De réir a chéile a thógann Kadare a chaisleán cruthaitheach

Is spéisiúil an meascra de chúrsaí polaitíochta agus cultúir in ‘The Doll’ le hIsmail Kadare

De réir a chéile a thógann Kadare a chaisleán cruthaitheach

The Doll (Harvill Secker) le hIsmail Kadare

Tá Ismail Kadare ar dhuine de na scríbhneoirí is clúití ar domhan faoin am seo. Is beag gradam mór liteartha nach bhfuil buaite ag fear na hAlbáine agus seo slisín de leabhar uaidh faoi chúrsaí clainne agus cruthaitheachta, The Doll (Harvill Secker, aistrithe go Béarla ag John Hodgson).

Ní leabhar mór suntasach é ó thaobh líon na leathanach de; beagán le cois 150 leathanach agus iad beag go maith mar leathanaigh. Agus ábhar tanaí go maith, ar an chéad amharc, an caidreamh idir é agus a mháthair, cúrsaí croí agus cailíní agus na chéad iarrachtaí a rinne sé le peann a chur le pár.

An rud is mó a chuireann iontas ormsa go bhfuil muid á léamh ar chor ar bith. Samhlaigh é – scríbhneoir as coirnéal beag den chruinne, an Albáin, a mhair faoi réimeas míthrócaireach Cumannach, a scríobh i dteanga diomaite den Bhéarla agus a bhain clú agus cáil amach dó féin ar bhonn domhanda. Sea, tá an rud céanna déanta ag Houellebecq ach bhí de bhuntáiste aige sin gurbh í an Fhraincis a bhí aige mar mheán cruthaitheach agus go raibh clú agus cáil ar litríocht na Fraince le fada fada an lá. Ní thiocfadh leat sin a rá faoin Albáin.

Is spéisiúil an meascra de chúrsaí polaitíochta agus cultúir atá le fáil sa leabhar. Agus é ag foghlaim a cheirde ar chúrsa i Moscó, scríobh sé:

Something that in the writers’ school was quite normal, but at the same time seemed to come from heaven, brought an unavoidable change into my life. The novel. The desire to write one was something between an order and a temptation. I knew that communism had founded this institution, at the very heart of its empire, not to cultivate literature but to destroy it. So I was a soldier of a death squad, summoned to do my pitiless duty of assault and slaughter.

Is láidir an íomhá í sin, saighdiúir i scuad an bháis. Cad é an fonn a bheadh ar scríbhneoir ar bith bás litríochta a thabhairt? Ionsaíonn na léachtóirí údair nach bhfuil iontaofa, dar leo:

In the mornings, during the classes of what might be called the ‘black mass’ , the lectures against Joyce-Kafka-Proust trio, we learned that we must not write like them; while at nights, tortured by doubt, we could hardly resist the temptation of writing precisely in their manner.

Briseann an dúchas trí shúile an chait.

(Aisteach mar a théann Joyce i bhfeidhm ar údair na mBalcán. Scríobh Dubravka Ugresic, údar comhaimseartha eile a fuair a hoiliúint ollscoile san iar-Iúgslaiv faoi Joyce agus í idir shúgradh agus dáiríre: ‘I sweated under James Joyce just to master the most sophisticated literary skills. I went to bed with lots of writers, even Russians, even two writers at once, Ilf and Petrov, to learn the sweet strategies of seduction. I slept with Dumas, Rabelais and Hasek in order to learn the techniques of achieving literary satisfaction. I spent lots of nights with lots of people and I was up for anything…’)

De réir a chéile a thógann Kadare a chaisleán cruthaitheach; de réir a chéile a fhoilsíonn lucht liteartha a chuid iarrachtaí agus is de réir a chéile a éiríonn a mháthair imníoch, í den tuairim go dtabharfaidh a mac droim láimhe léi agus é a dhéanamh scríbhneoir de féin.

Ní bean mhór liteartha í a mháthair ná ní dream liteartha iad a mhuintir ach tá splanc de chineál inteacht san fhear óg nach féidir a mhúchadh. Caithfidh sé a anam a dhéanamh sa litríocht agus níl neart aige air. As tobar na mblianta luatha sin a bhaineann sé uisce sa leabhar seo, saothar ciúin, saothar ina bhfeicfeadh an scríbhneoir Éireannach leagan dá shaol agus dá shochaí féin.

Agus seo anois é, scríbhneoir mór le rá, é ina chónaí sa Fhrainc le fada an lá, aistriúcháin dá chuid leabhar le fáil in dhá scór tír, scríbhneoir as tír bheag le teanga bheag. Is é an t-iontas é gur tharla sé ar chor ar bith – ach is maith gur tharla.

Cad é an rud sin a dúirt Kavanagh?:

That was the year of the Munich bother. Which
Was more important? I inclined
To lose my faith in Ballyrush and Gortin
Till Homer’s ghost came whispering to my mind.
He said: I made the Iliad from such
A local row. Gods make their own importance.

Fág freagra ar 'De réir a chéile a thógann Kadare a chaisleán cruthaitheach'