Daltaí bunscoile á bhfágáil gan aon tástáil ar líne i léamh na Gaeilge

Deir saineolaí aitheanta i réimse an oideachais in Éirinn gur ‘údar imní’ nach mbeidh scrúduithe Gaeilge ar fáil ar líne

Daltaí bunscoile á bhfágáil gan aon tástáil ar líne i léamh na Gaeilge

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá na tástálacha caighdéanaithe bunscoile do léamh an Bhéarla ag bogadh ar líne, ach ní bheidh tástáil do léamh na Gaeilge ar fáil ach amháin do dhaltaí ach sa dara bliain san iarbhunscoil.

Fógraíodh an tseachtain seo gur roghnaigh an Foras Taighde ar Oideachas an comhlacht teicneolaíochta Prodigy Learning chun ardán measúnachta ar líne a chur ar fáil don tástáil chaighdeánaithe a dhéanfar i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna na tíre.

Conradh cúig bliana, a bhféadfaí trí bliana eile a chur leis, atá tugtha do Prodigy Learning agus is fiú €900,000 é.

Nuair a sheolfar an t-ardán nua beidh teacht ag bunscoileanna ar thrialacha leictreonacha le daltaí a scrúdú i léamh an Bhéarla ó rang a 3 go dtí rang a 6.

Ach níl scrúdú ar líne i léamh na Gaeilge á chur ar fáil ach amháin do dhaltaí atá sa dara bliain san iarbhunscoil.

Beidh na hiarbhunscoileanna in ann leas a bhaint as trialacha ar líne chun réasúnaíocht bhriathartha, spásúil agus uimhriúil na ndaltaí a thástáil. Beidh trialacha ann do léamh an Bhéarla do dhaltaí na céad bhliana agus beidh trialacha matamaitice agus léamh na Gaeilge do dhaltaí an dara bliain.

Dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, saineolaí aitheanta i réimse an oideachais in Éirinn, gur “údar imní” nach mbeidh na scrúduithe Gaeilge ar fáil ar líne.

“Fáiltím roimh an gcinneadh na trialacha a dhéanamh feasta ar líne ach is ábhar imní é nach mbeidh trialacha Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge á gcur ar na daltaí ar líne freisin.

“Cad é an teachtaireacht a thugann sé sin do na daltaí? An é nach bhfuil an Ghaeilge tábhachtach go leor le go ndéanfaí na trialacha leis na modhanna tástála is déanaí? Is díol suntais é chomh maith nach bhfuil aon triail Ghaeilge chun cumas agus dul chun cinn na bpáistí i mbunscoileanna meán-Bhéarla a thástáil i bhfoirm páipéir nó ar líne,” arsa an Dr Ó Duibhir, Leas-Dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Faoin gcóras nua beidh torthaí na dtrialacha ar fáil ar an toirt agus is faoin scoil a bheidh sé cathain a dhéanfar na trialacha agus cathain a chuirfear na torthaí ar fáil. Beidh an t-ardán ábalta déileáil le 40,000 triail sa bhliain ar dtús.

Ceaptar go mbeidh níos mó scoileanna ag leanúint leis an measúnú ar líne sna blianta amach romhainn.

Deir an Foras Taighde ar Oideachas, gníomhaireacht reachtúil de chuid na Roinne Oideachais, go bhfuil sé i gceist acu cur leis na trialacha a bheidh ar fáil uathu tar éis na bliana seo chugainn “le freastal ar riachtanais na scoileanna”.

“Tá trialacha caighdeánaithe ar phár i léamh na Gaeilge sa bhunscoil ar fáil ó 2008 agus is é an chéad tasc a bheidh le déanamh na trialacha sin a chur ar an gcóras nua ar líne,” a dúirt urlabhraí ón bhForas Taighde ar Oideachas.

“Agus sin déanta an bhliain seo chugainn, rachaimid i gcomhairle lenár bpáirtnéirí san oideachas agus le páirtithe leasmhara eile sna Gaelscoileanna agus sa nGaeltacht, lena moltaí a fháil agus muid ag pleanáil na bhforbairtí nua agus na dtosaíochtaí.”

Ach d’fhéadfadh roinnt blianta a bheith ann sula mbeidh teacht ar na trialacha Gaeilge.

Thug an Foras Taighde ar Oideachas le fios go dtógann sé cuid mhaith ama triail chaighdeánaithe d’ardchaighdeán a fhorbairt go críochnúil “toisc go mbíonn céimeanna go leor i gceist”.

“Bíonn comhairliúchán agus athbhreithniú le déanamh sula ndéantar an triail féin a fhorbairt agus a thástáil ar bhonn píolótach. Bíonn caighdeánú agus anailís i gceist le teacht ar noirm sula dtáirgtear ábhair tacaíochta amhail lámhleabhair agus uirlisí scórála. D’fhéadfadh an próiseas ar fad dó nó trí de bhlianta a thógáil ó thús go deireadh.”

Tá ráiteas faoin scéal seo iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Oideachais.

Fág freagra ar 'Daltaí bunscoile á bhfágáil gan aon tástáil ar líne i léamh na Gaeilge'