DARA Ó CINNÉIDE: Baile Átha Cliath v Ciarraí – scéal nach bhfuil inste ina iomláine go fóill

Is léir do chách le blianta beaga anuas go bhfuil Áth Cliath geall le bheith dochloíte ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh…

DARA Ó CINNÉIDE: Baile Átha Cliath v Ciarraí – scéal nach bhfuil inste ina iomláine go fóill

B’fhéidir gurb é an rud ba mhó a d’eascair as a raibh le rá ag bainisteoir Chiarraí Éamonn Mac Muiris i rith an seachtaine ná gur dócha go gcuirfidh sé le líon na ndaoine a bheidh ag freastal ar chluichí ceannais na sraithe i bPáirc an Chrócaigh amárach.

Agus é ag iarraidh a chuid imreoirí a chosaint ó thráchtaireacht éagothrom agus éagórach, dar leis, dúirt Mac Muiris go raibh sé de dhualgas ar thráchtairí agus ar lucht anailíse an cruas atá go smior i bhfoireann Átha Cliath na linne seo a aithint chomh maith lena dtréithe iontacha eile.

Ní nach ionadh, chuir a chuid cainte conach ar dhaoine cois Life ach b’fhéidir gur chuir sé pobal a chontae féin ag machnamh, leis, maidir lena dtacaíocht dá bhfoireann nó a mhalairt agus maidir lena ndearcadh i leith na bainistíochta atá ar an dtaobhlíne ag Ciarraí.

Bhí crónán agus cnáimhseán gan bhunús ar bun le roinnt seachtainí i gCiarraí go raibh Mac Muiris agus a chriú róchoimeádach, róphatuar agus róthámáilte chun a mbuíon imreoirí a spreagadh. D’athraigh san, ábhar beag, Dé Domhnaigh seo caite nuair a buadh ar Thír Eoghain chun cluiche ceannais an lae amáirigh a bhaint amach agus muna raibh géarú goile ag baint le caint Mhic Muiris i rith na seachtaine, ní lá fós é.

B’fhéidir gurbh fhiú, áfach, iarracht a dhéanamh teacht ar thuiscint ar fios fátha na cainte sin ó thaobh Ciarraí de.

B’fhéidir gur toisc go dtuigeann siad go díreach cé chomh maith agus chomh cumasach is atá Áth Cliath atá pobal na caide i gCiarraí ag tabhairt fén ardchathair amárach le hoiread fuadair agus oiread griothail orthu.

Is léir do chách le blianta beaga anuas go bhfuil Áth Cliath geall le bheith dochloíte ar an lá mór i bPáirc an Chrócaigh agus beidh siad ag tabhairt fé chluiche an lae amáraigh le fonn, le misneach agus le muinín. Ní fhéadfadh sé bheith in aon tslí eile acu. Tá an misneach agus an mhuinín sin, dlite dóibh. Ní mór na foirne gur féidir leo a rá go bhfuilid ag imirt gan cíos, cás ná cathú i bPáirc an Chrócaigh agus is lú ná san arís an líon foirne ar féidir leo a rá go mbuafaidh siad go cinnte más féidir leo a mbuille a aimsiú. Ach is mar sin atá ag Áth Cliath le tamall.

Tá Áth Cliath níos fearr ná Ciarraí fé láthair. Is léir sin ós na cluichí go léir a bhí eatarthu le déanaí. Tá éirithe le Ciarraí barrthuisle agus preab nó dhó a bhaint astu ó bhuadar go deireanach orthu breis is dhá bhliain ó shin ach ní rabhadar riamh maith go leor chun iad a chloí ar an lá.

Aon uair a chuirtí an cheist i gCiarraí roimh na gcluichí móra le blianta beaga anuas, ‘an mbuafaidh sibh ar Áth Cliath?’, thiocfadh an freagra go pras agus go postúil – ‘buafaidh’.

Ba dhóigh leat ar uairibh go raibh muintir Chiarraí féin ag iarraidh a chur in luí gaidhte orthu féin go rabhthas maith a ndóthain chun an beart a dhéanamh.

Ach ní raibh ann ach dóchas agus bród ag imirt ar an intinn. Mian croí ná tiocfadh i gcrích go deo.

Pé acu bris nó bua atá i ndán amárach dóibh tuigeann muintir Chiarraí go gcaithfear Áth Cliath a chloí sa chraobh más aon dul chun cinn atá rompu mar bhuíon imreoirí.

Tuigeann Éamonn Mac Muiris é sin chomh maith. Tuigeann sé gur beo duine tar éis a bhuailte ach nach beo tar éis a cháinte. Sin ceann des na cúiseanna gur tháinig sé chun cinn ag cosaint a chuid imreoirí ón dtuairim gurb iad siúd agus iad siúd amháin a bhí dulta i muinín na cleasaíochta agus na cluanaireachta nuair a chas an dá fhoireann ar a chéile sa tsraith deireadh seachtaine na Féile Pádraig.

Tá sé ráite riamh gur fusa an t-éadach a shalú nuair is gile atá agus níl aon amhras ná go bhfuil foireann Áth Cliath níos gile ná aon fhoireann eile i láthair na huaire. Bhí tamall ann gurb iad Ciarraí an fhoireann sin agus b’fhéidir gur gearr uait an lá go mbeidh amhlaidh arís.

Is scéal é seo nach bhfuil inste ina iomláine go fóill agus b’fhéidir go mbeadh cor eile ann amárach.

Ní bhíonn i ngach aon ní ach seal agus ní mhairfidh forlámhas Átha Cliath go deo.

Idir an dá linn, bímis buíoch go bhfuil a leithéid d’fhoireann ann agus Áth Cliath a thugann oiread taitnimh dúinn agus a imríonn cluiche ársa na caide sa sprid cheart formhór an ama.

Ach ná bímis dall ar na huaireanta sin nach n-imríonn agus ná bímis ag ceapadh ach an oiread gur binn béal ina thost i gcónaí.

Tá a bhéal oscailte ag Mac Muiris sa deireadh.

An bhfágfaidh sé aon rian ar chluiche an lae amáraigh?

Is gearr uainn fios.

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: Baile Átha Cliath v Ciarraí – scéal nach bhfuil inste ina iomláine go fóill'