Daoine ag caoineadh ina gcarranna ar thaobh an bhóthair agus an Ghréig trí thine

Chuir na teachtaireachtaí éigeandála ar an nguthán, a bhí mar a bheadh bonnán aer-ruathair ó scannán cogaidh, scéin ionam.

Daoine ag caoineadh ina gcarranna ar thaobh an bhóthair agus an Ghréig trí thine

Bhí mé i mo sheasamh ag an doirteal ag ní na soithí nuair a chonaic mé eitleán ag dul tharam, agus ní i bhfad os mo chionn a bhí sé ach an oiread.  Eitleán ‘uisce’ a bhí ann, rud nach raibh feicthe agam roimhe seo, agus rith mé suas ar an díon le breathnú air. Bhí cineál bís orm, le bheith fírinneach. Bhí sé cinn acu ag eitilt tharainn go rialta; síos chuig an bhfarraige le líonadh suas, agus ar ais ag an tine. Rinne siad an ciorcal sin gach seacht nóiméad, fad is a bhí solas sa spéir. Ag an bpointe sin ní raibh tuairim dá laghad agam céard a bhí romhainn anseo ar chósta thoir na hAtaice – agus ar fud na Gréige – taobh istigh de chúpla lá.

Tá mé pósta le Gréagach. Is áit nua í seo dom, agus níl mé i mo chónaí go lánaimseartha ann. Ach tá a fhios agam go dtarlaíonn tinte scaití, agus go ndéileáiltear leo. Bhí tonn teasa geallta, rud a tharlaíonn ar feadh roinnt laethanta chuile bhliain, nach mór. Ní úsáideann muintir na tíre an córas aerchóiriúcháin go hiondúil mura bhfuil géarghá leis.

Bhí sé chomh te an tseachtain seo caite go raibh briseadh cumhachta againn go rialta, mar nach raibh an córas in ann déileáil leis an éileamh. D’fhan an teocht os cionn 40 céim ar feadh thart ar dheich lá. An dara lá de mhí Lúnasa bhí sé 45 céim Celsius anseo.

B’in an lá ar thosaigh na teachtaireachtaí éigeandála ag teacht chugainn ar ár ngutháin, agus de réir mar a chuaigh an tseachtain ar aghaidh, de réir mar a d’éirigh an scéal níos measa, chuir fuaim na dteachtaireachtaí sin, a bhí cosúil le bonnán aer-ruathair ó scannán cogaidh, scéin ionam. Thuig muid uathu céard a bhí ag tarlú leis an tine ba ghaire dúinn.

Dúradh le daoine a bheith ar a n-aire, ansin dúradh leo fuinneoga a dhúnadh ar fhaitíos go dtiocfadh splanc isteach, ansin dúradh leo a bheith réidh le fágáil ar fhaitíos na bhfaitíos…. ansin, i mbailte agus bruachbhailte áirithe, dúradh leo a dtithe, a dtalamh – a saol, i ndáiríre – a fhágáil ina ndiaidh, agus aghaidh a thabhairt ar áit níos sábháilte.

Ar an Mháirt léigh muid go raibh suas le céad caoga tine sa nGréig le dhá lá; go leor acu beag, ach trí cinn a bhí mór agus a bhí imithe ó smacht. Tháinig comhraiceoirí dóiteáin ó thíortha eile, agus trealamh ag teacht leo. Bhí muintir na Gréige amuigh lena bpíobáin uisce, le buicéid, le sluaistí; rud ar bith a chabhródh leo na splancacha a choinneáil ó dhoras.

Tráthnóna Dé Máirt, bhí luaithreach ar na héadaí a thug mé isteach den líne. An mhaidin dár gcionn bhí an luaithreach ag titim amhail mar a bheadh sneachta. Faoin Déardaoin, cé nach raibh aon tine i ngar dúinne, bhí an oiread deataigh san aer nach bhféadfainn codladh gan an masc.

Is cathair álainn í an Aithin, cathair a bhfuil cnoic agus crainn inti. Tá réigiún na hAtaice lán le foraoiseacha. Ach mo léan ba gheall le fiús iad na crainn thirime sin agus ar ndóigh ní raibh aon mhoiill ar na lasracha scaipeadh thall is abhus go huafásach sciobtha. Thrasnaigh an tine bóthar ceithre lána. Aslonnaíodh níos mó daoine.

Cá ndeachaigh siad? Ar an Aoine, chonaic muid daoine ag caoineadh ina gcarranna ar thaobh an bhóthair. An tráthnóna sin ní raibh sa ngrian ach liathróid dhearg i mbrat oráiste scamall.

Ní ina ábhar cainte ag aon duine ach an  triomach, an triúr a gabhadh mar gur las siad tinte, agus an t-athrú aeráide. Tá sé sin cloiste agam cheana anseo. Tuigeann daoine go bhfuil na séasúir ag athrú, go dtagann an samhradh níos deireanaí anois, go mbíonn tonnta teasa ann níos minice, agus go seasann siad níos faide. Tuigeann muintir na tíre seo go bhfuil cúrsaí ag dul ó smacht.

Tá an tine mhór anseo taobh amuigh den Aithin curtha amach, nach mór. Tá an spéir gorm arís, ach í fós breactha leis na heitleáin uisce. Tá tuaisceart Evia, an dara hoileán is mó sa tír, fós trí thine. Ní corrtheach atá imithe, ach bailte beaga iomlána. Tá na céadta daoine fós ag déanamh iarracht an tine a chur amach.

Tá an teocht laghdaithe go 35 céim Celsius, ach cuimhnigh gurb í seo mí Lúnasa, agus go bhfuil neart ama ann do thonn teasa eile, an port atá ag daoine anseo.  Ghabh an Príomh-Aire Mitsotakis leithscéal le muintir na tíre as aon lochtanna a bhí ar an gcaoi ar dhéileáil siad leis na tinte. Deir sé go dtabharfar aire dóibh siúd a chaill gach rud. Freagra mhuintir Evia ar a chuid cainte – gur tréigeadh iad agus nár tháinig an cúnamh ceart in am.

Talamh m’athar, talamh mo mhuintire, a chaoin an seanfhear agus é ag siúl tríd an gcoill in aice a thí. Ach amháin nach bhfuil teach ná coill ann níos mó. Olagón a bhí á dhéanamh aige agus é ag siúl ar an talamh dóite.

Olagón atá á dhéanamh ag daoine ar fud na cruinne faoi láthair, shílfeá. Tá an domhan ag dó, agus níl a fhios againn céard is féidir a dhéanamh faoi.  Cá bhfuil na ceannairí cróga a labhróidh gan scáth ná faitíos faoin athrú aeráide, a athróidh polasaithe, a dhéanfaidh rud éigin? Ní leor focail mhóra níos mó.

Tá ár mbaile ag dó, agus níl aon áit eile againn le dul.

Fág freagra ar 'Daoine ag caoineadh ina gcarranna ar thaobh an bhóthair agus an Ghréig trí thine'

  • Breathnóir1

    Cur síos fíorchumasach é seo ar a bhfuil ag titim amach sa Ghréig – agus in go leor áiteanna ar fud an domhain, ar ndóigh. Go gcumhdaí na déithe thú, a Shíle.

  • An Teanga Bheo

    Go bhfóire Dia orainn an chumhacht atá ag gaoth is tine siad is measa amuigh.