Dara Ó Cinnéide ar ‘ghearrliosta’ RTÉ do phost an láithreora ar ‘The Sunday Game Live’

De réir tuairiscí, tá iarchaptaen Chiarraí ar ghearrliosta RTÉ de dhaoine a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar Michael Lyster

Dara Ó Cinnéide ar ‘ghearrliosta’ RTÉ do phost an láithreora ar ‘The Sunday Game Live’

Tuairiscítear go bhfuil iarchaptaen peile Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, ar ghearrliosta na láithreoirí a d’fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar Michael Lyster ar The Sunday Game Live ar RTÉ.

Dúirt an craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí ina chaptaen ar Chiarraí nuair a bhuaigh siad craobh na hÉireann in 2004 le Tuairisc.ie tráthnóna nach raibh “aon ní” cloiste aige féin faoina leithéid.

Tá sé fógartha ag Michael Lyster gurb í seo an bhliain dheireanach dó leis an gclár cáiliúil agus é in aois scoir i mbliana.

Dúirt Lyster go bhfógrófar a chomharba faoi cheann cúpla seachtain.

De réir tuairisc san Irish Examiner inniu tá Ó Cinnéide, a chuireadh Seó Spóirt ar TG4 i láthair sula ndearnadh an cinneadh conspóideach deireadh a chur leis an gclár sin,  ar dhuine de na daoine atá ar ghearrliosta RTÉ don phost.

Chuir an Cinnéideach, ar colúnaí le Tuairisc.ie é, an clár GAA Nua i láthair ar RTÉ an bhliain seo caite chomh maith agus thug sé tréimhse fhada mar anailísí cheana ar The Sunday Game.

Is iad na daoine eile is mó atá á lua mar chomharba ar Lyster ná na craoltóirí aitheanta de chuid RTÉ féin, Joanne Cantwell, Darragh Moloney agus Des Cahill, a chuireann clár buaicphointí The Sunday Game i láthair.

Fág freagra ar 'Dara Ó Cinnéide ar ‘ghearrliosta’ RTÉ do phost an láithreora ar ‘The Sunday Game Live’'

  • Des O Murchu

    Dean cinnte nach gcuireann RTE Spoirt go mbaineadh se neart usaid ag Gaeilge sna cuir I lathair etc! Des O Murchu

  • Joey Joe Joe Junior Shabado

    Post mar seo tuillte aige, ach ba thrua é a bheith ag labhairt Béarla ar an teilifís. Déanann sé anailís den chéad scoth mar chomhthráchtaire ar na cluichí a chraoltar i nGaeilge. Tá an tráchtaireacht sin i bhfad Éireann níos fearr ná an Béarla ó thaobh caighdeán de.

  • Art

    Do dhein sé an obair sin ar TG4 ach níl raibh TG4 Nua sastá leis. Mar a deir na Poncáin “go figure”

  • léitheoir

    Go mbì rith an áidh leis faoi mar bhíodh aige leis an gcaid de ghnáth!!