bhuntáiste acu gur imir siadsan dhá chluiche ó bhuaigh Corcaigh craobh na Mumhan. Ceapaim féin go bhfuil sé an-deacair an briseadh, ceithre seachtaine faoin tráth seo, idir craobh an chúige agus an cluiche leathcheannais a láimhseáil. Tá móiminteam an dá chluiche agus an dá bhua ag Luimneach agus iad ag tabhairt faoi dhúshlán an lae amáraigh.

Ceapaim go bhfuil éacht déanta ag Corcaigh go dtí seo. Bhíodar ar fheabhas ar fad ar feadh tréimhsí i ngach cluiche cé go raibh a mhalairt fíor freisin ar feadh tréimhsí eile. Tá roinnt mhaith imreoirí den scoth acu agus caithfidh go bhfuil John Meyler sásta go leor go bhfuil craobh an chúige buaite acu agus go bhfuil siad sa chluiche leathcheannais arís i mbliana, mar a bhíodar anuraidh. Rachaidh an taithí sin chun a leasa amárach. Tá an fhoireann níos fearr ná mar a bhíodar anuraidh agus beidh sé deacair iad a bhualadh. Ach tá an-mhuinín ag Luimneach chomh maith i bhfianaise na mbuanna breátha eile sin ar fad a bhí acu i mbliana agus nuair a dhéanann tú gach rud eile a chur san áireamh, is deacair an mhuinín sin a bhualadh.

Sa chluiche a bhí eatarthu i gcraobh an chúige, ceathrar déag a bhí ag imirt do Luimneach don dara leath ar fad. Bhí tréimhsí sa chluiche sin ina raibh Corcaigh go mór in uachtar ach arís is arís eile léirigh Luimneach an teacht aniar atá iontu.

Ar deireadh thiar, ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne. Mar Chorcaíoch ba mhaith liom gan amhras go mbuafadh mo chontae féinig ach, ag féachaint dom ar fhianaise na bliana ar fad, ceapaim go mb’fhéidir gurb iad Luimneach a bheidh ag filleadh ar an ardchathair i gceann trí seachtaine chun tabhairt faoi sheaimpíní 2017.

Fág freagra ar 'De réir fhianaise na bliana Gaillimh agus Luimneach a bhainfidh áit amach i gcluiche ceannais na hÉireann'