Dún na nGall
Bhí deireadh eachtrach le cluiche ceannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall nuair a tháinig Naomh Adhamhnáin ar ais ó chic éirice a ghéilleadh in am cúitimh chun An Clochán Liath a shárú agus craobh stairiúil a thabhairt leo, 1-13 in aghaidh 1-10.
Is é seo an séú huair déag a bhfuil craobh shinsir na gConallach tugtha leo ag an gcumann as Leitir Ceanainn, rud a fhágann go bhfuil siad anois chun tosaigh ar Ghaoth Dobhair ar bharr an rolla onóra sa gcontae.
Bhí cuma na maitheasa ar Naomh Adhamhnáin tráthnóna Dé Domhnaigh agus iad trí phointe chun tosaigh ar a gcéilí comhraic agus an t-am beagnach caite i mBealach Féich ach tugadh deis a dtarrthála don Chlochán Liath nuair a bronnadh cic éirice orthu agus d’aimsigh Ryan Connors é.
Scriosfadh an scór sin misneach go leor foirne eile ach tháinig Naomh Adhamhnáin ar ais ar an bpointe chun greim a fháil ar an gcoimhlint arís agus d’aimsigh Conor Mór O’Donnell, Ciaran Moore agus Eoin McGeehin pointí san achar gairid a bhí fágtha chun an bua a chinntiú dóibh féin.
Is beag a bhí idir na foirne sa gcéad leath agus an Clochán Liath ag dul chun cinn roinnt uaireanta ach choinnigh Naomh Adhamhnáin, rogha na coitiantachta don chluiche, leo an t-am ar fad.
Bhí na foirne fós ar comhscór, 0-5 an taobh, nuair a tháinig scór mór sé nóiméad isteach sa dara leath, Conor Óg O’Donnell a d’aimsigh cúl tar éis d’iarracht ó Niall O’Donnell an cuaille a bhualadh.
Níor ghéill an Clochán Liath, a bhí ag imirt sa gcluiche ceannais den chéad uair ó 1964, agus níor lig siad do Naomh Adhamhnáin bearna rómhór a chur idir na foirne. Tugadh an deis dóibh teacht ar ais sa gcoimhlint ansin leis an gcic éirice ach thug taithí Naomh Adhamhnáin slán iad faoi dheireadh.
Ní acu atá an churiarracht do líon na gcraobhacha sinsir a thuilleadh ach bhí ábhar ceiliúrtha ag Gaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo agus Craobh Shinsir B Dhún na nGall buaite acu i gcluiche ceannais i gcoinne Naomh Adhamhnáin, 2-5 in aghaidh 0-6.
Bhí fir Mhachaire Gathlán chun deiridh ag leath ama, 0-4 in aghaidh 0-2, ach bhí siad cuid mhaith níos láidre ná a gcéilí comhraic sa dara leath agus d’aimsigh Fergal Delaney agus Martin Coyle cúil dóibh a chinntigh an bua.
Ciarraí
Tá Daingean Uí Chúis ar ais i gcluiche ceannais an chontae i gCiarraí den chéad uair ó 2018 tar éis d’fhir Chorca Dhuibhne an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí Thoir i ndiaidh am breise, 2-16 in aghaidh 1-14.
Mar a tharla i gcluiche ceannais Dhún na nGall, bronnadh cic éirice in am breise sa gcluiche seo i dTrá Lí agus an deis ag David Clifford an cluiche a bhuachan do Chiarraí Thoir. Bhí na foirne ar comhscór agus nóiméad go leith d’am cúitimh fágtha nuair a thug Clifford faoin iarracht agus seachas an liathróid a chur thar an trasnán agus Ciarraí Thoir a chur chun tosaigh, bheartaigh sé tabhairt faoin gcluiche a bhuachan le cúl. Ach rinne cúl báire an Daingin, Gavin Curran, sábháil den scoth chun a iarracht a choinneáil amach.
Níor chonacthas aon scór eile san am cúitimh, rud a d’fhág go raibh am breise ag teastáil agus ba iad fir an Daingin a bhí go hiomlán i gceannas sa 20 nóiméad breise sin. Seacht gcinn de phointí a d’aimsigh an Daingean san am breise, iad ag teacht ó Conor Geaney (3), Paul Geaney (2), Matthew O’Flaherty agus Dylan Geaney, agus gan ach dhá scór ag Ciarraí Thoir mar fhreagra.
Paul agus Dylan Geaney a fuair tromlach na scóranna don Daingean, 1-4 ag Paul agus 0-6 ag a chol ceathrair Dylan, ach bhí leithéidí Tom O’Sullivan, Tom Leo O’Sullivan agus Matthew O’Flaherty ar fheabhas don Daingean chomh maith.
Tom Leo O’Sullivan a d’aimsigh an chéad chúl sa chluiche sa gcéad leath, an deis cruthaithe ag Dylan Geaney, agus bhí an Daingean pointe chun tosaigh ag an mbriseadh, 1-3 in aghaidh 0-5.
D’aimsigh David Clifford cúl do Chiarraí Thoir luath sa dara leath ach ba é sin an t-aon scór ón imirt a d’aimsigh laoch Chiarraí sa gcluiche agus bhí freagra ag an Daingean air ceithre nóiméad ina dhiaidh sin nuair a scóráil Paul Geaney an dara cúl dóibh.
Bhí an Daingean trí phointe chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha agus cé gur tháinig Ciarraí Thoir ar ais ar comhscór agus go raibh an deis iontach sin an cluiche a bhuachan, rinne fir an Daingin an t-aicsean faoi dheireadh.
Gaillimh
Maigh Cuilinn agus Cora Finne a bheidh i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na Gaillimhe don dara bhliain as a chéile tar éis do na foirne a gcluichí leathcheannais a bhuachan ar an Domhnach.
Bhí Cora Finne, seaimpíní na bliana seo caite, i bhfad róláidir do Bhóthar na Trá-Cnoc na Cathrach sa gcluiche eatarthu ach theastaigh teacht aniar ó Mhaigh Cuilinn chun Réalta Thuama a chur de dhroim seoil sa dara cluiche leathcheannais, 1-10 in aghaidh 0-10.
Ba é an t-ionadaí Neil Mulcahy a fuair an scór cinniúnach nuair a chuir sé an liathróid san eangach don aon chúl amháin sa gcluiche agus ceathrú uaire fágtha. Bhí deiseanna ag fir Thuama iad féin a thabhairt ar ais sa gcoimhlint ach níor aimsigh siad scór ar bith ón 48ú nóiméad ar aghaidh agus chinntigh cúpla scór ag Paul Kelly go mbeadh an bua ag Maigh Cuilinn, a bheidh ag imirt sa gcluiche ceannais don chúigiú huair le sé bliana.
Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama ach ó bhí gortuithe ag cur as do roinnt d’imreoirí tábhachtacha Mhaigh Cuilinn, Dessie Conneely agus Peter Cooke san áireamh, measadh go raibh an-seans ag Réalta Thuama, fir an Iarthair a chloí. Chuaigh Réalta Thuama chun tosaigh faoi dhó sa dara leath ach níor éirigh leo buille maraithe na muice a bhualadh ar Mhaigh Cuilinn, a chríochnaigh go láidir.
Seans go mbeidh foireann Shóisir na Ceathrún Rua ag dul chun páirce roimh chluiche ceannais na sinsear faoi cheann coicíse agus iad le haghaidh a thabhairt ar Chill Fhir Iarainn i gcluiche ceannais an chontae.
Bhí bua cuimsitheach ag an gCeathrú Rua, a thit ó ghrád na sinsear go dtí an tríú grád i dtréimhse cúpla bliain, ar Charna-Caiseal i gcluiche ceannais an Iarthair Dé Domhnaigh, 2-12 in aghaidh 0-6. Bhí an Cheathrú Rua cúig phointe chun cinn ag leath ama agus chinntigh dhá chúl ag Éanna Mac Cormaic luath sa dara leath go mbeadh rith an ráis leo as sin go deireadh.
Corcaigh
Briseadh croí a bhí ann do pheileadóirí Naomh Abán agus iad cloíte leis an aon phointe amháin ag Achadh Bolg i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Idirmheánach Chorcaí, 0-11 in aghaidh 1-7.
Pointe chun deiridh ag leath ama, chuir cúl ó Dhara Ó Laoire Naomh Abán chun cinn agus thart ar cheathrú uaire fágtha agus rinne pointe ó Mhaidhc Ó Duinnín an farasbarr a mhéadú go dtí dhá phointe ach tháinig Achadh Bolg, a bhuaigh an Chraobh Shóisir anuraidh, ar ais ar comhscór.
Chuir pointe eile ó Danny Ó Ceallaigh fir Bhaile Bhuirne chun tosaigh arís ag druidim i dtreo lán-ama ach chothromaigh Achadh Bolg cúrsaí arís agus ba é John Corkery an laoch a bhí acu le pointe cinniúnach a aimsíodh agus gan ach dhá nóiméad fágtha.
Fág freagra ar 'Daingean Uí Chúis agus Maigh Cuilinn cáilithe do na babhtaí ceannais, an Clochán Liath agus Naomh Abán cloíte'