Dáta socraithe do Mhórshiúl Gaeilge i mBaile Átha Cliath le linn ‘Bliain na Gaeilge’

Is mar chuid de chomóradh Chonradh na Gaeilge ar 125 bliain a bhunaithe, Bliain na Gaeilge, a bheidh an mórshiúl ‘ceiliúrtha’ á reáchtáil san Ardchathair

Dáta socraithe do Mhórshiúl Gaeilge i mBaile Átha Cliath le linn ‘Bliain na Gaeilge’

Tá dáta socraithe ag Conradh na Gaeilge don chéad mhórshiúl eile ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is ar an 3 Márta 2018 a chruinneoidh lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn le ceiliúradh a dhéanamh ar an teanga.

Murab ionann agus ‘Lá Mór na Gaeilge’, mórshiúl a reáchtáladh mar agóid ar son cearta lucht labhartha na Gaeilge, is “ceiliúradh” a bheidh i mórshiúl na bliana seo chugainn ar an méid atá bainte amach ag pobal na Gaeilge in imeacht 125 bliain.

Beidh Conradh na Gaeilge ag ceiliúradh 125 a bhunaithe i 2018 agus beidh an mhórshiúl á reáchtáil mar chuid de ‘Bliain na Gaeilge’, féile bhliana trína gceiliúrfar an chloch mhíle.

Ritheadh rún ag Ard-Fheis an Chonartha i mBaile Átha Cliath anuraidh go n-eagrófaí mórshiúl san ardchathair “a mbeadh na heagrais Ghaeilge ar fad bainteach leis” mar chuid de Bhliain na Gaeilge.

Ghlac idir 7,500 agus 10,000 duine páirt i Lá Mór na Gaeilge ar an 15 Feabhra 2014. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie go mbeadh sé “deacair a mheas” cé mhéad duine a bheadh i láthair ar an 3 Márta 2018 ach go bhfuil súil ag an eagraíocht dul i bhfeidhm ar ghrúpaí móra, scoileanna agus cumainn spóirt le cur le líon na ndaoine.

Tá an Conradh i dteagmháil le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cheana féin maidir leis an mórshiúl agus na himeachtaí eile atá beartaithe don lá — cainteanna poiblí agus ceol i lár Bhaile Átha Cliath.

“Bhíodh mórshiúl bliantúil ag Conradh na Gaeilge fadó, agus tháinig an smaoineamh chun cinn arís anuraidh agus muid ag comóradh Éirí Amach na Cásca 1916. Bhreathnaigh muid ar na féidearthachtaí a leithéid a dhéanamh arís.

“Is ceiliúradh ar an dul chun cinn atá déanta in imeacht 125 bliain a bheidh ann go príomha. Mar sin féin, beidh deis ann labhairt faoi na rudaí atá fós de dhíth,” a dúirt de Spáinn.

Cuireadh tús leis an bpleanáil don bhliain cheiliúrtha anuraidh agus reáchtáladh seisiún pleanála i mí Mheán Fómhair. Tá an Conradh ag iarraidh ar eagraíochtaí agus daoine aonair imeachtaí a eagrú ar fud na hÉireann i gcaitheamh na bliana seo chugainn, mar chuid den cheiliúradh.

Tá an Conradh ag iarraidh nasc a dhéanamh idir Bliain na Gaeilge 2018 agus an clár nua ‘Éire Ildánach’ a d’fhorbair an rialtas, tionscadal a d’eascair as an gclár comórtha Éire 2016 a tháinig chun deiridh Oíche Chinn Bhliana. Tá súil ag an gConradh cuid den mhaoiniú a bheidh ar fáil as seo go ceann cúig bliana ó Éire Ildánach a fháil dá chomóradh féin.

Deir an eagraíocht go dtabharfaidh ‘Bliain na Gaeilge’ aitheantas “don dul chun cinn ar fad atá déanta ag gach grúpa le 125 bliain anuas leis an nGaeilge a chaomhnú, a bhuanú agus a chur chun cinn”. Maítear gur “deis ollmhór” a bheidh anseo an teanga a chur chun cinn “i slí nua-aoiseach, dhearfach”.

Táthar ag súil go mbeidh gach scoil, coláiste tríú leibhéal, grúpa teanga agus údarás áitiúil, thuaidh agus theas, páirteach sa cheiliúradh. Táthar ag súil chomh maith go nglacfaidh eagraíochtaí amhail CLG agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann páirt sa cheiliúradh agus go gcuirfidh grúpaí eile “nach mbíonn aitheanta leis an nGaeilge de ghnáth”, leithéidí IBEC agus Gasóga na hÉireann, suim sa phlean.

Fág freagra ar 'Dáta socraithe do Mhórshiúl Gaeilge i mBaile Átha Cliath le linn ‘Bliain na Gaeilge’'