Dath dearg le cur an athuair ar an mbosca poist a phéinteáil Misneach

'Ba mhó an fháilte a cuireadh rompu ná tuairimí diúltacha a léiríodh fúthu' a dúirt urlabhraí de chuid An Post faoi na boscaí poist a péinteáladh dearg mar chuid de Chomóradh Céad Bliain 1916

An post bosca dearg

Tá sé i gceist ag An Post an bosca poist a phéinteáil an grúpa Misneach glas arú aréir a phéinteáil dearg arís “a luaithe agus is féidir”.

Chuir Misneach péint ghlas ar an mbosca a péinteáladh dearg mar chuid de Chomóradh Céad Bliain 1916 mar nár aontaigh siad leis an ngné sin den chomóradh. D’fhoilsigh an grúpa ráiteas ar na meáin shóisialta inar cháin siad cinneadh An Post boscaí áirithe a phéinteáil dearg, mar a bhí i 1916.

Dúirt urlabhraí de chuid An Post le Tuairisc.ie aréir go raibh sé i gceist ag an eagraíocht an dath dearg a chur ar ais ar an mbosca mar chuid den chomóradh atá ar siúl acu ar fud na hardchathrach.

“Cuirfidh muid an dath sealadach dearg arís air a luaithe agus is féidir, chomh maith le boscaí eile atá le dathú an tseachtain seo chugainn i gceantar Chill Mhaighneann mar chomóradh ar na ceannairí a cuireadh chun báis. Beidh deich mbosca péinteáilte dearg mar chuid den taispeántas.

“Is bealach é le scéalta 1916 a insint agus glacadh go han-mhaith leis mar thogra ar a fhormhór. Ba mhó an fháilte a cuireadh rompu ná tuairimí diúltacha a léiríodh fúthu. An rud atáimid a rá leis an togra ná ‘tá na boscaí seo anseo le fada an lá, is iomaí scéal maith atá le hinsint acu’,” a dúirt Angus Laverty ó An Post.

Mhínigh sé go bhfuil cód luaite le gach bosca dearg ar féidir a sheoladh ar théacs go An Post. Seoltar físeán mar fhreagra ar an gcód sin ina n-insítear scéal faoi 1916 a bhaineann leis an gceantar ina bhfuil an bosca.

“Tá bosca amháin ag Halla na Saoirse, mar shampla, agus is éard atá san fhíseán sin ná scéal an Fhorógra, a clóbhuaileadh san fhoirgneamh sin, agus eolas faoi James Connolly agus Arm Cathartha na hÉireann,” a dúirt Laverty.

Mhaígh Misneach ina ráiteas freisin go raibh An Post “tar éis fáil réidh leis an leagan Gaeilge dá ainm agus ag glaoch ‘Post’ i mBéarla orthu féin” anois.

Shéan Laverty an méid sin agus dheimhnigh sé do Tuairisc.ie nach raibh aon athrú tagtha ar ainm na heagraíochta “ó bunaíodh sna 1980í é” agus nach raibh athrú ar bith beartaithe dó faoi láthair.

“‘An Post’ is ainm don chomhlacht agus níl aon athrú air sin beartaithe againn. B’fhéidir go raibh míthuiscint orthu faoin lógó atá againn, tá na línte buí agus an focal ‘Post’ mar lógó againn le fada an lá. Ní cuimhin liomsa lógó eile a bheith againn agus is dóigh liom go bhfuil sé ann ó bunaíodh an comhlacht. Táimid an-bhródúil as ár n-ainm,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Dath dearg le cur an athuair ar an mbosca poist a phéinteáil Misneach'

  • R. ua Ruairc

    Tá i gceist ag an Post boscaí eile a dhathú ‘an tseachtain seo chugainn i gceantar Chill Mhaighneann mar chomóradh ar na ceannairí a cuireadh chun báis.’ !

    Aon seans gur chuir sé in iúl do Tuairisc.ie an bhfuil na comharthaí ‘Bailiúcháin Deiridh’ ar na boscaí céanna ag cloí leis an Acht Teange 2003 – sé sin an bhfuil an Ghaeilge chun tosaigh ann ? Chuirfinn féin geall nach bhfuil. Nach é sin bealach níos fearr le comóradh a dhéanamh ?

  • Seán Ó Drisceoil

    Sea, agus seirbhís i ngaeilge a chur ar fáíl do chustaiméirí!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cad chuige dath dearg an Royal Mail?? Tá an ré sin thart (nó b’fhéidir nach bhfuil i mBÁC). Cad chuige nach dtig dathanna brat na hÉireann a chuir ar na boscaí go sealadach?

    Agus tá tús áite ag an Bhéarla ar na comharthaí os cionn na cuntair san Ardoifig (GPO). Fosta bíonn ‘Christmas at the Post Office’ ar na leabharthaí stampaí Nollaig…

    Tá bileoga Béarla á dháileadh go leanúnach ag an eagras seo:- Post do more, Post Insurance, Post Mobile, Post Foreign Exchange, Post Bill Pay…

    Comharthaí taobh amuigh de na hoifigí poist uilig ar fud na tíre – Béarla ar taobh amháin ‘PostOffice’, Gaedhlig ar an taobh eile ‘OifiganPhoist’.

    Agus cé hiad Postfone.ie??

    Má dhéanann tú cuardú ar oifig poist ar an suíomh gréasáin – níl logainmneacha Gaeilge ar bith ann – agus níl aitheantas ar bith tugtha do na logainmneacha Gaeltachta – ar rud ar bith acu.

    Logainmneacha Béarla ar cuid mhaith de na comharthaí ar oifigí poist Gaeltachta fosta. Nár cheart go mbeadh siad dátheangach taobh amuigh den Ghaeltacht agus gan ach Gaedhlig orthu siúd atá suite sa Ghaeltacht? Samhnasach!