De na staideanna ar fad ar sheas mé iontu, ‘La Bombonera’ Buenos Aires is ansa liom

Imreoidh Boca Juniors agus Newell’s a chéile tráthnóna inniu sa dara cluiche deireanach de chuid an tséasúir. Thabharfainn mo dhá shúil ar a bheith ann…

De na staideanna ar fad ar sheas mé iontu, ‘La Bombonera’ Buenos Aires is ansa liom

Lucht tacíochta Boca Juniors sa mBombonera. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Scaití fiafraíonn daoine díom cé acu de na staideanna ar fad inar sheas mé iontu is ansa liom. Go fírinneach ní ceist í atá mé in ann a fhreagairt. Fós níl aon dabht orm faoin gceann is mó a chuaigh i gcion orm – Staid Alberto J. Armando in Buenos Aires.

Ní móide go n-aithneoidh tú faoin ainm sin é, ach faoina leasainm ‘La Bombonera’ is beag amuigh ansin nach mbeadh a fhios acu láithreach gur ann a imríonn Boca Juniors an fhoireann lenar shínigh Diego Maradona conradh imeartha i 1981 agus é bliain agus fiche d’aois. Ba leo a bhuaigh sé an t-aon bhonn a shaothraigh sé ina thír dhúchais.

Bosca seacláide an bhrí atá le La Bombonera sa Spáinnis, baiste ar an staid mar gheall ar a crot. Le fírinne ba mhó go mór a d’fheilfeadh an teideal ‘Bomba’ don áit. Sin mar go bhfuil sé i riocht a phléasctha chuile gheábh a n-imrítear cluiche inti agus í faoi réir le héirí san aer uair ar bith a mbíonn na Juniors in aghaidh River Plate sa gcluiche ar a dtugtar an Superclásico air.

Níl cathair ar domhan a bhfuil an oiread cumainn sacair inti agus atá i Buenos Aires. 7km bóthair atá idir Boca agus River Plate. Ar chuile bhealach eile tá siad chomh fada óna chéile agus atá an Mol Thuaidh agus an Mol Theas. Cáil an ghustail atá ar lucht leanta River Plate agus ‘Na Milliúnaithe’ an leasainm atá orthu. ‘Sicíní’ a thugann leantóirí Boca orthu agus ‘Lucht an Aoiligh’ atá baiste ag an taobh eile orthu siúd siocair iad a bheith luaite leis an gcosmhuintir.

Níorbh é an Superclásico, mar a thugtar ar chluiche idir Boca agus River Plate, a bhí á imirt an oíche a raibh mé féin agus scata cairde liom sa Bonbonera ach club as ceantar eile de chuid na príomhchathrach a raibh Banfield air.

Mar sin féin agus muid ag cur tuairisce faoi thicéid, cuireadh de chomhairle orainn san óstán gan iad a fháil as ár stuaim féin, ach ar mhaithe leis an tsábháilteacht iad a cheannacht trí cheann de na comhlachtaí a eagraíonn a leithéid agus a mbíonn treoraí dá gcuid siúd in éineacht leat.

Chuir muid tuairisc le hÉireannaigh eile thall ann ar fhaitíos go mba ag tochas ar a cheirtlín féin a bhí fear an óstáin, ach dúradh linn nárbh ea. Ní molfaidís d’aon duine a bheith ag fánaíocht i gceantar La Boca le linn an lae agus gan fios a mbealaigh acu, ní áirím le contráth na hoíche.

Dá bharr sin ba i mionbhus agus ógbhean shlachtmhar mar threoraí againn a bhain muid amach na hionaid sheiceála a bhí timpeall La Bombenera agus léacht ón treoraí faighte againn ag tarraingt ar cheann cúrsa ar an gcontúirt a bhain le scaradh óna chéile.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an gcuaifeach a tháinig isteach sa mionbhus nuair a osclaíodh na doirse. Ní raibh a shamhail le fáil ach an chaoi a mbuaileann an teas daoine ar theacht amach as eitleán dóibh i lár an tsamhraidh i gceann de na tíortha teo. Níorbh é an teas a bhí i gceist taobh amuigh den Bombonera ach an torann.

Agus tabhair torann air – ceol, gleo, glórtha, buinneáin, feadóga, drumaí, trumpaí, bodhráin, síonaíl, gabháil fhoinn, rí-rá agus ruaille buaille. In imeacht dhá scór bliain, fiú i gcúig cinn de Staideanna Oilimpeacha agus in áiteacha eile nach iad ar fud na hEorpa agus na Státaí, níor chuala mé a leithéid.

Rinne mé iontas go mba sórt cábán a d’fheicfeá anseo mar sheomra ranga sealadach a
bhí sa siopa inar cheannaigh muid cúpla féirín – ina measc caipín a chaitheann cuid de mhuintir an tí seo i gcónaí ag cluichí peile de chuid an Spidéil ós rud é gur amhlaidh dathanna don dá dhream. Ba í an chuma sheanchaite chéanna a bhí ar an taobh istigh den staid nuair a shroich muid sin.

Faoi bhun ceann de na seastáin atá an músaem – múrphictiúr de Maradona ar cheann de na ballaí agus dealbha dó féin agus do sheisear laoch eile de chuid an chlub ar taispeáint freisin. Ní call a inseacht cén áit a raibh an scuaine ab faide.

Diego Maradona. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Dá dhonacht a bhí an callán taobh amuigh, ba sheacht measa é taobh istigh agus leathuair mhaith fós ar thús na himeartha. Díreach os mo chomhair bhí seanbheainín chaite a bhí ceithre scóir má bhí sí bliain. Ní raibh aon staonadh uirthi ach ag léimneach, ag screadach, ag caitheamh a cuid lámha san aer agus ag gabháil fhoinn.

Le teann fiosrachta d’fhiafraigh mé den treoraí cén bhrí a bhí leis an amhrán. Dhearg sise go bun na gcluas. “Ní fhéadfainn é a inseacht le teann náire,” a deir sí. Nuair a impíodh uirthi dúirt sí. “Ag caint ar ár gcéilí comhraic atá sí. Bheadh sé ró-mhímhúinte lena inseacht ar fad, ach sa véarsa is neamhurchóidí dó, deirtear gur bastardaí iad.”

Sa roinn ab íochtaraí den seastán taobh linn a bhí an beagán de lucht leanta Banfield a bhí i láthair. Ní raibh aon fhaitíos orthusan ach an oiread iad féin a chur in iúl. Mar sin féin de réir mar a bhí an t-am ag imeacht thug mé faoi deara iad a bheith ag teannadh siar leis an mballa cúil sa gcaoi agus nach raibh mac an pheata acu sa gcuid ba ghaire den pháirc.

Ba ghearr gur thuig mé cén fáth – lucht leanta na Juniors a bhí ar an urlár den seastán a bhí os a gcionn agus iadsan go síoraí ag caitheamh málaí plaisteacha a bhí líonta le stuif éicint anuas ina mullach. Nuair a cheistigh mé an ógbhean faoina raibh sa mála, níor dhúirt sí gur ‘leacht’ a bhí ann. “Níl aon sconnaí in airde staighre agus níl aon chead buidéil a thabhairt suas ann ach an oiread. Fágfaidh mé fút féin é foinse an leachta a dhéanamh amach,” a deir sí.

Is uaigneach go maith an áit é La Bonbonera na laethanta seo déarfainn agus iad ag cuimhneamh ar an mbuta beag de lead óg arbh ionann leithead is airde dó nach mór agus nach raibh suntas ar bith le tabhairt dó go raibh liathróid faoi bhun a chosa (nó a lámha)!

Imreoidh Boca Juniors agus Newell’s a chéile ansiúd tráthnóna inniu sa dara cluiche deireanach de chuid an tséasúir. Thabharfainn mo dhá shúil ar a bheith ann…

Fág freagra ar 'De na staideanna ar fad ar sheas mé iontu, ‘La Bombonera’ Buenos Aires is ansa liom'