Dá mbeadh ort foireann a roghnú as sárpheileadóirí na Gaillimhe agus Chiarraí idir 1997-2001…

Agus Ciarraí agus Gaillimh ag tabhairt aghaidh ar a chéile Dé Domhnaigh i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann, féachann Tuairisc.ie siar ar an ré órga sin scór blianta ó shin nuair ba iad ríthe na peile

Dá mbeadh ort foireann a roghnú as sárpheileadóirí na Gaillimhe agus Chiarraí idir 1997-2001…

Fiche bliain ó shin a bhuaigh Ciarraí Craobh Peile na hÉireann den chéad uair le haon bhliain déag. Chuir an bua sin tús le tréimhse forlámhais do Chiarraí agus do Gaillimh, a bhuaigh ceithre Chraobh Uile-Éireann eatarthu idir 1997 agus 2001.

D’imir na foirne a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann agus i gcluiche ceannais athimeartha na hÉireann sa bhliain 2000, nuair a fuair Ciarraí an ceann is fearr ar fhoireann an iarthair tar éis sárchluiche. Ba iad na Gaillimhigh, a bhuaigh a gcéad Chraobh le 32 bliain i gcoinne Chill Dara i 1998, a bhí ag ceiliúradh arís sa bhliain 2001 nuair a bhí an lá leo i gcoinne na Mí i gcluiche ceannais na hÉireann.

Chas na foirne ar a chéile arís i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann in 2002 ach bhí bua bog ag Ciarraí agus tús á chur acu le ré órga eile fad agus a bhí Gaillimh ar thairseach gorta eile a mhaireann go dtí an lá inniu. D’imir na foirne a chéile dhá uair sa chraobh ó shin, i gcluichí ceathrú ceannais in 2008 agus 2014, ach cé go raibh dianchoimhlint sa bháisteach eatarthu in 2008 ní raibh an iomaíocht eatarthu chomh géar céanna ó bhí peileadóirí an dá chontae ina ríthe ar Chraobh na hÉireann idir 1997 agus 2001.

Ar mhaithe leis an spraoi, agus chun léargas a thabhairt ar fheabhas na sárfhoirne ón ré sin, tá foireann roghnaithe ag Tuairisc.ie ar a bhfuil na himreoirí is fearr ón dá chontae idir 1998 agus 2001.


Declan O’Keeffe

Léiriú ar cé chomh maith agus a bhí O’Keeffe nár tugadh a dheis do Dhiarmuid Murphy, an cúl báire ab fhearr a bhí ag Ciarraí riamh, b’fhéidir, gur éirigh fear an Rátha Mhóir as an imirt idirchontae.

Michael McCarthy

Duine de na cosantóirí is fearr riamh ag Ciarraí, bhí sé tapa, sciliúil agus lán de dhíocas. B’fhéidir nár tuigeadh do dhaoine díreach cé chomh maith agus a bhí sé go dtí gur éirigh sé as ach ba iad muintir Chiarraí a bhí buíoch nuair a d’fhill sé ar an bhfoireann in 2009 chun bonn uile-Éireann eile a bhuachan agus níos mó saoirse aige mar leathchúlaí láir an babhta seo.

Seamus Moynihan

Duine de na himreoirí peile is fearr a chuaigh chun páirce riamh, chaith Moynihan an chuid is mó den tréimhse seo mar lánchúlaí, cé nárbh é sin an áit ba dual dó. Peileadóir iltréitheach, a bhí tapa agus cróga ach seans gurb iad na buanna is mó a bhí aige ná a ghoile chun catha agus an léamh iontach a bhí aige ar an gcluiche.

Tomás Mannion

Fathach fir, cé gurbh é Pádraic Joyce a fuair gradam laoch na himeartha i gcluiche ceannais 2001, thug Mannion taispeántas uaidh sa chluiche sin a bhí inchurtha le haon taispeántas a thug aon chosantóir riamh i gcluiche ceannais. Níorbh aon údar iontais é sin do lucht leanta dílis na Gaillimhe, a mbeadh Mannion áirithe acu ar dhuine de na cosantóirí ab fhearr riamh ag an gcontae.

Declan Meehan

D’aimsigh Meehan ceann de na cúil ab fhearr a scóráladh riamh i gcluiche mór i bPáirc an Chrócaigh sa chluiche athimeartha i gcoinne Chiarraí sa bhliain 2000. Níorbh é an t-imreoir ab airde é ach ba bheag duine a bhí ábalta coinneáil leis maidir le luas agus cumas. Ba bhreá le duine é a fheiceáil ar an bpáirc sa lá inniu agus an oiread sin béime ar an ‘transition’ idir cosaint agus ionsaí.

Tomás Ó Sé

Ba le linn na tréimhse sin a thosaigh Ó Sé ag bláthú mar cheann de na himreoirí leathchúil ab fhearr riamh. Insíonn an méid a bhain fear Ard an Bhóthair amach a scéal féin. Naoi gCraobh Shinsir na Mumhan, cúig bhonn uile-Éireann, cúig ghradam All-Star.

Seán Óg de Paor

Dála Meehan, ba iontach an radharc é fear na Ceathrún Rua a fheiceáil agus é ag imeacht cosa in airde ar an ionsaí ach bhí sé stuama, stuifiúil i mbun cosanta freisin. Léirigh an pointe a fuair sé i gcluiche ceannais na hÉireann 1998 na buanna ar fad a bhí aige. Sárpheileadóir a bhainfeadh áit amach ar aon fhoireann.

Kevin Walsh

Fathach lár páirce, táthar ann i nGaillimh a déarfadh nár aimsíodh a chomharba riamh. Ceannaire den chéad scoth agus bhraith Gaillimh uathu go mór é sa chéad chluiche ceannais sa bhliain 2000, tráth a raibh gortuithe ag cur as dó.

Darragh Ó Sé

Dá mbeadh aon duine ag cur gearrliosta de na himreoirí lár páirce is fearr riamh le chéile, is cinnte go mbeadh Ó Sé go mór sa treis. Bhí sé ina rí na spéire i bPáirc an Chrócaigh ar feadh i bhfad agus bhí cumas iontach ann an rud ceart a dhéanamh nuair ba mhó a raibh gá leis.

Ja Fallon

“Ja’s the man,” a dúirt seanfhear sa scannán A Year ’til Sunday agus ba bheag duine de mhuintir na Gaillimhe a d’easaontódh leis. Imreoir ealaíonta a raibh na scileanna ar fad aige, mar a léirigh na trí phointe a fuair sé i gcluiche ceannais 1998. Go deimhin, agus a óráid bhuacach á tabhairt ag Séamus Moynihan sa bhliain 2000, ghéill sé go m’fhéidir gur scéal eile a bheadh ann dá mbeadh fear Réalta Thuama ar fáil do Gaillimh.

Michael Donnellan

Is beag rud a thug níos mó sásaimh do lucht na peile le linn na tréimhse sin ná Michael Donnellan a fheiceáil ag imeacht ar ruathar ar lánluas, cé nach mbeadh an cion céanna air acu siúd a bhíodh ag iarraidh breith air. De réir pobalbhreith a rinne RTÉ in 2005, ba é an ruathar a rinne Donnellan i gcluiche ceannais 1998 chun pointe a chruthú do Sheán Óg de Paor an ‘Greatest GAA Moment’ le 40 bliain. Is minic imreoirí fíorthapa ann ach ba eisceacht é Donnellan mar go raibh na bunscileanna ar fad aige chomh maith.

Dara Ó Cinnéide

Bhí meabhair eisceachtúil pheile ag fear na Gaeltachta atá sa chúigiú háit ar liosta phríomhnaoscairí Chiarraí ach bhí an Cinnéideach chomh maith i mbun stiúradh na himeartha agus a bhí sé ag aimsiú na scóranna.

Maurice Fitzgerald

D’imigh Maurice agus tháinig Gooch ach dar le mórán gurbh é Fitzgerald fós an bas orthu uile. Bhí sé naoi mbliana ar an mbóthar sular éirigh leis a chéad bhonn uile-Éireann a fháil i 1997 ach mairfidh a ghaiscí roimhe sin agus ina dhiaidh i gcuimhne na ndaoine. ‘The Maurice Fitzgerald Final’ a thugtar ar chluiche ceannais 1997 inar aimsigh sé naoi bpointe. Draoi.

Pádraic Joyce

Ó tháinig sé ar an bhfód i 1998 go dtí gur éirigh sé as in 2012, bhí an sárpheileadóir seo ina lóchrann ag Gaillimh. Ba bheag imreoir a bhí chomh cruinn leis. Níor imir sé go maith sa chéad leath i gcluiche ceannais 2001 ach léirigh sé an mianach suaithinseach a bhí ann sa dara leath agus faoin am go raibh an cluiche thart bhí deich bpointe ar fad aimsithe aige, cúig cinn leis an gcos dheas agus cúig cinn leis an gcos chlé ealaíonta sin.

Mike Frank Russell

Corn Uí Ógáin. Craobh Mhionúir na hÉireann. Craobh Faoi-21 na hÉireann. Corn Mhic Shigiúir. Cúig Chraobh Shinsir na hÉireann. Craobh Shinsir Club na hÉireann. Corn an Bhóthair Iarainn. Gradam All-Star. Tá na gradaim sin ar fad buaite ag Russell. Fear cúinne den seandéanamh, ba imreoir ealaíonta, dainséarach é a bhí i measc na dtosaithe ab fhearr lena linn.

Fir Ionaid:

Johnny Crowley, Liam Hassett, Derek Savage, Tom O’Sullivan, Éamonn Fitzmaurice, Joe Bergin, Aodán Mac Gearailt, Seán Ó Domhnaill, Gary Fahey,


Fág freagra ar 'Dá mbeadh ort foireann a roghnú as sárpheileadóirí na Gaillimhe agus Chiarraí idir 1997-2001…'