DARA Ó CINNÉIDE: An cic amach fada. Chífidh Seán a thuilleadh!

Tá sé le feiscint go bhfuil báideoirí maithe dulta i muinín an chic amach fada arís agus is fearr de chluichí atá againn dá bharr

DARA Ó CINNÉIDE: An cic amach fada. Chífidh Seán a thuilleadh!

Laethanta cinniúnacha in éabhlóid an chic amach i gcluiche na caide…

Cluiche ceathrú ceannais na hÉireann, an 31 Iúil 2010, Áth Cliath 1-15 v 0-13 Tír Eoghain.

N’fheadar an toisc gur bhuaigh contae an Dúin gan choinne ar churadh uile-Éireann, Ciarraí, nó toisc go raibh éirithe le hÁth Cliath buachtaint ar churadh Uladh, Tír Eoghain, ach ba bheag cainte a deineadh fén gcic amach an lá úd.

Ainneoin roghanna bheith aige ar an gcic amach i ngach póirse den bpáirc, níor thóg báideoir Thír Eoghain, Pascal McConnell, oiread is cic amach fada amháin. B’ait leis an uile dhuine a bhí i láthair an tráthnóna Sathairn úd an cur chuige a bhí ag McConnell ach ba ar na seacht gcinn déag d’iarrachtaí amú ón dtaobh eile den bpáirc a bhí an chaint ar fad i ndiaidh an chluiche.

B’fhéidir gur bheag a taibhsíodh dúinn ag an am gur b’eo mar a bheadh an cic amach feasta ach b’fhéidir, leis, nár cheart aon iontas bheith orainn gurbh é Mickey Harte a bhí chun cinn ar chlaonadh agus treo na himeartha aon bhabhta amháin eile.

Bliain ina dhiaidh sin arís, 2011, imríodh an cluiche a d’athraigh múnla na peile ó bhonn  – cluiche leathcheannais an uafáis idir Áth Cliath agus Dún na nGall – agus tuigeadh go paiteanta do phobal CLG ná beadh aon chúlú anois ó ré na dteaicticí agus na seifteanna.

Bheadh sé i ndán don gcic amach gearr a bheith lárnach in aon phlean imeartha a bheadh ag foirne ar feadh cúig bhiaiste. Fiú nuair a chuaigh a leithéid de chic amach amháin i gcoinne Paul Durcan i gcluiche ceannais na bliana 2014 agus roinnt eile arís in aimhréidh ar Robert Hennelly i mbabhta leathcheannais na bliana 2015, ba leasc le báideoirí ó cheann ceann na tíre an cic amach gearr a chaitheamh i dtraipisí toisc oiread béime bheith ar sheilbh na caide a choimeád ar ais nó ar éigean.

Ach, beagán ar bheagán, thosnaigh an rud ag dul sa treo eile arís…

Tá 29:26 nóimeat caite sa chéad leath de chluiche leathcheannais na hÉireann 2016, Áth Cliath in aghaidh Chiarraí. Tá Colm Cooper díreach tar éis cic saor a chur thar an trasnán do Chiarraí agus de phreib, agus geall leis i ngan fhios, tá trí dhuine dhéag ó Chiarraí bogtha chun tosaigh agus iad ar fad ag tathant ar bháideoir Átha Cliath, Stephen Cluxton, an chaid a chur san áit nach dteastaíonn uaidh.

Mar is dual dó, tá Cluxton lán de dhánaíocht agus téann sé sa tseans ar chic amach gearr atá breac le baol, tagann Paul Geaney i dtír ar an gcic, cúpla iarracht dheislámhach eile agus tá an chaid neadaithe sa líontán. Ins na seacht nó ocht nóimeat as san go leath ama, tá Cluxton sa chás idir dhá chomhairle le gach aon chic amach a thógann sé agus, cé go dtagann sé chuige féin go diail, is léir go bhfuil ré na gciceanna amach gearra ag teannadh le deireadh arís.

Tá 66.50 ar an gclog sa chéad chluiche ceannais anuraidh idir Áth Cliath agus Maigh Eo. Tá Maigh Eo dhá phointe chun deiridh agus iad ar thóir na seilbhe. Tuigeann Áth Cliath an brú a bheadh ar a mbáideoir, David Clarke, agus cuireann siad an fáscadh céanna air is a cuireadh orthu siúd mí roimhe sin. Éiríonn leo cic amach Mhaigh Eo a threascairt trí bhabhta in imeacht 80 soicind agus cé go mbeadh sé i ndán do Mhaigh Eo teacht aniar iontach a dhéanamh chun an cluiche a chríochnú ar chomhtharrac, tá oiread púcaí á bhfeiscint ag bainistíocht Mhaigh Eo fén dtráth seo, go n-athraíonn siad a mbáideoir, agus a gcic amach dá réir, don athimirt.

Stephen Cluxton, Máistir na gCeard  ©INPHO/Lorraine O’Sullivan

Dá laghad ráite fén gcic amach ag Maigh Eo in athimirt chluiche ceannais na hÉireann anuraidh, sea is fearr, b’fhéidir, ach b’fhiú súil a chaitheamh an athuair ar thrí cinn de chiceanna amach ag Cluxton agus é fé bhrú ag teannadh le deireadh: Ceann acu agus 62.48 ar an gclog, ceann eile ar 73.55 agus ceann eile arís ar 75.56. Bhí na haon cheann acu, fada, pointeáilte agus slán.

Pé athrú atá tagtha ar an imirt go dtí seo i mbliana, tá sé le feiscint go bhfuil báideoirí maithe dulta i muinín an chic amach fada arís agus is fearr de chluichí atá againn dá bharr.

Tá a fhios ag lucht na dteaicticí sa bhliain 2017 gur fearr aon chic amach amháin fada agus seilbh buaite amuigh fén ngort ná trí cinn ghearra agus an baol ann go rachaidh siad i do choinne.

Tar éis an múnla a athrú leis an gcic amach gearr seacht mbliana ó shin, tá Tír Eoghain i gceann a’ tslua arís leis an gcic amach fada. Ba léir ó chiceanna amach Niall Morgan i gcluiche leathcheannais Uladh in aghaidh Dhún na nGall le déanaí gur dóigh le Mickey Harte arís gurb é an cic amach fada an cic is éifeachtaí agus is sábháilte agus is léir chomh maith go bhfuil mórán oibre déanta ag Tír Eoghain ar shlánú na seilbhe i bhfad amach fén bpáirc.

Ní i gcónaí a éireoidh leo ach tabhair fé ndeara go mbeidh scata foirne ag déanamh aithrise arís i mbliana orthu.

Ní féidir ach an oiread neamhaird a dhéanamh den rian atá an marc á fhágaint ar an gcluiche go dtí seo i mbliana. Cheapas féin, nuair a d’éirigh le Jarlath Burns agus a bhuíon ar choiste rialacha na gcluichí an marc a chur trí Chomhdháil Bhliantúil CLG 2016, ná beadh mórán éifeachta leis. Tá áthas orm a fheiscint go rabhas go hiomlán mícheart ar an gceann san.

Seachas pionós a chur ar chic amach gearr, tá an marc ag tabhairt luach a shaothair don té atá ag breith san aer ar chic amach fada agus má tá duine nó beirt i lár an ghoirt atá inniúil ar ghreamú, tá buntáiste nádúrtha ag an bhfoireann a chuireann béim ar an ealaín sin. Le blianta beaga anuas, bhí an buntáiste leis an té a bhí i mbun calaoise fén gcic amach fada.

Ní gá dul thairis chluiche an Domhnaigh seo caite idir Áth Cliath agus an Iarmhí chun luach an chic amach agus an mhairc a fheiscint. Toisc nach raibh aon duine i lár a gharraí ag an Iarmhí a bhí ábalta breith i gceart ar chic amach óna mbáideoir féin, Darren Quinn, dhein Áth Cliath robach ar fad orthu sa réimse seo den bpáirc.

B’fhéidir gur malairt poirt a bheadh fé cheann coicíse ann nuair a bheidh na Dubs á fhéachaint le Kevin Feely agus Tommy Moolick, beirt strapairí breátha fir ó Chill Dara a bheidh in ann teacht i dtír ar an gcic amach fada.

Is fiú go mór dúinn bheith ag faire amach dona leithéid agus don gcur chuige a bheidh ag Cill Dara agus iad ag iarraidh máistir na gceard a chur dá bhuille.

Sea! Chífidh Seán a thuilleadh.

 

Fág freagra ar 'DARA Ó CINNÉIDE: An cic amach fada. Chífidh Seán a thuilleadh!'