‘Dá mbeadh deich gcluiche eatarthu bhuafadh Luimneach ceithre cinn. Bíodh an Domhnach ar cheann acu!’

AN CLUICHE CEANNAIS: Labhair Tuairisc.ie le Damien Quigley iarlaoch de chuid Luimnigh faoin gcluiche ceannais, faoi John Kiely agus faoi cén fáth gur maith í an óige uaireanta

‘Dá mbeadh deich gcluiche eatarthu bhuafadh Luimneach ceithre cinn. Bíodh an Domhnach ar cheann acu!’

Damien Quigley i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1996. Pictiúr: INPHO

Is beag duine a bhfuil aithne níos fearr aige ar bhainisteoir Luimnigh ná a chomrádaí Damien Quigley. D’imir fear na bPiarsach le John Kiely do Luimneach agus roinn siad teach le chéile nuair a bhí siad sa choláiste.

Na tréithe is mó a shamhlaíonn Quigley lena chara ná a mhacántacht agus a dhílseacht.

“Duine an-dílis go deo é agus tuigeann na himreoirí go ndéanfaidh John Kiely gach is féidir leis chun iad a chosaint. Duine macánta é agus mar sin is cuma cén cinneadh a dhéanfaidh sé, tuigeann na himreoirí nach chucu atá sé agus go mbíonn gach cinneadh bunaithe ar a bhfuil ag tarlú ar an bpáirc traenála.

“Déanann daoine beag is fiú uaireanta de chuid de dhea-thréithe an dea-bhainisteora. Is iontach an duine é. Fear ionraic, nach mbíonn aon bhuaileam sciath ag baint leis é agus duine é a bhfuil a chroí i Luimneach. Rud mór is ea é sin. Tá a chroí sa rud agus tuigeann na himreoirí é sin. Tuigeann siad go dtabharfaidh sé aire dóibh agus gurb é leas an uile dhuine acu is cás leis. Rud eile ná nach bhfuil aon ego ag baint leis. Ego ar bith.”

Déantar go leor cainte faoi shárbhainisteoirí ach, dar le Quigley gur cineál áirithe ceannaire a theastaíonn ó fhoirne ar leith ag tréimhsí ar leith.

“Bhí baint ag John le nach mór gach gaisce atá déanta ag Luimneach le seacht nó ocht mbliana anuas, seachas bua na bliana seo caite sa chraobh faoi 21. Tá ráite aige gur buntáiste an-mhór dó an cúpla bliain a thug sé le John Allen, gur iontach an deis foghlama a bhí ann dó. Ní deachtóir é John Allen mar bhainisteoir, is maith leis go mbeadh smacht ag na himreoirí ar a gcinniúint féin. Tá John Kiely mar a chéile.

“Tá an struchtúr ceart agus na daoine cearta againn i Luimneach. Níorbh fhíor sin i gcónaí. Bíonn an áirithe sin cumais in aon fhoireann agus tá Luimneach ag dul gar go maith do bharr a gcumais a bhaint amach faoi láthair. Ní fhéadfá a bheith ag súil le mórán eile agus déarfainn gur beag duine i Luimneach nach bhfuil sásta leis an obair atá ar siúl acu.”

John Kiely ©INPHO/Ryan Byrne

Is beag duine a shíl ach oiread go mbláthódh Luimneach chomh tapa seo, ach deir Quigley nach ionann an fhoireann seo agus foirne óga eile.

“Ba mhaith leat i gcónaí go dtarlódh sé an-thapa ach is dócha go bhfuil ciall cheannaithe againne mar gheall ar an méad a tharla ag tús na mílaoise nuair a bhuamar trí chraobh Uile-Éireann faoi 21 as a chéile agus nuair nár tháinig aon bhorradh mór faoi chúrsaí dá bharr.

“Mar sin féin, bheadh a fhios agat go raibh rud éigin ábhairín éagsúil faoi na leaideanna seo, go bhfuil stuif níos crua iontu. B’fhéidir gur mar sin atá le himreoirí an lae inniu, mar ón uair a théann siad isteach sna hacadaimh ní bhíonn acu ach an iomáint maidin, lá agus oíche. Déarfá tráth gur laige an óige ach uaireanta is maith í, mar ní bhíonn aon bhagáiste á iompar aici. Is cuma sa sioc leo, níl uathu ach tabhairt faoi. Is buíon iontach imreoirí iad, tá an méid sin léirithe acu, ach táimid níos faide ar aghaidh ná mar a síleadh, is dócha.”

Ach oiread le go leor eile tá Quigley féin an-tógtha le himirt stuama na bhfear óg as Luimneach. An mhuinín atá acu ina bhfoireann bainistíochta agus a gcóras imeartha is mó is cúis leis sin, a deir sé.

“Is é an rud is iontaí faoi Luimneach i mbliana ná ainneoin a n-óige tá stuaim iontach iontu agus iad iontach chun cinneadh a ghlacadh sna 10-15 nóiméad deireanach den chluiche. Is iontach an teist é sin ar an lucht bainistíochta agus ar na himreoirí, go háirithe agus na rudaí cearta á ndéanamh acu nuair a bhíonn an lasóg sa bharrach.

“Déanta na fírinne, ní thógann sé i bhfad agus níl sé deacair imreoirí a thraenáil chun stíl áirithe imeartha a úsáid nuair is cluiche dúshláin nó fiú cluiche sraithe atá i gceist agus gan mórán brú orthu. Ach nuair is déine an choimhlint i lár na craoibhe, agus an cluiche ina thine bhruite, sin an uair a fhilleann imreoirí ar an tseanstíl. Ar mhaithe leis na deich nóiméad sin nuair a bhíonn an cluiche idir dhá cheann na meá a bhíonn an traenáil go léir.”

Fágann an fhéinmhuinín sin gur beag seans go ndéanfaidh Luimneach aon athrú rómhór ar a gcur chuige Dé Domhnaigh.

“Ní rachaidh siad chun páirce le stop a chur le himirt na Gaillimhe, imreoidh siad a gcluiche féin. Beidh plean acu chun deiléail le Gaillimh ach ní athróidh a gcur chuige féin ó bhun do Ghaillimh. Déanfaidh siad athrú beag anseo agus ansiúd, ach ní féidir foireann a ullmhú i gceart agus gan sa cheann agat ach stop a chur leis an dream eile.”

Síleann Quigley go gcaithfear glacadh leis go mbeidh a dtréimhse in uachtar ag Gaillimh Dé Domhnaigh, mar a bhí go minic i mbliana.

“Is é an cleas ná gan ligean leo ach 1-3 nó sé chúilín a fháil agus ní naoi nó deich gcinn. Má éiríonn leo scrios a dhéanamh agus má bhíonn farasbarr naoi gcúilín acu dá bharr, tá do chosa nite. B’fhéidir go n-éireodh leat breith orthu ach faoin am sin beidh tú tugtha traochta.”

“Ach beidh a dtréimhse in uachtar féin ag Luimneach agus mura ligfidh Luimneach do Ghaillimh faobach a dhéanamh le linn a dtréimhse máistreachta, beidh seans ceart acu.”

Fuair Damien Quigley féin 2-3 nuair a chaill Luimneach cluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Uíbh Fhailí i 1994 agus is maith a thuigeann sé an tábhacht a bhaineann leis na naoscairí istigh.

“Sárimreoir é Conor Whelan agus é ar fheabhas i mbliana. Déarfainn gur ar Sheán Finn a leagfar an cúram é a chur faoi chois. Cúram an-tábhachtach go deo a bheidh ansin d’fhoireann Luimnigh. D’fhéadfadh gurbh iad an dá choimhlint ba chinniúnaí ná Whelan agus Finn agus Aaron Gillane agus líne lánchúil na Gaillimhe. Shamhlóinn go mbeidh Daithí Burke ag faire Gillane. Is iontach an lánchúlaí é ach tá Gillane i mbarr a mhaitheasa agus beidh an-chomhrac eatarthu.Beidh an imirt lár páirce fíorspéisiúil, ach cúl nó dhó a dhéanfaidh an dochar agus Whelan agus Gillane is túisce a gheobhadh iad.”

Is iad Gaillimh curaidh na hÉireann, ar ndóigh, agus a stádas mar rogha na n-údar tuillte dá bharr acu, dar le Damien Quigley.

“40-60 atá ann. Dá n-imreodh Luimneach in aghaidh na Gaillimhe deich n-uaire, bhuafaidís ceithre cinn agus bhuafadh Gaillimh sé cinn. Tá súil le Dia agam go mbeidh cluiche an Domhnaigh ar cheann de na ceithre cinn sin!”

Fág freagra ar '‘Dá mbeadh deich gcluiche eatarthu bhuafadh Luimneach ceithre cinn. Bíodh an Domhnach ar cheann acu!’'