Dara Calleary éirithe as a phost mar Aire Talmhaíochta agus Mara

Bhí Dara Callaeary ar dhuine den 81 duine a bhí i láthair ag ócáid shóisialta in óstán ar an gClochán i gcontae na Gaillimhe, ócáid a sháraigh treoracha Covid-19 an Rialtais 

Dara Calleary éirithe as a phost mar Aire Talmhaíochta agus Mara

Tá an Teachta Dála as Maigh Eo Dara Calleary éirithe as a phost mar Aire Talmhaíochta agus Mara. Ghabh Calleary leithscéal aréir faoi shárú a dhéanamh ar shrianta an Rialtais le dul i ngleic le Covid-19.

D ‘fhreastail sé ar ócáid de chuid Chumann Gailf Thithe an Oireachtais in Óstán an Stáisiúin ar an gClochán, contae na Gaillimhe Dé Céadaoin, ócáid ag a raibh 80 duine eile i láthair.  Ní cheadaítear ach 50 duine ar a mhéid a bheith i láthair ag ócáidí den chineál sin de réir na dtreoracha atá tugtha ag an Rialtas a raibh sé féin ina bhall de.

Labhair Dara Calleary leis an Taoiseach agus le ceannairí Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais aréir agus ghabh sé leithscéal leo agus leis an bpobal faoina ndearna sé.

D’fhógair sé inniu go raibh sé curtha in iúl aige don Taoiseach go raibh sé ag éirí as a phost mar Aire.

Bhí an Coimisinéir Eorpach Phil Hogan, an Teachta Dála neamhspleách Noel Grealish agus an Seanadóir de chuid Fhine Gael Jerry Buttimer i measc na bpolaiteoirí eile a bhí i láthair ag an ócáid ghailf le roinnt iarpholaiteoirí agus aíonna eile.

Ceapadh an Dara Calleary in Aire beagán le cois mí ó shin nuair a briseadh an té a bhí ina Aire roimhe Barry Cowen as oifig de bharr na conspóide a bhain le heachtra a bhain le tiomáint faoi thionchar an óil.

Fág freagra ar 'Dara Calleary éirithe as a phost mar Aire Talmhaíochta agus Mara'