Dá neosfadh Michael Noonan an fhírinne lom faoi na bainc, cad déarfadh sé?

An éisteoidh na bainc leis an Aire Airgeadais? Tá dhá aidhm ag an rialtas maidir leis na bainc. Ní féidir an dá cheann a chomhlíonadh.

29/3/2010 Allied Irish Bank Bankcentre. Pictured is the AIB Bankcentre in Donnybrook. AIB is to increase its variable interest rate for mortgage holders by 0.5 percentage points from close of business today. The bank is also increasing its fixed mortgage rates. Also, bank shares have fallen today as the Government puts the finishing touches to its master plan for Ireland's banking sector. Bank of Ireland shares were down over 11 percent this afternoon, while AIB had slumped by 18 percent. Photo. Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Rinne an scríbhneoir Meiriceánach Mark Twain cur síos símplí fadó ar an tslí ina dtéann bainc i mbun oibre. “Tá bancaeir cosúil le duine a thugann scáth báistí ar iasacht duit nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh, “ a dúirt Twain, “ach a dteastaíonn sé ar ais uaidh a luaithe a thosaionn sé ag cur báistí”.

Idir mhagadh agus dáiríre a bhí an scríbhneoir, agus amhras a thuill bainc go minic. Níl gnó dá leithéid in aon réimse eile den gheilleagar. Ná meon dá leithéid. Ná ní ann do chomhlachtaí ar lú a n-aird ar thuairimí rialtais.

Dá neosfadh an tAire Airgeadais Michael Noonan an fhírinne lom sarar chuir sé tús le sraith cruinnithe le príomhfheidhmeannaigh na mbanc Dé Máirt, déarfadh sé rud éigin mar seo:

“Níl smacht againn ar bhainc agus ní theastaíonn smacht uainn, ná, déanta na fírinne, ó mhórpháirtí ar bith eile i dTeach Laighean.

“Tá a fhios agam go maith go bhfuil suas le 400,000 duine cráite ag na rátaí inathraithe úis seo a ba chóir a ísliú. Cuirfidh mé brú orthu. Déarfaidh mé leo nach bhfuil tobhach as an áireamh mura n-íslítear rátaí.

“Ach nílim chun rud ar bith a dhéanamh ná a bhagairt a lagóidh na bainc. Ná rud ar bith a chuirfidh moill ar dhíol scaireanna an rialtais chomh luath agus is féidir, ar phraghas a bheidh chomh hard agus is féidir a bhaint amach.”

Ní fiú a rá gur chóir do na bainc a bheith buíoch. Marach tacaíocht an stáit, ní bheadh banc Éireannach ar bith fós ar an saol. Ach ní raibh banc buíoch ariamh. Ina úrscéal Pudd’nhead Wilson, scríobh Mark Twain:

“If you pick up a starving dog and make him prosperous, he will not bite you. This is the principal difference between a dog and a man.”

Ní raibh Twain ag cur síos go sonrach ar bhancaeirí, ach oireann a ndúirt sé don ghnáthchaidreamh idir airí rialtais agus bancaeirí.

An dtagann ciall le haois?

Cibé rogha a dhéanfar sa reifreann faoi aois iarrthóirí uachtaránachta (níl tuairim á nochtadh anseo) ní tearc an fhianaise stairiúil a léiríonn nach mbíonn an té atá 35 bliain d’aois nó níos sine freagrach agus stuama i gcónaí.

* Bhí Seán Fitzpatrick 38 bliain nuair a ceapadh mar phríomhfheidhmeannach ar Anglo-Irish Bank é i 1986. Thit an bonn den bhanc i 2010 – teip a d’fhág fiacha €29bn ar an stát.

* Bhí Ray Burke 44 nuair a ceapadh mar aire rialtais é an chéad uair i 1987. D’éirigh sé as oifig i 1997. Ciontaíodh é i soláthar bréagchuntais cánach agus i 2005 gearradh téarma príosúin sé mhí air.

* Bhí Michael Lowry 41 nuair a ceapadh mar aire rialtais é i 1994. D’éirigh sé as oifig i 1996. Cháin dhá fhiosrúchán an caidreamh a bhí aige le fir ghnó le linn a thréimhse sa rialtas, agus tá cúisimh a bhaineann le héalú ó cháin curtha ina leith.

* Bhí Seán Quinn 57 bliain d’aois nuair a tuairiscíodh i 2005 gurbh fhiú idir €4bn agus €5bn an grúpa comhlachtaí a bhunaigh sé. Laistigh de sheacht mbliana ina dhiaidh sin, bhain mórasachtaí an bonn den ghrúpa agus cuireadh glacadóir i gceannas. Bancbhriste ó 2012.

Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille.

 

Fág freagra ar 'Dá neosfadh Michael Noonan an fhírinne lom faoi na bainc, cad déarfadh sé?'