Tá 76 gearán faoi easpa seirbhísí Gaeilge i dtaobh na paindéime faighte ag Oifig an Choimisinéara Teanga cheana féin i mbliana.
Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tráthnóna nach raibh aon “iontas” air gur ag dul i méid a bhí líon na ngearán a bhain leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí agus gur beag ceacht a bhí foghlamtha.
“Le bheith ionraic, dá mbeadh paindéim nua ann ag deireadh na bliana, shamhlóinn go dtarlódh an rud céanna arís i go leor cásanna. Níl sé ar chumas an Stáit go minic…caitheamh go féaráilte leis an nGaeilge.”
Dúirt Ó Domhnaill gurb é an meon a léiríodh go minic sa státchóras le linn na paindéime ná, “bhí práinn leis seo agus bhí orainn é a chur amach agus tiocfaimid ag an leagan Gaeilge nuair a thiocfaimid go dtí an leagan Gaeilge”.
86 gearán a fuarthas in 2020 a bhain le teip chomhlachtaí poiblí eolas faoin bpaindéim a chur ar fáil i nGaeilge nó faoi mhoill a bheith leis an eolas sin i nGaeilge.
Bhain 36 den 76 gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga go dtí seo i mbliana leis an Roinn Sláinte, le heolas a bheith á chur ar fáil i mBéarla amháin nó le mí-aistriúchán a bheith á dhéanamh ar eolas. Bhain 17 de na gearáin leis an tairseach vacsaíní a bheith ar fáil i mBéarla amháin.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Dara Calleary gur léir gurb é an meon atá ag “go leor daoine” sa státchóras i leith na Gaeilge ná gur “Any other business item” a bhí inti, is é sin ábhar cainte don mhír ‘aon ghnó eile’ ag deireadh cruinnithe.
Dúirt Dara Calleary go raibh sé soiléir nach raibh daoine sa státchóras “ag smaoineamh fiú ar an nGaeilge” le linn na paindéime agus go raibh gach saghas “leithscéal” acu nuair nár cuireadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga, nach réiteofaí na fadhbanna móra a bhíonn ag daoine seirbhísí a fháil i nGaeilge nó go dtabharfar aghaidh ar an easpa daoine a bhfuil Gaeilge acu sa státchóras. Dúirt sé go raibh gá le hachtú an Bhille Teanga nua gan mhoill le dul I ngleic leis an bhfadhb sin.
Ag labhairt dó tráthnóna ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt an Coimisinéir gur léirigh figiúirí éagsúla nach bhfeictear don chóras faoi láthair go bhfuil riachtanas ann daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú.
Fadhb mhór eile a bhí ann ná nach raibh dualgais reachtúla i gceist le go leor de na sáruithe a bhí á ndéanamh ar chearta teanga daoine.
Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh an mhíthuiscint ann le linn na paindéime go mbíonn na bunchearta teanga a bhíonn ag an saoránach ag brath ar acmhainní agus tosaíochtaí an stáit.
Tá meon ann, dar leis, gur nuair is tábhachtaí agus is práinní an tseirbhís gur lú an riachtanas go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í.
Is maith ann an dea-mhéin ó thaobh na teanga ach dualgas reachtúil is ea dualgas reachtúil, a dúirt an Coimisinéir Teanga.
“Is maith a aithnítear an tábhacht a bhaineann le stádas, siombalachas agus comhionannas measa. Is cóir gach leas a bhaint as an dea-mhéin agus an chomhthoil chun go gcuirfí lenár dtuiscint choitianta ar chearta teanga in Éirinn.
“San am céanna, má dhaingnítear ceart teanga go reachtúil is ann don tnúthán réasúnach go mbainfí lánúsáid as an gceart céanna agus go ndéanfadh an Stát agus comhlachtaí poiblí freastal dá réir ar an bpobal teanga.”
Dúirt an Coimisinéir Teanga gur gá a rá amach nach mbíonn cearta reachtúla teanga ag brath ar acmhainní ná tosaíochtaí an stáit.
“Is ceart a rá go soiléir nach bhfuil an teidlíocht reachtúil seirbhís a fháil as Gaeilge ag brath ar thosca, tosaíochtaí ná acmhainn an chomhlachta phoiblí.
“Níor cheart go mbeadh coimhlint idir na gníomhartha tromchúiseacha náisiúnta a bhí agus atá idir lámha agus dualgais i dtaca le cearta teanga.”
Fág freagra ar '‘Dá mbeadh paindéim eile ann tharlódh an rud céanna ó thaobh na Gaeilge’ – an Coimisinéir Teanga'