Daltaí iarbhunscoile as Tiobraid Árann agus Loch Garman buacach i gcomórtas óráide Gaeilge

Chuir beagnach 250 duine isteach ar an gcomórtas de chuid Gael Linn i mbliana agus craoladh na babhtaí ceannais beo ar Facebook agus YouTube aréir

Daltaí iarbhunscoile as Tiobraid Árann agus Loch Garman buacach i gcomórtas óráide Gaeilge

Ava Ní Shúilleabháin

Thug beirt ó scoileanna i dTiobraid Árann agus Loch Garman na príomhdhuaiseanna leo ag comórtas óráide Gaeilge an tseachtain seo.

Roghnaíodh Ava Ní Shúilleabháin ó Scoil Áine Naofa, Tiobraid Árainn, sa chéad áit i gCraobh na Sinsear i gComórtas an Phiarsaigh agus Eve Ní Dhonnchú ó Mheánscoil Loreto, Loch Garman, a tháinig sa chéad áit i gCraobh na Sóisear. Bronnadh buanchoirn agus dearbháin luach €500 ar an mbeirt acu.

Comórtas d’iarbhunscoileanna nach ndéantar an teagasc trí Ghaeilge iontu atá i gceist le Comórtas an Phiarsaigh, a eagraíonn Gael Linn le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Comórtas díospóireachta a bhíonn ann de ghnáth ach den chéad uair roghnaíodh comórtas óráide a reáchtáil i mbliana.

Chuir beagnach 250 duine isteach ar an gcomórtas i mbliana agus ghlac seisear páirt i gCraobh na Sinsear agus seisear eile i gCraobh na Sóisear sna babhtaí ceannais a craoladh beo ar Facebook agus YouTube aréir.

Bronnadh dearbháin luach €300 ar Mháire Ní Chonaire as Coláiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead, agus ar Sheán Ó Cofaigh ó Ardscoil Uí Urmholtaigh, Droichead na Bandan, an bheirt a bhí sa dara háit i gCraobhacha na Sinsear agus na Sóisear.

Bronnadh €100 an duine ar na hiomaitheoirí uile ar éirigh leo dul chomh fada le Craobh na hÉireann.  

Ba iad Áine Ní Ghlinn, Áine Máire Ní Ghioballáin, Caitríona Nic Dhonncha, Colm Ó Dúlacháin, Fergus Ó Conghaile agus Seán Mac Labhraí a bhí i mbun na moltóireachta.

Mhol Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Ghael Linn, gach duine a ghlac páirt i gcomórtas na bliana seo.

“Thug mé faoi deara an t-ardchaighdeán sna hóráidí agus is ardú croí dom daoine óga a chloisteáil ag teacht ar aghaidh le smaointe breátha agus iad curtha i láthair go cumasach i nGaeilge ghlan shoiléir. Is buntáiste iontach é a bheith ábalta seasamh suas agus labhairt le slua os comhair an cheamara,” a dúirt sé. 

Dúirt Tomás Rua Ó Cadhla, Bainisteoir Roinn na Scéimeanna, Gael Linn, go rabhthas “fíorshásta” le caighdeán an chomórtais. Dúirt sé freisin go raibh Gael Linn “go mór faoi chomaoin” na múinteoirí a réitíonn na daltaí don chomórtas “bliain i ndiaidh bliana”. 

Fág freagra ar 'Daltaí iarbhunscoile as Tiobraid Árann agus Loch Garman buacach i gcomórtas óráide Gaeilge'