Daoine óga ag comhrá as Gaeilge ó dhubh go dubh gan deontas ná dréachtphlean…

Seo 16 ceacht a d’fhoghlaim ár gcolúnaí ag Oireachtas na Samhna 2019 i mBaile Átha Cliath

Daoine óga ag comhrá as Gaeilge ó dhubh go dubh gan deontas ná dréachtphlean…

Ciara Ní Dhonnacha agus Barry Ó Siochrú, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bhuaigh Comórtas Díospóireachta Gael Linn. Ina dteannta tá Antoine Ó Coileáin, Gael Linn, Darragh Ó Caoimh agus Carthach Ó Faoláin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, a fuair an dara háit, Caolán Mac Grianna, Comhordaitheoir na Mac Léinn, Conradh na Gaeilge agus Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn. Pictiúr: Caoimhín Ó Peatáin

Níl aon deireadh seachtaine spóirt is iomaíochta nach mbíonn ceachtanna le baint ag tráchtairí spóirt astu. Tar éis ceithre lá pléaráca is comórtais is ragairne i dtearmann nó comarclann Óstán an Citywest in iardheisceart Bhaile Átha Cliath an bhfuil aon cheacht le foghlaim?

  • Ní baol do na Gaeil mar is fíor go mairid beo. Idir óg is óigeanta is aosta tá an náire is an leithscéal caite in aer againn agus ár ngnóthaí á ndéanamh inár rogha féin teanga againn.
  • Bhí fir is mná i mbláth na hóige as Gaeltacht is Galltacht ag ‘gaeilgeoireacht ó dhubh go dubh’, ag spallaíocht, ag rince is ag ceol agus ag comhrá, lena chéile agus linne a bhíodh óg fadó, gan deontas ná dreasacht ná dréachtphlean
  • An óige sin a chonaic mé go deireadh i suíocháin scoile agus iad anois ina bhfir is ina mná óga cumasacha caoithiúla, tá nádúr, suáilceas, gnaíúlacht agus dúchas na muintire tugtha leo acu den teallach chomh maith agus a rinne Colm de Bhailís nó Caitlín Maude ina lá féin. Is mór an spórt iad agus bítear mórálach astu.
  • Lucht freastail is glanta an óstáin a bhí dubh, buí, geal is riabhach agus a bhí fíorchruógach go deo, bhí ‘fáilte romhat’ agus ‘go raibh maith agat’ ar bharr a ngoib acu chomh paiteanta leis an gcuid eile de na Gaeil. Go bhfága Dia againn iad.
  • Bhí sean-nós, nós nach sean agus nua-nós chomh maith le fíbín is cleatráil agus pé rud is maith leat féin ann. Ara nach í an tSamhain í agus cead a gcos as lios is poll ag chuile chréatúr?
  • Is deacair dúinne anseo sa nGaeltacht a thuiscint an flosc chun cainte a bhíonn ar Ghaeil na Galltachta ach an deis a fháil Gaeilge a labhairt le gach duine a chasann orthu agus ba é sin an rud ba mhinice a dúradh liom ag an deireadh seachtaine. Tá an tír lán le daoine breátha, cuid de chroíphobal TG4 más maith leat, nach mbíonn an deis sin acu ach trí lá sa mbliain agus ba phléisiúr Dé a bheith ag éisteacht lena n-imrim teanga.
  • Díospóireacht Gael Linn idir ceithre choláiste tríú leibhéal an t-imeacht is mó a chuir cluaisíní croí orm féin. Ardtráthnóna Dé Sathairn, ‘Steip’ an ardghradaim ar siúl béal dorais agus halla mór lán go doras ag mic léinn tríú leibhéal, cuid mhór acu ina suí ar an talamh cheal suíocháin, agus iad uilig ag baint súp as na foirne dea-labhartha abartha géarchúiseacha a bhí ag caint ar a son faoi pholaitíocht agus cinniúint an AE. Spórt, carúlacha grinn, fíricí, grinneas agus misneach ar fad á léiriú i ndea-Ghaeilge. Nach mór an trua nach mbíonn díospóireachtaí dá leithéid i dTeach Laighean ná in Westminster agus ní bheadh rudaí ina gciseach mar atá. Ná habraíodh aon duine liomsa arís go deo gur ragairne is Béarla amháin a bhíonn ar siúl ag mic léinn ag an Oireachtas. Tagaigí ina sluaite go Gaillimh in 2020 – sibhse an lá amárach agus is maith chuige sibh.
  • Bhí Uachtarán Bolsonaro na Brasaíle ag maíomh i rith an tsamhraidh gurbh iad na heagraíochtaí deonacha a las tinte na hAmasóine ach féadfaidh sibh a rá leis gurbh é Citywest ba chúis leis an loisceadh le cúpla lá. Is mó dé-ocsaíd charbóin a scaoileadh san aer i dTeach Sagard ná dá lasfaí Móin Alúine, Seanadh Mhacha agus RHI Arlene Foster ar fad le chéile. Deirimse leat nach as craoltóirí ná iomaitheoirí amháin a bhain córas teasa an óstáin allas. Is trua nár casadh Greta Thunberg thart, ach cá raibh na daltaí sin a d’fhág a gcuid ranganna an lá cheana? Bhí comhairleoir áitiúil an Chomhaontais Ghlais thart ag an bpop-up Gaeltacht ba mhó riamh i dTeach Sagard.
  • Bheadh an Gaeilgeoir Sinéad Ní Fhlannagáin agus a fear céile Éamon de Valera an-bhródúil Teachtaí Dála a fheiceáil arís ag Féile na nGael  – chonaic mé féin beirt Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil agus Teachta neamhspleách ann. Bhí cainteoir dúchais Gaeilge as Má Nuad, atá ina chomhairleoir ag an bpáirtí sin, ag cábán a pháirtí ar a bhionda ag scaipeadh eolais, líreacán agus pinn luaidhe ghlasa ar na Gaeil.  Ní fhaca an fear gnaíúil clúdach donn riamh agus bhí páistí na nGael sásta leis na féiríní glasa. Gaeilgeoireacht i nDáil Éireann go beo.
  • Ionad Comhdhála cruógach é Citywest ach is léir nach minic Gaeil an bealach. Ní thuigeann na créatúir san óstán airneán, béiléiste ná sábhairne dhiabhaltach iarchomórtais fós ach deir siad go bhfuil ‘chipper’ maith sa mbaile beag agus an-mhargadh le fáil ann. 
  • Géarchéim mhór an deireadh seachtaine an poll sa mballa a bheith bánaithe folamh agus gan áiméar ag na Gaeil a ghabháil go dtí siopa Centra sa sráidbhaile le cúpla euro a fháil. Chualathas maighdean Oireachtais ag rá go ndúradh leis sular thug sé a aghaidh soir gur fánach an cosamar a thabharfá abhaile ón bhfleá as €1000 agus bhí sin ina phóca tónach aige agus é gnaíúil faoi.
  • Ar ndóigh bhí lucht tacsaí gnóthach ag tarraingt comhaltaí boird ar eagraíochtaí Gaeilge is leathGhaeilge is riaracháin go Féile na nGael dá gcruinnithe boird. Meas tú ar ghoin a gcoinsias an chuid sin acu a thóg a gclann féin le Béarla nó a labhraíonn Béarla lena gcomhghleacaithe ar fhágáil na hoifige agus iad ag éisteacht le glúin óg ag spalpadh Gaeilge is dúchais ina dtimpeall? An raibh siad róghnóthach ag cothú mioscaise agus ag ríomh na gcostas agus na gciorruithe maoinithe le hiad a chloisteáil? Ní mé ar chas tiománaí tacsaí na Céinia dóibh agus é mórtasach as Gaeilge líofa a chlainne agus as an riar maith di atá aige féin?
  • Ag Aonach an Oireachtais a bhí Stainnín Diní Ceoin, agus na Gaeilgeoirí gairme ag reic a gcuid  mangarae. Ní raibh aon bhrú brú sa gcarnán ann geallaimse duit mar ní raibh aon chorn ná duais le fáil. Seachas leithscéal a thabhairt do Ghaeilgeoirí gairme freastal ar an Oireachtas ar chostais, ní mé arbh fhiú an trioblóid mar gur i mbráca éigin eile a bhí na custaiméirí agus a gclann ag freastal ar aonach na gcomórtas. Ní hin le rá nach raibh dea-chomhluadar agus scoth na leabhar ann ach athbhreithniú agus moltaí de dhíth ar an bhfiontar sin, déarfainn.
  • Is iontach an cual leabhar a seoladh ag Oireachtas na Samhna ach GPS a bheith ag duine leis na hionaid éagsúla a aimsiú cé go raibh criú suáilceach na dT-léinte buí an-chuiditheach le comhairle is treoracha. Arbh fhearr ionad lárnach amháin do sheoltaí? Tá slám breá leabhar agam féin anois don dúluachair agus gan uaim ach am is teallach teolaí. Tosóidh mé leis an Tóraíocht álainn a sheol Leabhar Breac.
  • Ní maith liom comórtais a lua anseo mar cuireann siad saidhleam dearg orm féin, agus ormsa amháin is léir, ach meas tú nár cheart d’Ombudsman na Leanaí breathnú ar an mbail a cuireadh ar ghasúir a bhí ag rith ó chomórtas go comórtas ar an Aoine ó mhoch maidine go dtí go raibh sé ag tarraingt ar a deich a chlog san oíche i dteas marfach na háite sin agus an fuilibiliú á chraoladh?
  • Bhí doicheall an diabhail orm dul ag an Oireachtas i Citywest mar go meabhraíonn ballaí is scoiteacht na háite sin óstáin ghalánta na dtíortha atá ag forbairt dom agus ballaí is gardaí cosanta ag coinneáil amach bocht is nocht. Tá Teach Sagard féin lán le hiarsmaí réamhstaire is Críostaíochta ach ní aithneofá sin ar an óstán seo a thaithíonn lucht gailf is peile agus polaiteoirí ag ard-fheiseanna. Cuir sin agus Nama agus ‘reservation’ na ndúchasach sa gcomhaireamh agus tuigfidh tú mo dhrogall.  Is mithid seoid seo an Oireachtais a roinnt ar an bpobal ar fad – seó bóthair is sráide a dhéanamh dínn féin os comhair an tsaoil agus le cúnamh riarthóirí díograiseacha an Oireachtais, tarlóidh sin i gCathair na dTreabh 2020.

Fág freagra ar 'Daoine óga ag comhrá as Gaeilge ó dhubh go dubh gan deontas ná dréachtphlean…'

  • JEOL

    An-alt a Mháire! Is rí-mhinic a fheicim daoine ag tabhairt amach faoi na mic léinn ag an Oireachtas ach ábhair bhróid a raibh ann i mbliana. Todhchaí thar a bheith geal romhainn!