David Clifford ainmnithe ina chaptaen ar fhoireann na Ríochta

Cuirfidh Ciarraí tús leis an séasúr nua Dé Sathairn nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh sa chéad bhabhta de Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta.

David Clifford ainmnithe ina chaptaen ar fhoireann na Ríochta

David Clifford. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá David Clifford ainmnithe mar chaptaen ar fhoireann shinsir peile Chiarraí don bhliain seo.

Chuir Bord Chiarraí Thoir ainm Clifford, a bhí ar an bhfoireann as Ciarraí thiar a bhuaigh Craobh Shinsir Peile Chiarraí mí na Samhna seo caite, chun cinn tráthnóna agus glacfar lena ainmniúchán Dé Luain seo chugainn.

Is é Clifford, arb as an bhFosadh dó, an t-aon imreoir ó Chiarraí Thoir a thosaigh do Chiarraí i gcluichí ceannais na hÉireann anuraidh. Tháinig beirt eile ó Chiarraí Thoir, Jack Sherwood agus Dara Moynihan, isteach mar ionadaithe sa dá chluiche i gcoinne Átha Cliath ach is é Clifford atá roghnaithe mar chaptaen.

Níl ach dhá bhliain caite ag an bhfear óg ag imirt d’fhoireann shinsir Chiarraí ach tá ardmholadh faighte aige cheana féin agus dhá ghradam All Stars buaite aige. Beidh sé 21 an tseachtain seo.

Tá machnamh á dhéanamh faoi láthair ar phróiseas roghnaithe an chaptaein i gCiarraí. Is iad seaimpíní Chraobh Shinsir Peile Chiarraí a roghnaíonn an captaen ach tá daoine áirithe sa chontae den tuairim gur cheart fáil réidh leis an gcóras sin agus gur chóir gurb iad an fhoireann bhainistíochta a roghnódh an captaen.

Pléifear an cheist ag cruinniú de Bhord an Chontae an tseachtain seo chugainn.

Cuirfidh Ciarraí tús leis an séasúr nua Dé Sathairn nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh sa chéad bhabhta de Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta.

Fág freagra ar 'David Clifford ainmnithe ina chaptaen ar fhoireann na Ríochta'